Tá Porto suite cois cósta sa Phortaingéil, agus déanfaidh tú iontas d’ailtireacht ildaite fhuinniúil na cathrach. Tá áit speisialta ann don nuálaíocht agus don chuimsitheacht, agus bronnadh deontas ón Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ar an gcathair le déanaí don tionscadal Porto Think Tank.
Is in Porto freisin atá an tionscadal um Chuimsiú Soch-Chomhshaoil, arb é is aidhm dó eolas luachmhar faoi speicis plandaí leighis a bhailiú, a scaipeadh agus a thabhairt do na glúine atá le teacht.
Gabh ag spaisteoireacht timpeall chomharsanacht bhríomhar Ribeira chun a bheith tumtha in atmaisféar meánaoiseach Porto. Is ceantar é atá ar liosta láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO, agus tá go leor áiteanna le suí cois farraige ann chun taitneamh a bhaint as an atmaisféar agus chun bia na háite a thriail. Agus tú ann, bain lán do shúl as ealaín bhríomhar sráide na cathrach, agus is cinnte go mbeidh tú spreagtha ag múrphictiúir ildaite iontacha na háite.
Tabhair ruaig ar an bhfoirgneamh sár-nua-aimseartha Casa da Música – foirgneamh geoiméadrach naoi n-urlár ina bhfuil halla ceolchoirme speisialta. Agus mura mbíonn do sháith ailtireacht chomhaimseartha agat ina dhiaidh sin, déan cinnte agus cuairt a thabhairt ar Chríochfort Crúsála bíseach i gCalafort Leixões.
Ainmníodh roinnt tionscadal atá bunaithe in Porto do Dhuaiseanna 2021 Bauhaus Eorpach Nua (NEB). Bhain an stiúideo dearaidh ildisciplíneach Theform an babhta ceannais amach mar ‘Rising Star’ nó tionscadal atá ag teacht chun cinn. Díríonn an stiúideo ar eispéiris thumthacha shaincheaptha, comhchruthú, agus monaraíocht dhigiteach.
Is in Águeda a cuireadh an Tionscadal spreagúil agus cuimsitheach ‘Umbrella Sky’ ar bun. Is éard atá i gceist leis an tionscadal scáthanna fearthainne ildaite a chrochadh ar chuid de shráideanna na cathrach. In Águeda cuirtear fáilte roimh dhuine ar bith atá mealltach ag an atmaisféar bríomhar ann. Tabhair cuairt ar an gcathair bhríomhar Phortaingéalach seo agus feicfidh tú an chaoi a mbíonn tionchar ag dathanna ar aeistéitic na cathrach, agus ar mhothúchán daoine freisin.
An cur chuige nuálach atá ag Águeda, is léiriú é ar spiorad Bauhaus Eorpach Nua (NEB), agus cuireann leis an eispéireas turasóireachta freisin trí thionscnaimh mar aipeanna móibíleacha a chuidíonn leat do thuras timpeall na cathrach a phleanáil, agus lárionaid comhroinnte rothar a thugann bealach duit chun dul timpeall na sráideanna ildaite.
Ach bí cinnte agus eolas a chur ar an taobh meánaoiseach de Águeda freisin. Tabhair cuairt ar Lamas do Vouga chun breathnú ar Ponte Medieval do Rio Marnel – droichead pictiúrtha a tógadh thar abhainn Marnel in 1200 – agus bain taitneamh as picnic suaimhneach cois abhann. Díol spéise eile don phobal is ea Féile Ealaíne AgitÁgueda sa chathair, rud a chuireann go mór lena tírdhreach cultúrtha. Meallann sé ceoltóirí éagsúla agus cuireann sé an ealaín uirbeach chun cinn trí shuiteáin ealaíne éagsúla a chruthú sa chathair agus ar na foirgnimh.
