Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Is clár maoiniúcháin de chuid an Aontais Eorpaigh é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, clár a chruthaíonn deiseanna do dhaoine óga obair dheonach a dhéanamh agus a dtionscadail dlúthpháirtíochta féin a reáchtáil a théann chun tairbhe do phobail ar fud na hEorpa.

Rinne Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker, an tionscnamh a fhógairt le linn na hóráide ar Staid an Aontais Eorpaigh a thug sé i mí Mheán Fómhair 2016, agus seoladh go hoifigiúil é i mí na Nollag 2016. Tuilleadh eolais

A luaithe atá an próiseas simplí clárúcháin curtha i gcrích ag rannpháirtithe, is féidir le heagraíochtaí tairiscint a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i réimse mhór tionscadal. Na heagraíochtaí a bheidh i gceannas ar na tionscadail seo, is eagraíochtaí iad a ndearnadh seiceáil orthu agus atá údaraithe tionscadail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a reáchtáil.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
Weight
5