© Pavan Trikutam - Unsplash
Blaiseadh a fháil ar an Eoraip: foghlaim faoi sheirbhísí tacaíochta de chuid an Aontais!
An nuashonrú is déanaí an An Luan, 06/09/2021
An bhfuil sé i gceist agat bogadh go tír eile ar feadh tréimhse ghearr nó go fadtéarmach? Ar bhog tú cheana agus an raibh deacrachtaí agat le cúrsaí riaracháin? Tá roinnt seirbhísí de chuid an Aontais ar fáil chun tacú leat ar d’eachtra Eorpach!
An bhfuil ceisteanna ginearálta nó ceisteanna dlí agat maidir le do chearta san Aontas Eorpach?
Tá Europe Direct ann chun ceisteanna atá ag saoránaigh faoin Aontas a fhreagairt. Tugann sé cúnamh dóibh siúd a bhíonn ar thóir eolais faoi bheartais, institiúidí, cláir agus deiseanna cistiúcháin an Aontais. Cuireann Europe Direct comhairliúcháin dhíreacha ar fáil agus tugtar freagra ar fhiosruithe ar an bhfón agus ar ríomhphost.
Cad iad na céimeanna a chaithfidh tú a chur i gcrích nuair má chinneann tú aistriú chuig tír eile san Aontas? Tá an freagra ar an suíomh An Eoraip Agatsa! Tugtar go leor eolais duit ar an suíomh gréasáin faoi do chearta ar fud na hEorpa chomh maith le comhairle phraiticiúil agus leideanna áisiúla maidir le ceisteanna, cuir i gcás a bheith ag maireachtáil, ag staidéir, ag obair, ag siopadóireacht, ag taisteal san Aontas.
Ar mhaith leat dul ag staidéar, ag obair nó obair dheonach a dhéanamh i dtír eile san Aontas?
Féach ailt eile ar Thairseach Eorpach na hÓige, go háirithe an rannán “Téigh go dtí tír eile”. Gheobhaidh tú go leor scéalta, leideanna agus eolas iontaofa ansin.
Téigh chuig Eurodesk ina dhiaidh sin! Tá an saineolas ag an tseirbhís eolais don óige sin chun an t-eolas ar fad a thabhairt duit maidir le deiseanna soghluaisteachta go hidirnáisiúnta. Tá os cionn 1,600 iolraitheoir áitiúla de chuid Eurodesk, as 36 thír, réidh chun cuidiú leat. Úsáid an léarscáil le féachaint cé is ceart dul i dteagmháil leo i do cheantar agus faigh eolas faoi na céadta deiseanna don óige ar Aimsitheoir Deiseanna Eurodesk!
An bhfuil spéis agat dul ag obair i dtír eile? Cuireann EURES comhairliúchán agus eolas saor in aisce ar fáil do dhaoine atá ag lorg poist i dtíortha eile na hEorpa. Déanann sé bainistíocht freisin ar an gclár “Do Chéad Phost EURES”. D’fhéadfá freisin dul i dteagmháil le do Lárionad Náisiúnta Europass chun eolas a fháil faoi CV Europass, áis iontach agus post á lorg agat i dtír eile.
An bhfuil spéis agat dul ag staidéar i dtír eile? Is líonra Eorpach cleachtóirí oideachais agus fostaíochta é Euroguidance, agus tugann gairmithe an líonra eolas agus treoir maidir le soghluaisteacht foghlama idirnáisiúnta do dhaoine atá ag cuardach deiseanna staidéir agus oiliúna i dtír eile. Is féidir leat dul i dteagmháil le d’ionad náisiúnta acmhainní agus eolais.
An bhfuil aitheantas uait ar do chuid staidéir? Is é ENIC-NARIC Líonra Eorpach na Lárionad Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil agus Soghluaisteacht a chuireann eolas agus comhairle ar fáil maidir le haitheantas acadúil san Aontas Eorpach agus i dtíortha comhpháirtíochta i dtaca le dioplómaí a eisíonn institiúidí i dtír eile agus le páirt-staidéir a chuirtear i gcrích iontu.
Ar bhog tú cheanna agus an bhfuil fadhb agat i do thír chinn scríbe?
Is iontach an rud é an domhan a thaisteal. Mar sin féin, fad agus a bhíonn tú ag foghlaim faoin domhan, cuirtear dris chosáin i do bhealach in amanna. Má bhíonn ort dul i ngleic le rialacha i dtír eile nach bhfuil aon chiall leo dar leat nó má thagann siad salach ar chinn eile, is féidir le Comhairle de chuid An Eoraip Agatsa tacú leat le do cheisteanna dlí agus tá SOLVIT ann chun cuidiú leat i gcás nach dtugtar urraim do do chearta.
Láimhseálann SOLVIT fadhbanna trasteorann idir saoránaigh nó cuideachtaí agus rialtais náisiúnta. Má tá tú ag staidéar i dtír eile, nó ag obair inti, nó má tá fonn ort bogadh go tír eile, seans go dtiocfaidh fadhbanna chun solais ag pointe éigin. Ar thaobh amháin, caithfidh tú aird a thabhairt ar dhlíthe na tíre sin, ach ar an taobh eile, mar shaoránach den Aontas, tá cearta áirithe agat freisin a d’fhéadfadh teacht salach ar na dlíthe sa tír sin ina bhfuil cónaí ort. Seo a leanas cúpla sampla:
- Ní thugtar aitheantas do do chreidiúintí oideachais
- Ní féidir leat clárú mar mhac léinn
- Ní féidir leat cead cónaithe a fháil, cé go bhfuil tú incháilithe lena aghaidh
- Ní thugtar aitheantas do do cheadúnas tiomána
Tá a lárionad SOLVIT féin ag gach Ballstát, chomh maith leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Is féidir leat gearán a dhéanamh le ceann de na lárionaid sin agus déanfaidh siad a ndícheall an cheist a réiteach, saor in aisce. Is é an chéad rud a chaithfidh tú a dhéanamh gearán a dhéanamh leis an lárionad SOLVIT i do thír dhúchais. Cinnteoidh siad an bhfuil fadhb agat i ndáiríre agus an bhfuil an t-eolas go léir atá uathu acu.