Skip to main content
Picture of Celia (portrait)

Ag breathnú siar ó 2040

Celia, an Ghréig, Age 15

Tá súil agam nach mbeidh tábhacht le dath, inscne ná creideamh amach anseo

2040 atá ann, agus is fada ó bhí mé san ardscoil. Is cuimhin liom go mbíodh daoine ag déileáil leis an gciníochas de shíor, is cuimhin liom dochar á dhéanamh ar fud an domhain agus is cuimhin liom daoine ag troid chun deireadh a chur leis an éagóir. A bheith gorm, a bheith aerach, a bheith i do bhean, áit ina bhféadfadh rudaí nach raibh smacht agat orthu breithiúnas a tharraingt ort. Is cuimhin liom na póilíní ag marú daoine gorma, is cuimhin liom daoine aeracha a bheith scoite amach ón saol mór, Is cuimhin liom mná a in go leor áiteanna ar fud an domhain a maraíodh toisc go ndeachaigh siad ar scoil. An rud is aistí, measadh gur áit chairdiúil an domhan an t-am sin. 2040 atá ann, agus is anois a thuigim go raibh an domhan míchairdiúil agus contúirteach. Anois tá sé ina scéal eile. Tá céim chun tosaigh glactha ag an domhan a chuireann le hathruithe sa chóras dlí, cé nach bhfuil intinn daoine áirithe athraithe.

Mothúchán

Nuair a smaoiním ar an todhchaí bím fiosrach faoi na dúshláin a d’fhéadfadh a bheith os mo chomhair agus uaireanta bíonn imní orm nach n-éireoidh liom.

Tionchar

Ceapaim go bhfuil tionchar agam ar an todhchaí, de bharr na ngníomhartha a bheidh á ndéanamh agam mar oibrí amach anseo agus mar chuid de ghrúpa sóisialta.

 

Updated on An Luan, 10/01/2022

dehaze