Skip to main content
Submitted by Flora DUSSINE on
Draw lines
Yes
Color
#00ff00
Cities/Points
Name
Antuairp
Country
an Bheilg
Population
530000
Why visit?

Sna 1980idí, ghlac ‘An Seisear as Antuairp’ seilbh ar dhomhan an fhaisin leis an bhfís shainiúil radacach a bhí acu ar an bhfaisean. Sa lá atá inniu ann, tá a gcuid oidhreachta fós le feiceáil i ModeMuseum Antuairp, áit a bhfuil saothair leis an seisear dearthóirí bunaidh le fáil. Tá Acadamh Ríoga na Mínealaíne ar maos sa stair agus tá ceantar faisin ar leith sa chathair le beagnach 70 lipéad dúchasach. Nuair a thagann tú isteach go hAntuairp, bainfidh Stáisiún Lárnach Antwerp siar asat, agus is minic go mbíonn an stáisiún ar liostaí de na stáisiúin traenach is áille ar domhan. Agus tú ar an mbaile, bain triail agus roinnt seacláidí ag Náisiún na Seacláide, an músaem seacláide Beilgí is mó ar domhan.

Image
Pictiúr de chathair Antuairp
Coordinates
51.2606116,4.2176908
Tags with icon
European Capital of Culture
UNESCO World Heritage List
Historic Architecture
Rich in Music
Notable Museums
Name
Lille
Country
an Fhrainc
Population
907000
Why visit?

Gar don teorainn idir an Fhrainc agus an Bheilg, tá cathair Lille, áit is féidir teacht ar dhá Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO, cloigtheach na cathrach agus cuan mianadóireachta Nord-Pas de Calais ina measc. Tá cáil ar an gcathair as lása Lille a tháirgeadh, lása spóilín éadrom agus bhí go mór chun tosaigh sa tionscal faisin san 18ú haois. I ngeall ar an ainmniúchán a fuair sí mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2004 agus clár oidhreachta cultúrtha Lille3000 a tháinig as sin, tá an chathair tar éis teacht chun cinn ar cheann de na háiteanna cultúrtha is spreagúla sa Fhrainc le blianta beaga anuas. Nuair a bheidh tú sa chathair, téigh ag spaisteoireacht trí Sheanbhaile Lille agus faigh nochtadh ar na foirgnimh Bharócacha iomadúla agus na tithe galánta ón 19ú haois. Ní mór cuairt a thabhairt freisin ar Palais des Beaux Arts atá ar cheann de na músaeim ealaíne is mó sa Fhrainc.

Image
Tithe i seanbhaile Lille
Coordinates
50.6311298,3.0118785
Tags with icon
European Capital of Culture
Historic Architecture
Notable Museums
Name
Lyon
Country
an Fhrainc
Population
1076800
Why visit?

Is músaem ollmhór faoin aer é Lyon. Ainmníodh 10% den chathair ar fad mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO mar gheall ar an seanbhaile ollmhór ó aimsir an Renaissance agus na fothracha a dhéanann siar go dtí aimsir na Rómánach. Tá traidisiún láidir faisin aige freisin agus tá sé ar thús cadhnaíochta i dtionscal na síoda. Is féidir le gach duine blaiseadh a fháil den chultúr in Lyon a bhuí le cláir chuimsitheachta amhail trealamh inrochtana i leabharlanna agus seirbhís bus atá 100% inrochtana. I ngeall ar thiomantas na cathrach don chuimsitheacht, bronnadh an chéad áit uirthi i nGradam 2018 don Chathair is Inrochtana. Tugtar príomhchathair chócaireachta na Fraince ar Lyon – Paul Bocuse, cócaire de bhunadh na cathrach a bhfuil cáil air mar gheall ar a bhialanna ar ardchaighdeán agus a bhia nuálach, measadh go raibh sé ina údarás ó thaobh bia de chuid na Fraince de. Chun blaiseadh a fháil dá oidhreacht, tabhair cuairt ar cheann den iliomad bialann traidisiúnta ar a dtugtar ‘Bouchons Lyonnais’.
 

Image
Radharc ar chathair Lyon
Coordinates
45.7580052,4.8001107
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Access City Award Winner
Exciting Culinary Options
Name
Turin
Country
an Iodáil
Population
858200
Why visit?

Is féidir teacht ar chaiféanna galánta Art Nouveau feadh búlbhaird le crainn ar an dá taobh díobh ar fud na cathrach seo i dtuaisceart na hIodáile. Leis an iliomad dánlanna ealaíne agus an raon éagsúil stíleanna ailtireachta, tá radharc le feiceáil ann i gcónaí. Is in Turin in 1911 a tharla cor cinniúnach i bhfaisean na hIodáile, agus ar ndóigh, i gcúrsaí faisin ar fud an domhain. Ag Mórthaispeántas Turin, nochtadh an chéad phéire bríste do mhná, iad deartha ag an táilliúir Francach Paul Poiret, rud a chuir tús le réabhlóid faisin. Ceardaíocht den scoth agus scileanna táilliúireachta, is saintréithe iad sin de chur chuige Turin i leith an fhaisin, agus déantar ceiliúradh air sin gach bliain ag Seachtain Faisin Torino. Na caill na radhairc iontacha ar an gcathair atá le fáil ón bhfoirgneamh maorga, an Mola Antonelliana. Ainmníodh an foirgneamh i ndiaidh a ailtire, Alessandro Antonelli, agus beartaíodh ar dtús go mbeadh sé ina shionagóg, ach is san fhoirgneamh sin atá Ard-Mhúsaem na Scannánaíochta lonnaithe anois. Tá an foirgneamh le feiceáil freisin ar bhonn 2 cent na hIodáile.

Image
Séadchomharthaí i lár na cathrach in Turin
Coordinates
45.1576203,6.8288344
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Rich in Music
Exciting Culinary Options
Name
An Veinéis
Country
an Iodáil
Population
256100
Why visit?

Tógadh an Veinéis ar níos mó ná 100 oileán ar an gcósta Aidriadach, agus is minic a meastar go bhfuil sí ar cheann de na cathracha is rómánsúla san Eoraip. Is féidir iontas a dhéanamh de na céadta blianta d’ailtireacht mhór Veinéiseach agus tú ag fánaíocht trí shráideanna lúbacha na cathrach. Is í Baisleac Mharcais an léiriú is fearr den ailtireacht sin. Is minic a dhéantar nasc idir an Veinéis agus traidisiún na mbál ilchasta masquerade, ach tá an teach faisin Iodálach mór le rá Roberta di Camerino lonnaithe sa chathair anois freisin. Tá cáil ar an teach faisin sin as coincheap an mhála láimhe ‘It’ a chruthú – mála so-aitheanta a bhí ina shiombail stádais don úinéir. Leanann an chathair lena traidisiún d’fhaisean saoithiúil a sháraíonn teorainneacha an fhaisin i seomraí taispeántais go leor de na ceardaithe áitiúla.

Image
Gondola ar an uisce sa Veinéis
Coordinates
45.4551712,12.2519287
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Historic Architecture
Exciting Culinary Options