Skip to main content
Submitted by Roxanne VAN DE… on
Draw lines
Yes
Color
#878687
Cities/Points
Name
Novo Mesto
Country
Slóivéinis
Population
36000
Why visit?

Is mithid iompú ar an iompar glan agus dul i muinín na traenach! Léim den traein i Novo Mesto na Slóivéine. Is baile é seo a bhfuil ceangal aige leis an dúlra, agus ba mhór é tionchar an cheangail sin ar an stair a bhaineann leis an mbaile féin. Tá rudaí ann a chuirfidh faoi gheasa ar fad thú. Orthu sin tá caisleán aoibhinn Otočec atá istigh i lár oileáin ar abhainn an Krka, cnocáin Trška Gora atá breac le fíonghoirt agus le teachíní, agus iontais eile nach iad. Ní fearr rud a dhéanfá ná dul go Breg go bhfeice tú sean-sráideanna na háite. Tá busanna leictreacha le fáil sa bhaile seo le tamaillín anuas – léim ar cheann acu má éiríonn tú bréan de bheith ag siúl. Tá sé i gceist ag Novo Mesto a bheith ina chathair chliste faoi 2030. Táthar ag obair i gcomhar le Telekom Slovenije agus le SAP Slovenija chun bonneagar Cathair Chliste a fhorbairt agus a shuiteáil ar fud na cathrach. 

Image
Novo Mesto
Coordinates
45.8036171,15.1521761
Tags with icon
Sustainable technology
Intelligent Cities Challenge
Smart city
Name
Vín
Country
an Ostair
Population
1767000
Why visit?

Willkommen in Wien! * An té a bheadh ag taisteal san Eoraip, níor mhór dó tarraingt ar phríomhchathair seo na hOstaire - tá na páláis go hórnite álainn ann, agus is iomaí duine cáiliúil a chónaigh ann le himeacht na mblianta (an sárchumadóir Mozart, Klimt na péintéireachta, agus Christoph Waltz, atá ina réalta Hollywood). Bhain Vín áit amach i mbabhta ceannais ghradam Phríomhchathair Nuálaíochta na hEorpa sa bhliain 2020, agus táthar ag féachaint le cathair chliste a dhéanamh di ar mhaithe le caighdeán maireachtála mhuintir na háite a fheabhsú. Chun barr tairbhe a bhaint as do chuid ama in Vín, íoslódáil an aip Ivie, agus cuir ceist ar bith atá agat ar aip bota comhrá na cathrach. A bhuí leis an Vienna Pass, is fusa a bheidh sé ort dul ag breathnú ar na hiontais.Tabharfaidh sé rochtain saor in aisce duit ar bhreis agus 60 ceann de mhúsaeim agus de na hionaid a mbíonn tóir ag turasóirí orthu. Agus más é mian do chroí dul ag breathnú ar shaothar Klimt, ní fearr áit a rachfá ná Músaem Vín - is ann atá an bailiúchán is mó ar domhan dá chuid ealaíne. 

Image
Vín
Coordinates
48.2205564,16.0929904
Tags with icon
City app
European Capital of Innovation
City app
Name
Brno
Country
Cróitis
Population
380000
Why visit?

Is é ‘Deirfiúrín Vín’ a thugtar ar an gcéad stad eile ar d’aistear. Meas tú cá bhfuil sé? Tugtar ‘Croí Ceilte na hEorpa’ ar Brno freisin, agus beidh tú faoi gheasa ar fad agus tú ag féachaint ar ailtireacht neo-Renaissance an bhaile, ar bhreáthacht Loch Brno, agus ar niamhracht na gcaisleán. Agus tú sa chathair rómánsúil seo de chuid na Seicia, suas leat go dtí barr shean-halla na cathrach, áit ar féidir leat lán do shúl a bhaint as na radhairc iontacha saor in aisce. Tóg sos agus ól caifé ar chearnóg mhór Náměstí Svobody faoi na foirgnimh ildaite neo-Renaissance. Sheol an chathair a coincheap chun bheith ina Cathair Chliste in 2015 agus é mar aidhm aici líonra iompair cliste a chur ar bun, foirgnimh a théamh agus a shoilsiú ar bhealach níos éifeachtúla ó thaobh an fhuinnimh de agus teagmháil dhigiteach idir na saoránaigh agus an rialtas a éascú. 

