Skip to main content

An bhfuil aon cheann de na speansais seo a leanas san áireamh: árachas taistil, cóiríocht, cothú, árachas nó aon speansais eile a bhaineann leis an turas?

Níl. Níl aon árachas taistil san áireamh faoin tionscnamh. Is faoi fhreagracht an rannpháirtí, agus faoisean amháin, a bheidh an cumhdach árachais. Ina theannta sin, is iad na rannpháirtithe a chaithfidh cóiríocht, cothú, forlíonadh taistil nó aon speansais eile a bhaineann leis an turas a íoc.

Ba chóir do na rannpháirtithe árachas sláinte agus árachas taistil iomchuí a eagrú le haghaidh thréimhse iomlán an turais. Is iondúil go gcuirfidh árachas sláinte náisiúnta an rannpháirtí cumhdach bunúsach árachais sláinte ar fáil tríd an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte le linn dó nó di a bheith ag fanacht i mBallstát eile den Aontas Eorpach . D'fhéadfadh sé nach mbeadh gach cás féideartha san áireamh faoi chumhdach an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte nó faoi chumhdach árachas sláinte príobháideach, go háirithe má bhíonn gá le haisdúichiú nó le sain-idirghabháil leighis. I gcás den sórt sin, is inmholta an rud é árachas príobháideach comhlántach a fháil.