Skip to main content
Photo by Scott Graham on Unsplash © Photo by Scott Graham on Unsplash

Fostaíocht san Eoraip

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 21/10/2020

An bhfuil tú ag iarraidh dul isteach sa mhargadh oibre ach b'fhéidir nach bhfuil tú cinnte cá dtosóidh tú ag cuardach? Is iomaí deis atá ar fáil ar fud na hEorpa, faigh amach conas iad a aimsiú díreach anseo!

Réitigh chun d'iarratais a sheoladh

Níl sé éasca a bheith ar thóir poist, ach má bhíonn tú réidh sula ndéanfaidh tú iarratas, beidh an chuid eile éasca! Déan cinnte go mbeidh na céimeanna seo tugtha chun críche agat sula bhfostófar thú sa chaoi is go mbeidh níos mó seans agat post a fháil.

1. Cuir do CV in oiriúint don phost atá uait

A luaithe a bheidh an post atá uait aimsithe agat, cuir ina luí orthu gur tusa an duine is fearr don phost! Cuir i gcás, má bhíonn iarratas á dhéanamh agat ar phost iriseoireachta, taispeáin an bealach cruthaitheach atá leat a mhéid is féidir i do thaithí. Is minic a bhíonn sonraí le haghaidh ról sonrach in easnamh i CVanna ginearálta, déan cinnte mar sin go mbeidh do cheannsa leagtha amach i gceart don phost!

2. Cuir do mheáin shóisialta in eagar

Cabhraíonn sé uaireanta le d'iarratais má bhíonn do chuntas LinkedIn chun dáta, agus taispeántar i do chuid tvuíteanna an spéis ar leith atá agat sa réimse ina bhfuil tú ag déanamh iarratais. Ar an gcaoi chéanna, má tá rud éigin ann nár mhaith leat go bhfeicfeadh fostóir ar do CV é, seans gur cheart é a chur i bhfolach. Chun tuilleadh leideanna a fháil ar conas an tairbhe is fearr a bhaint as do mheáin shóisialta, caith súil ar an mír iontach seo ó EURES!

3. Déan taighde ar an eagraíocht

Fad atá tú ag fanacht ar fhreagra, déan taighde ar thionscadail reatha na heagraíochta, agus bíodh moltaí agat faoi conas is féidir leat iad a fheabhsú. Léireoidh sé sin do chuid spéise agus go bhfuil tú toilteanach oibriú don chuideachta ar a bhfuil tú ag déanamh iarratais! 

4. Téigh i dteagmháil agus déan fiosruithe

Ná bíodh drogall ort dul i dteagmháil leis an gcuideachta agus ceist a chur faoi d'iarratas, beidh tú ag taispeáint go bhfuil spéis agat ann agus go bhfuil tú ar bís le tosú!

5. Cá bhfaighidh tú obair?

I do thír féin, féadfaidh tú dul i dteagmháil i gcónaí le do sheirbhís fostaíochta phoiblí áitiúil chun an post is fearr a aimsiú duitse.

Má tá tú toilteanach oibriú níos faide ó bhaile, féach ar an Tairseach Eorpach EURES um shoghluaisteacht ó phost go chéile agus Laethanta Poist na hEorpa: imeachtaí earcaíochta a thugann cuardaitheoirí poist agus fostóirí le chéile. Ní hamháin go dtiocfaidh tú ar dheiseanna earcaíochta ansin ach gheobhaidh tú eolas agus comhairle phraiticiúil freisin. Má tá tú ar thóir cúrsa oiliúna téigh chuig Aimsitheoir Deiseanna Eurodesk. Tugtar na hacmhainní sin ar fad cothrom le dáta go minic, agus taispeántar folúntais ar fud na hEorpa!

Seo a leanas suíomhanna den chineál céanna a fhógraíonn poist san Eoraip:

 
Nár aimsigh tú aon rud?

Mura n-éiríonn leat aon rud is spéis leat a aimsiú, an smaoineofá faoi oibriú go deonach? Is bealach iontach é le cúnamh a thabhairt agus an domhan a fheiceáil ag an am céanna, agus bíonn éagsúlacht mhór tionscadal ar fáil. Is deis iontach é an obair dheonach freisin leis na scileanna a theastaíonn don áit oibre a fhorbairt, scileanna ar nós eagrúcháin agus bainistiú ama! Seiceáil clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus ár rannán ar ‘Obair dheonach’ chun tuilleadh eolais a fháil. B'fhéidir go n-éireodh leat ceann a fheilfidh duit a aimsiú anseo.