Má bronnadh pas taistil ort ach má tháinig athrú ar do chuid pleananna ó shin, is é an t-aon rud is féidir leat a dhéanamh do rannpháirtíocht a tharraingt siar (féach B.9) mar ní ceadmhach duit an pas taistil a aistriú chuig duine de do chuid cairde. Sa bhreis air sin, tá gach pas taistil nasctha le duine ar leith. Ní féidir é a athrú ná é a aistriú chuig duine éigin eile.
Má chuireann ball de do ghrúpa, nó ceannaire an ghrúpa, a phleananna taistil ar ceal, ní chuirfidh an cinneadh sin isteach ar na daoine eile atá sa ghrúpa. Beidh na daoine eile a bheidh fágtha sa ghrúpa in ann taisteal mar a beartaíodh. Ní féidir duine eile a chur in ionad an duine a tharraing siar. Bronnfar an pas taistil nár úsáideadh ar iarratasóir ar an liosta ionadaithe.