Skip to main content

Erasmus+

Mar dhuine óg, is féidir leat páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí Erasmus+. 

Beidh ort iarratas a dhéanamh ar roinnt acu trí d’ollscoil, d’ionad oiliúna nó trí eagraíocht eile. 

Déanann d’eagraíocht iarratas ar dheontais chun tionscadail Erasmus+ a reáchtáil, agus maoiníonn na deontais sin do chuid rannpháirtíochta. 

Faigh tuilleadh eolais faoi na gníomhaíochtaí ar féidir leat iarratas a dhéanamh orthu

 

Soghluaisteacht foghlama 

  • Soghluaisteacht daltaí 

Mar dhalta, is féidir leat suas le mí amháin a chaitheamh i dtír eile, mar chuid de ghrúpa nó leat féin.  

Tuilleadh eolais 

 

  • Soghluaisteacht mac léinn 

Tá deiseanna staidéir i dtír eile ar fáil ar leibhéal Baitsiléara, Máistreachta nó Dochtúireachta. 

Féach leat conas staidéar a dhéanamh i dtír eile 

Tacaíonn Erasmus+ freisin le tréimhsí oiliúna (sochrúcháin oibre, intéirneachtaí, etc.) i dtíortha eile do mhic léinn atá cláraithe san ardoideachas. Tá na deiseanna seo ar fáil do chéimithe nua chomh maith. 

Faigh tuilleadh eolais faoi thréimhsí oiliúna do mhic léinn 

Cuireann roinnt institiúidí ardoideachais Máistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus ar fáil agus reáchtáiltear iad i dtíortha éagsúla. 

Faigh tuilleadh eolais faoi chláir staidéir Erasmus Mundus 

Tá maoiniú breise ar fáil do mhic léinn atá faoi bhac coirp nó meabhrach nó a bhfuil fadhbanna sláinte acu. Tá an ceart ag mic léinn na seirbhísí tacaíochta céanna a fháil a chuireann institiúidí glactha ar fáil do mhic léinn áitiúla. 

Faigh tuilleadh eolais faoi mhaoiniú breise 

 

Soghluaisteacht foghlama seachfhoirmiúla 

  • Malartuithe ógra 

Tugann Malartuithe Ógra grúpaí daoine óga ó thíortha éagsúla le chéile le maireachtáil le chéile agus obair a dhéanamh ar chomhthionscadail ar feadh tréimhsí gearra. 

Is lasmuigh de thimpeallacht na scoile a dhéantar na malartuithe ógra. Má dhéanann tú malartú, beidh tú páirteach i ngníomhaíochtaí cosúil le ceardlanna, cleachtaí, díospóireachtaí, rólimirt, gníomhaíochtaí amuigh faoin aer agus go leor eile. 

Aithnítear eispéiris foghlama na rannpháirtithe trí Youthpass

Fad ama: Idir 5 agus 21 lá a mhaireann na malartuithe ógra. Níl an t-am taistil san áireamh ansin. 

Coinníollacha: Is féidir le daoine atá idir 13 agus 30 bliain d’aois malartú ógra a dhéanamh. Le bheith i do cheannaire grúpa le linn malartú ógra, caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad. 

Is eagraíochtaí don aos óg, grúpaí neamhfhoirmiúla de dhaoine óga nó eagraíochtaí eile a bhainistíonn na malartuithe ógra. 

 

  • Gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige 

Tugann gníomhaíochtaí rannpháirtíochta óige deis do ghrúpaí daoine óga páirt a ghlacadh sa tsochaí shibhialta agus sa saol eacnamaíoch, sóisialta, cultúrtha agus polaitiúil. Ach páirt a ghlacadh, is féidir leo a dtuairimí a chur in iúl maidir le hábhair atá tábhachtach dóibh. 

I measc na samplaí de ghníomhaíochtaí a dtacaítear leo tá ceardlanna, díospóireachtaí, feachtais múscailte feasachta, bualadh le cinnteoirí ar líne nó duine le duine, imeachtaí cultúrtha, agus tuilleadh nach iad. 

