© European Space Agency
An bhfuil tú fiosrach faoin gcruinne? Tá deiseanna le fáil leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis
An nuashonrú is déanaí an An Satharn, 19/09/2020
Cuireann an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis deiseanna oiliúna de chineálacha éagsúla ar fáil do dhaoine óga ó Bhallstáit de chuid na gníomhaireachta agus ó Stáit chomhoibritheacha san Eoraip. Faigh amach cé acu is fearr a oireann duitse!
Oiliúint do chéimithe óga
Is clár é seo a chuireann an deis ar fáil bliain a chaitheamh faoi oiliúint le pá, liúntas taistil agus clúdach sláinte san áireamh, i dtimpeallacht spreagúil idirnáisiúnta agus ilchultúrtha. Beidh tú in ann taithí an-tairbheach a fháil ar fhorbairt agus ar fheidhmiú na misean spáis. Céimí faoi oiliúint a bheidh ionat, beidh sé de chúram ort cuidiú le tionscadal, agus beidh meantóir de chuid na gníomhaireachta agat a chuideoidh leat.
Gach bliain i lár mhí na Samhna fógraítear folúntais oiliúna ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, ach foilsítear poist bhreise i rith na bliana ar fad. Bíodh súil amuigh agat mar sin!
Le bheith incháilithe, caithfidh céim a bheith bainte amach agat le déanaí, nó caithfidh tú a bheith sa bhliain dheireanach de chéim mháistreachta i ndisciplín teicniúil nó eolaíoch. Lena chois sin, caithfidh tú a bheith i do shaoránach de Bhallstát de chuid na gníomhaireachta, as ceann de na Stáit chomhoibritheacha san Eoraip, as an tSlóivéin nó as Ceanada.
Le hiarratas a chur isteach, i dtosach caithfidh tú clárú agus próifíl iarrthóra a chruthú duit féin ina mbeidh do CV agus litir inspreagtha, ansin caithfidh tú an fhoirm iarratais a bhaineann leis an bhfolúntas a líonadh isteach ar líne. Ná dearmad nach féidir leat ach aon iarratas amháin a chur isteach: má chuireann tú isteach ar níos mó ná folúntas amháin, cuirfear na hiarratais ar fad uait as an áireamh!
Clár Comhaltachta le haghaidh Taighde Iardhochtúireachta
Más eolaí nó innealtóir óg thú, is féidir leat comhaltacht taighde dhá bhliain a dhéanamh sa Ghníomhaireacht Eorpach Spáis i ndisciplíní éagsúla a bhaineann leis an spáseolaíocht, le feidhmeanna spáis agus le teicneolaíochtaí spáis. Bíonn an deis ann an tríú bliain a chur leis an gclár freisin.
Le hiarratas a dhéanamh, caithfidh céim dhochtúireachta/PhD i ndisciplín teicniúil nó eolaíoch a bheith bainte amach agat le déanaí, nó nach mór críochnaithe agat. Tabharfar tús áite d’iarrthóirí a chuirfidh iarratas isteach laistigh de chúig bliana tar éis dóibh an PhD a bhaint amach.
Lena chois sin, caithfidh tú a bheith i do shaoránach de Bhallstát de chuid na gníomhaireachta, as ceann de na Stáit chomhoibritheacha san Eoraip, as an tSlóivéin nó as Ceanada.
Is féidir leat iarratas a chur isteach am ar bith le linn na bliana a fhoilsítear folúntais ar an leathanach atá ag an ngníomhaireacht i gcomhair deiseanna fostaíochta.
Maille leis an bhfoirm iarratais, cuir isteach do CV, liosta dá bhfuil foilsithe agat, teistiméireachtaí, do theastas dochtúireachta agus cur síos mionsonraithe ar do thionscadal taighde (5 leathanach ar a mhéad).
Intéirneachtaí le haghaidh mic léinn
Má tá tú fós i mbun staidéir, is féidir intéirneacht a dhéanamh sa ghníomhaireacht, ó 3 mhí go 6 mhí, mar chuid de do chúrsa céime. Cuirtear na hintéirneachtaí seo ar fáil i réimsí teicniúla agus i réimsí neamhtheicniúla araon. Ní bheidh aon phá ag dul duit agus tú i mbun intéirneachta, ach gheobhaidh tú liúntas €300 más áitritheoir thú agus €600 mura áitritheoir thú. Ní áitritheoir thú má tá cónaí ort breis agus 50km ón suíomh. Gheobhaidh mic léinn a bhfuil riachtanais speisialta acu an liúntas neamh-áitritheora gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu.
Le hiarratas a dhéanamh, caithfidh tú a bheith i do shaoránach de Bhallstát de chuid na gníomhaireachta nó ceann de na Stáit chomhoibritheacha san Eoraip. Ní mór duit a bheith cláraithe in ollscoil ar feadh thréimhse iomlán na hintéirneachta. B’fhearr dá mbeifeá sa bhliain dheireanach nó leathdheireanach de chúrsa ollscoile ar leibhéal máistreachta nó a chothrom, i ndisciplín teicniúil nó eolaíoch.
Le hiarratas a chur isteach, i dtosach caithfidh tú clárú agus próifíl iarrthóra a chruthú duit féin ina mbeidh do CV agus litir inspreagtha.