Cóngarach don chathair, in Aveiro, is féidir leat dul trí na canálacha ar bhád adhmaid traidisiúnta darb ainm ‘moliceiro’, agus cuairt a thabhairt ar thuama na Banphrionsa Joana – sainchomhartha ildaite barócach atá déanta as marmair.
Is seod ceilte é Badajoz i réigiún Extremadura na Spáinne, léiriú ar luachanna Bauhaus Eorpach Nua (NEB) tríd an infheistíocht chomhsheasmhach a dhéanann an chathair chun iar-láithreáin thionsclaíocha a athchóiriú agus a athbheochan. Mar shampla, bronnadh Duais Bauhaus Eorpach Nua ar an tionscadal áitiúil LaFábrika detodalavida sa chatagóir ‘Spásanna uirbeacha agus tuaithe athbheoite’ as a chur chuige inbhuanaithe agus chuimsitheacha.
In Badajoz is féidir le cuairteoirí roinnt tírdhreacha uirbeacha agus nádúrtha suimiúla a fheiceáil. Súigh isteach dathanna iontacha na cathrach ar thuras timpeall ar a cearnóga áille agus ar a foirgnimh stairiúla atá caomhnaithe go maith. Téigh ag spaisteoireacht timpeall Plaza de San Francisco, suigh ar bhinse lámh-mhaisithe le tíleanna majolica, agus siúil an bealach ar fad go Puerta de Palmas agus ar ais go dtí Renaissance, ag trasnú dhroichead Puente de Palmas ar Abhainn Guadiana.
Agus déan cinnte de nach gcaillfidh tú sárshaothar uirbeach Badajoz – Plaza Alta, cearnóg dhronuilleogach ghalánta a bhfuil áirsí ann atá maisithe i móitífeanna traidisiúnta agus ildaite Mudéjar.
Spreagfaidh atmaisféar bríomhar buan phríomhchathair na Spáinne aon duine a thugann cuairt uirthi. Is eiseamláir nua-aimsearthachta í Maidrid, áit a ndéantar athchóiriú breá ar shainchomharthaí uirbeacha. Sampla maith de sin is ea CaixaForum Madrid, seanstáisiún cumhachta ina reáchtáltar taispeántais ealaíne comhaimseartha spreagúla na laethanta seo.
Chomhaontaigh Comhairle Cathrach Mhaidrid le déanaí páirt a ghlacadh i gclár ‘Taispeántóir Cathracha Inbhuanaithe agus Sláintiúla’ EIT Climate-KIC, rud a fhágann go bhfuil Maidrid ar cheann de na cathracha a bhfuil sé mar aidhm acu astaíochtaí a laghdú 65% faoi 2030.
Gar d’fhoirgnimh dhearga Plaza Mayor, sa cheantar cónaithe Carabanchel aimseoidh tú ailtireacht iontach ina bhfuil meascán suimiúil de dhath agus foirm. Tá foirgneamh amháin ann ina bhfuil 18 n-árasán agus é cosúil le ciúb ollmhór ildaite de phicteilíní, agus tá ceann eile ann a chuirfeadh an cluiche Tetris i gcuimhne duit. Tá tionscadal tithíochta poiblí ann in Carabanchel ar léiriú é ar an úsáid níos ceannasaí is féidir a bhaint as dathanna agus fíorspiorad luachanna Bauhaus Eorpach Nua (NEB). Phéinteáil na hailtirí tithe simplí tithíochta poiblí le dathanna geala éagsúla, toisc gur measadh gurbh féidir le dathanna tionchar dearfach a imirt ar mheon daoine. Níl aon dabht ach go bhfaighidh tú spreagadh ó intinn ealaíonta spraíúil ailtirí na Spáinne agus tú ag cur eolas ar bhunbhrí Bauhaus Eorpach Nua.