Image
Brno
Coordinates
49.2021611,16.5079211
Tags with icon
Smart city
Intelligent Cities Challenge
City app
Name
Košice
Country
an tSlóvaic
Population
239000
Why visit?

An áit ealaíonta atá uait? Cuir Košice le do thuras DiscoverEU! Tá Košice suite sa chuid is faide soir den tSlóvaic. Is Cathair Chruthaitheach na nEalaíon Digiteach de chuid UNESCO é agus tá sé ina mhol domhanda do dhaoine atá ag obair i réimse na n-ealaíon digiteach. Tá stádas na cathrach mar phríomhionad nuálaíoch do na healaíona digiteacha á neartú a bhuí le tionscadail atá maoinithe ag an Aontas Eorpach, cuir i gcás Košice 2.0, clár a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le tionscadail cheannródaíocha sna hearnálacha digiteacha agus teicneolaíochta ar mhaithe leis an gcathair a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe. Agus tú in Košice, siúl síos sráid Hrnčiarska ar a dtugtar ‘Lána na Ceardaíochta’ freisin. Más mian leat cuimhneacháin a cheannach, ní fearr áit a rachfá ná an tsráid chiúin dhoirneogach seo, áit a bhfuil siopaí ag go leor ceardaithe áitiúla inar féidir leat teacht ar mhil, earraí bróidnithe agus ceirmeacha, cístí agus luibheanna áitiúla fiú.

Image
Kosice
Coordinates
48.6975566,21.0991104
Tags with icon
Startup hotspot
City app
Sustainable technology
Name
Debrecen
Country
an Ungáir
Population
202000
Why visit?

Tá níos mó le feiceáil in Debrecen ná mar a shílfeá ar dtús! Seo roinnt fáthanna ar cheart duit an chathair Ungárach seo a chur le do thuras DiscoverEU. Is é Debrecen an dara cathair is mó san Ungáir. Tá sé suite ar an Machaire Mór Thuaidh agus tá a lán áiteanna glasa ann. Áit shuaimhneach shítheach is ea Páirc Nagyerdei ina bhfuil talamh coille, cosáin saindeartha, saothair ealaíon agus conair rothaíochta. Tá sé mar uaillmhian ag Debrecen córas cliste um bainistiú fuinnimh a chur i bhfeidhm go hiomlán chun astaíochtaí a laghdú 80% faoin mbliain 2050. Agus tú ann, bí ag faire amach le haghaidh na gcód QR atá suite in áiteanna éagsúla ar fud na cathrach agus a chuireann eolas cothrom le dáta ar fáil do thurasóirí, bain leas as an WiFi saor in aisce timpeall na cathrach agus ar na tramanna, agus coinnigh do ghléasanna luchtaithe ag an Muisiriúin Fuinnimh, pointe luchtaithe grianchumhachtaithe i lár na cathrach. 

Image
Debrecen
Coordinates
47.5310609,21.5200997
Tags with icon
Sustainable technology
Free public charging
Free public Wi-Fi
Name
Cluj-Napoca
Country
an Rómáin
Population
323000
Why visit?

Is áit iontach é Cluj-Napoca le cuairt a thabhairt air. Tá cearnóga áille, sráideanna ceilte, caiféanna as an ngnáth agus siamsaíocht oíche bheoga le fáil ann. Tugadh aitheantas don chathair Rómánach seo mar Phríomhchathair Eorpach na hÓige 2015 agus mar an chéad chathair in Oirthear na hEorpa a bhain an chéim dheiridh amach i nGradam Phríomhchathair Nuálaíochta na hEorpa 2020. Tá líonra 18 mball the WiFi ar fáil saor in aisce sa chathair a bheidh áisiúil chun roinnt aistriúcháin chúirtéiseacha a lorg nó do bhealach a dhéanamh i lár na cathrach. Agus tú in Cluj, glac roinnt ama chun do scíth a ligean i gcrandaí sa Pháirc Lárnach, tabhair cuairt ar Pháirc Eitneagrafaíochta Romulus Vuia chun níos mó a fhoghlaim faoi stair na Trasalváine, agus téigh i measc na mac léinn áitiúil i gceann de na tithe tábhairne beoga ar shráid Piezișă. 

Image
Cluj-Napoca
Coordinates
46.7834818,23.5464729
Tags with icon
Free public Wi-Fi
European Capital of Innovation
City app