Skip to main content
© Markus Spiske - Unsplash © Markus Spiske - Unsplash

Cúrsaí oiliúna leis an Aontas Eorpach

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 30/09/2020

Gach bliain, cláraíonn thart ar 1,900 duine óg le cúrsa oiliúna ar pá san Aontas Eorpach, rud a thugann an deis dóibh a gcuid scileanna pearsanta agus gairmiúla a mhéadú, a gcuid cáilíochtaí pearsanta a shaothrú, agus an cur amach atá acu ar an Aontas a fheabhsú.

Eagraíonn formhór institiúidí an Aontais Eorpaigh cúrsaí oiliúna do chéimithe ollscoile óga agus is iondúil go maireann na cúrsaí sin idir trí agus cúig mhí.
Sa Bhruiséil a bhíonn na cúrsaí oiliúna ar siúl den chuid is mó, ach eagraítear i Lucsamburg, in Strasbourg agus in áiteanna eile ar fud an Aontais iad freisin. 
Tá deis ann chun cúrsaí oiliúna a dhéanamh sa Choimisiún Eorpach, i bParlaimint na hEorpa, i gComhairle an Aontais Eorpaigh, sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus i neart eintitis eile.
Beidh do chuid oibre ag brath ar an roinn dá sannfar thú: mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeifeá ag obair i réimse dhlí na hiomaíochta, na n-acmhainní daonna, bheartas an chomhshaoil, na cumarsáide, na hóige, an aistriúcháin, etc.
Sula gcuireann tú iarratas isteach, seiceáil na critéir incháilitheachta mar d’fhéadfadh sé nach ionann iad sna hinstitiúidí go léir.
Is cinnte nár cheart go mbeadh dhá mhí as a chéile caite agat ag obair in institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht de chuid an Aontais agus gur cheart dhá theanga ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais a bheith ar do thoil agat.
 
Déanann institiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais na nósanna imeachta roghnúcháin do na cúrsaí oiliúna a reáchtáil iad féin. Mar sin, iarrtar ort suíomh na hOifige Eorpaí um Roghnú Foirne agus Opportunity Finder Eurodesk a sheiceáil go rialta, áit ar féidir teacht ar fhaisnéis cothrom le dáta faoi na poist is déanaí atá ar fáil.