Skip to main content
© European Union © European Union

Tabhair cuntas ar do thaithí oibre deonaí ar mhaithe le deiseanna fostaíochta níos fearr!

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 14/05/2025

I gcás an Aontais Eorpaigh, breathnaítear ar an obair dheonach mar léiriú ar an tsaoránacht ghníomhach, mar chosán foghlama agus mar ghníomhaíocht atá riachtanach chun luachanna daonlathacha, dínit an duine agus comhionannas a fhorbairt.

Cuidíonn obair dheonach leat freisin do chéad deis fostaíochta eile a aimsiú agus tá uirlisí éagsúla forbartha ag an Aontas Eorpach chun cuidiú leat leis an bpróiseas! 

Is éacht mhór d’aon duine óg é a bheith páirteach i dtionscadal deonach. Deis atá ann chun inniúlachtaí sóisialta agus pearsanta a fhorbairt agus taithí ghairmiúil luachmhar a fháil, chun cabhrú le hobair foirne idirchultúrtha, fadhbanna cruthaitheacha a réiteach, teanga iasachta a úsáid agus gnáthchúraimí laethúla á mbainistiú, maireachtáil go neamhspleách i dtír Eorpach eile agus neart rudaí eile nach iad. 

Cuidíonn na heispéiris sin le fás pearsanta na rannpháirtithe, agus cuidíonn siad leo chomh maith deiseanna a aimsiú ar ghairmeacha agus ar chosáin foghlama. 

Taithí ar obair dheonach: luach breise mór nuair a bhítear ar thóir poist

Má tá taithí agat ar an obair dheonach cheana féin, ar an leibhéal áitiúil nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, déan cinnte i gcónaí do mhachnamh a dhéanamh ar an méid a d’fhoghlaim tú ón obair sin. Bíonn meas ag fostóirí ar thaithí den sórt sin go hiondúil. 

Is maith an rud é i gcónaí a bheith in ann na torthaí foghlama a bhain le hobair dheonach a mhíniú i rith agallaimh agus é a chur ar do CV freisin. Bíonn meas ag fostóirí go mór mór ar thras-scileanna, cuir i gcás solúbthacht, neamhspleáchas, iontaofacht, cruthaitheacht, agus a bheith in ann rud a dhéanamh as do stuaim féin. Cén chaoi ar fhorbair tú na scileanna sin agus neart scileanna eile, le linn na hoibre deonaí?

Tá sé tábhachtach go mbeifeá in ann cur síos mion a dhéanamh ar na misin a cuireadh i gcrích, agus na scileanna agus an t-eolas a fuarthas, díreach mar a bheifeá in ann a dhéanamh le taithí oibre. Beidh sé níos fearr arís má tá tú in ann na scileanna sin a nascadh leis na riachtanais san fhógra poist!

Obair dheonach: taithí oibre i do CV Europass

Tá uirlis saor in aisce ar líne cruthaithe ag an Aontas Eorpach uirlis duit chun Curriculum Vitae a úsáidtear ar fud na hEorpa a chruthú, curriculum a chuireann d’eispéiris foghlama ar feadh do shaoil san áireamh, CV Europass. Tá an uirlis sin in ann tacú leat chun gairm bheatha bhreá a bhaint amach agus chun do chuid inniúlachtaí, idir inniúlachtaí gairmiúla agus inniúlachtaí idirdhisciplíneacha, a aithint.

De réir Europass, ba cheart cur síos a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí oibre deonaí, socrúcháin ar pá nó gan phá nó cúrsaí oiliúna sa rannán “Taithí Oibre” de do CV. Féadfaidh tú freisin na hinniúlachtaí a bhain tú amach le linn seal oibre deonaí a chur isteach faoin rannán “Scileanna Pearsanta”. 

Seachas sin, is féidir iarscríbhinn Soghluaisteacht Europass a chur leis an CV Europass, ina bhfuil cur síos ar obair dheonach a rinne tú i dtír eile. Ní mór don institiúid a sheol go tír eile thú an doiciméad sin a líonadh isteach. 

Féach an suíomh gréasáin go bhfeicfidh tú cén chaoi a mbainfidh tú an leas is fearr as an uirlis seo nó téigh i dteagmháil leis an bpointe teagmhála Europass i do thírse.

Aitheantas a thabhairt d’obair dheonach: an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Erasmus+

Tá an Deimhniú Ógphas ar fáil do gach rannpháirtí de chuid Erasmus+ Óige agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i ngach formáid tionscadail. Ón uair a seoladh é in 2007, tá os cionn 1 mhilliún deimhniú Ógphas eisithe do rannpháirtithe!

Is é is aidhm dó cur ar chumas na rannpháirtithe na torthaí foghlama a fuair siad ó na cláir a chur i láthair agus a chur in iúl. Cuidíonn sé freisin chun feasacht a ardú agus na torthaí a bhíonn ar fhoghlaim daoine óga agus a gcuid rannpháirtíochta i gcláir Óige an Aontais Eorpaigh a aithint.

Ba cheart go dtuigfí gur próiseas atá i gceist le Ógphas. Is léiriú leanúnach é a chabhraíonn chun monatóireacht a dhéanamh ar fhoghlaim na rannpháirtithe. Féachann eagraíochtaí a úsáideann Deimhniú Ógphas le cáilíocht agus infheictheacht a gcuid oibre a fheabhsú agus foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a aithint ar fud na hEorpa.

Is féidir tuilleadh eolais ar Ógphas, samplaí deimhnithe, físeáin agus rudaí eile nach iad a fháil ar shuíomh gréasáin Ógphas.