Dóibh siúd ar spéis leo áiteanna uirbeacha glasa, is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Sorolla, áit ar féidir taitneamh a bhaint as saothair ealaíne bhríomhara Joaquín Sorolla agus as suaimhneas ghairdíní an mhúsaeim. Gabh ag spaisteoireacht timpeall Pháirc bhríomhar Madrid Río, páirc atá lán le séadchomharthaí stairiúla, áiseanna fóillíochta agus cultúir atá ar aon dul le bithéagsúlacht na háite. Agus más ealaíontóir tú féin, tapaigh an deis cuairt a thabhairt ar an eagraíocht neamhbhrabúis Concomitentes, atá ag obair chun cruthú agus scaipeadh saothar ealaíne a chur chun cinn ó bhí 2018 ann.
Tá Barcelona suite ar chósta na Spáinne, agus tá spiorad Bauhaus Eorpach Nua (NEB) le brath go tréan ann. Tá saibhreas ann freisin i dtaca le claochlú inbhuanaithe sainchomharthaí uirbeacha. Bronnadh gradaim ar an iliomad tionscadal ag Gradaim Bauhaus Eorpach Nua 2021, agus ar an gcaoi sin tá Barcelona ag réiteach an bhealaigh le haghaidh rabharta nua d’ailtireacht uirbeach inbhuanaithe. Tionscadal mór amháin is ea Díon Xifré: Gairdín Fiáin ‘Ar Snámh’, bunaithe ar an athnuachan ailtireachta agus ar an gcomhchuibheas leis an gcomhshaol.
Is in Barcelona freisin atá buaiteoir Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha 2022 – Gradam Mies van der Rohe lonnaithe: La Borda – tithíocht chomhoibritheach le Lacol. Bíonn tionchar ag an athrú polaitiúil agus uirbeach ar an tionscadal seo agus tá sé bunaithe ar roghanna atá inbhuanaithe go sóisialta agus go heacnamaíoch.
Léirítear spiorad bríomhar cuimsitheach na cathrach go hiomlán i sraith foirgneamh iontacha ar a bhfuil teist an datha agus na hinrochtaineachta araon. Spreagfaidh atmaisféar teolaí agus dathanna Parc Güell thú agus tú ag déanamh iontais den chumasc de shaothair Gaudi leis an dúlra agus le croí uirbeach na cathrach.
Is teist ar nua-aimsearthacht Barcelona freisin an líon foirgneamh fuinneamhéifeachtúil atá ann. Ceann díobh sin is ea Torre Glòries – an scríobaire spéire is airde sa chathair – a athraíonn dath i rith an lae de réir mar a ghluaiseann an ghrian trasna a dromchla fhrithchaitigh.
Is í Corcaigh an dara cathair is mó in Éirinn agus tá sí faoi bhláth le blianta beaga anuas. Tar éis roinnt tionscadal a bhaineann leis an inbhuanaitheacht uirbeach, an inrochtaineacht uirbeach agus an fhorbairt uirbeach, tá rath ar Chorcaigh anois maidir le bunluachanna Bauhaus Eorpach Nua. A bhuí leis an aird a thugann Cathair Chorcaí d’fholláine na ndaoine agus an chomhshaoil, tá an iliomad gradam faighte ag an gcathair do thionscadail mar Dhroichead Cavanagh, agus an taobh amuigh nua-aoiseach de ghailearaí ealaíne Glucksman atá déanta as painéil adhmaid.
Foghlaim faoi thaobh stairiúil na cathrach agus tabhair cuairt ar Ardeaglais Naomh Fionnbarra, sainchomhartha Gotach atá suite i dtírdhreach breá glas ón 12ú haois. Nó bain lán do shúl as radhairc chathair Chionn tSáile atá in aice láimhe. Deirtear gurb é Cionn tSáile an baile is ildaite in Éirinn. Agus mura mbíonn do sháith agat ansin, 25 nóiméad soir ó dheas ó Chorcaigh tá Cóbh, áit ar féidir siúlóid dheas a dhéanamh go dtí Ardeaglais Naomh Colmán, agus tuilleadh tithe ildaite agus sráideanna bríomhara thart ort.