Reáchtáltar gníomhaíochtaí lasmuigh de thimpeallachtaí foirmiúla oideachais nó oiliúna. Is féidir torthaí foghlama na rannpháirtithe a shainaithint agus a dhoiciméadú trí Youthpass

Fad ama: Is féidir le tionscadail maireachtáil ar feadh idir 3 agus 24 mhí. San áireamh leis sin tá céimeanna ullmhúcháin, céimeanna cur chun feidhme agus céimeanna leantacha. Is féidir meascán de ghníomhaíochtaí éagsúla (níos giorra) a bheith mar chuid de gach tionscadal. 

Cé atá in ann páirt a ghlacadh: Is féidir le daoine atá idir 13 agus 30 bliain d’aois páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí óige. 

Ba cheart na gníomhaíochtaí a bheith faoi stiúir na hóige agus is féidir le grúpaí neamhfhoirmiúla daoine óga nó eagraíochtaí a oibríonn le daoine óga iad a chur i bhfeidhm. 

Conas iarratas a dhéanamh: Ní féidir iarratas díreach a dhéanamh ar dheontas mar dhuine aonair. Ní mór d’eagraíocht nó do ghrúpa daoine óga iarratas a dhéanamh. 

I gcás ina ndéanann eagraíocht iarratas, ba cheart do dhaoine óga a bheith rannpháirteach go gníomhach fós ag gach céim den tionscadal. 

Cén áit ar féidir iarratas a dhéanamh? Ba cheart d’eagraíochtaí cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin a nGníomhaireachta Náisiúnta chun deiseanna maoinithe a chuardach agus chun iarratas a dhéanamh orthu. 

Is féidir leis an nGníomhaireacht Náisiúnta i do thír tacaíocht a thabhairt duit freisin má theastaíonn cabhair uait chun eagraíocht rannpháirteach oiriúnach a aimsiú nó má bhíonn aon cheist agat. 

 

  • DiscoverEU agus gníomhaíocht maidir le cuimsiú DiscoverEU

Tugann DiscoverEU an deis do shaoránaigh atá 18 mbliana d’aois eolas a chur ar an Eoraip trí eispéiris foghlama. Is ar thraein a bheidh tú ag taisteal den chuid is mó (cé go mbeidh eisceachtaí ann i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu ar oileáin nó i gceantair iargúlta) agus cuirfidh tú eolas ar thírdhreacha iontacha na hEorpa agus ar an éagsúlacht mhór cathracha agus bailte atá ann.

Faigh tuilleadh eolais faoi DiscoverEU

Gníomhaíocht maidir le Cuimsiú

Mar chuid de ghníomhaíocht DiscoverEU, tá maoiniú sonrach ar fáil do dhaoine óga ar lú na deiseanna atá acu an Eoraip a thaisteal. Is féidir leo tacaíocht bhreise a fháil chun constaicí a shárú a bhaineann le hiarratas a dhéanamh agus le taisteal.

Is é is aidhm don ghníomhaíocht sin teagmháil a dhéanamh leo siúd nach ndéanfadh iarratas as a stuaim féin de ghnáth agus iad a chur san áireamh.

Léigh na critéir mhionsonraithe measúnaithe tionscadail agus an próiseas iarratais

 
  • Soghluaisteacht le haghaidh oibrithe óige 

Tacaíonn Erasmus+ le forbairt ghairmiúil oibrithe don óige trí shealanna a chur ar fáil dóibh le traenáil nó líonrú a dhéanamh thar lear. 

I dtaca le tréimhsí thar lear, d'fhéadfadh aon cheann díobh seo a leanas a bheith i gceist: cúrsaí traenála, cuairteanna staidéir, scáthfhoghlaim nó tréimhsí breathnaithe. 

Fad ama: Ní mór do shoghluaisteacht le haghaidh oibrithe óige maireachtáil idir 2 lá agus 2 mhí. Níl an t-am taistil san áireamh ansin. 

Coinníollacha: Más mian leat dul go dtí tír eile faoi choimirce Erasmus+ mar oibrí óige, caithfidh an eagraíocht lena mbaineann tú a bheith mar chuid de thionscadal soghluaisteachta don óige i gcomhar le hinstitiúid nó le heagraíocht eile. 

 

Faigh tuilleadh eolais: Erasmus+