An bhfuil tú ag lorg eispéireas iontach sa Mheánmhuir? Ná déan a thuilleadh moille, cuir an Niocóis le do thuras DiscoverEU! Is í príomhchathair na Cipire an ceann is faide ó dheas de phríomhchathracha Bhallstáit uile an Aontais agus tá daoine ina gcónaí ann go leanúnach le breis agus 4,500 bliain. Tá tírdhreacha áille, bia blasta agus saol cultúrtha bríomhar le fáil ann. Cad é eile a bheadh de dhíth ort le haghaidh turas iontach? Agus tú sa Niocóis, ná déan dearmad dul ar shiúlóid thart ar Pháirc Náisiúnta Athalassa ar páirc ollmhór í, nó ól caife in éineacht leis na Cipirigh i dtábhairne áitiúil. Agus í fréamhaithe go maith ina traidisiúin féin, tá an Niocóis diongbháilte a bheith ina cathair chliste freisin, nó éirí níos cliste mar chathair. Sheol an Bardas a thionscnamh chun bheith ina chathair chliste in 2018, agus tá líonra gan sreang saor in aisce á shuiteáil aige faoi láthair a bhuí le maoiniú ón gCoimisiún Eorpach.
Is í Vaileite príomhchathair Mhálta agus roghnaíodh í mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2018 agus mar láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO – is léir gur seoid cheart í. Agus tú ann, tabhair aghaidh ar Ghairdíní Barrakka Uachtarach timpeall meán lae chun an taispeántas laethúil lámhaigh a fheiceáil ón mbataire cúirtéise is sine ar domhan, b’fhéidir, atá fós i bhfeidhm. Táthar á dhéanamh sin leis na céadta bliain. Agus más ag iarraidh an chathair a fheiceáil ar dhóigh spraíúil atá tú, téigh ar bord ceann de na Malta Fun Trains. Agus é ag tosú os comhair Ardeaglais Naomh Eoin, tabharfaidh sé thú ar thuras 30 nóiméad trí áiteanna nach bhfuil éasca a bhaint amach de shiúl na gcos. Chun eolas níos fearr a chur ar Vaileite agus chun an t-eolas is déanaí a fháil faoina clár cultúrtha, bain úsáid as na moil eolais atá suite sa chathair.
Is é Baile Átha Cliath croí spleodrach na hÉireann, áit a gcuirtear fáilte roimh gach duine mar a bheadh seanchara ann. Cén fáth nach ndéanfá stop ansin? Ná caill Caisleán meánaoiseach Bhaile Átha Cliath, agus téigh ar shiúlóid ar Bhinn Éadair agus faigh radharc ón spéir amach ar bhá Bhaile Átha Cliath. Le haghaidh tuilleadh eachtraíochta agus radhairc iontacha, léim ar cheann de na traenacha a théann feadh chósta iomlán phríomhchathair na hÉireann. Ag luí na gréine téigh chuig ceolchoirm i dTeach Uí Fhaoláin, tábhairne agus ionad aitheanta i mBaile Átha Cliath. Aithníodh Baile Átha Cliath le déanaí mar cheann de na cathracha is cliste ar domhan. Agus tú i bpríomhchathair na hÉireann, beidh tú in ann do chadhnraí a athluchtú ar throscán cliste sráide, ar a bhfuil poirt luchtaithe ghrianchumhachtaithe chomhtháite le haghaidh guthán agus rothar leictreach, Wi-Fi, spás fógraíochta digití, agus córais glasála rothar cliste. Tá an chéad líonra 5G dá chineál ann i mBaile Átha Cliath a úsáideann troscán sráide – boscaí bruscair agus cuaillí, mar shampla – chun a chinntiú go mbeidh ceangal níos fearr ag gach duine sa chathair. Tá dul chun cinn déanta ag Baile Átha Cliath freisin i réimse na hinrochtaineachta; fuair sé moladh ar leith ó na Gradaim don Chathair is Inrochtana in 2011.
An phríomhchathair is faide ó thuaidh ar domhan, tá Réicivíc ar na cathracha is fearr ar domhan freisin do thaistealaithe, a bhuí leis an saol cultúrtha, an tsiamsaíocht oíche, agus na hiontais nádúrtha atá le fáil inti go héasca! Is féidir leat do thuras a thosú trí radharc iontach 360° a fháil thar an gcathair ar fad ó bharr eaglais Hallgrímskirkja, eaglais den stíl eispriseanaíoch atá ina suí os cionn lár na cathrach. Ón áit sin, téigh go dtí Halla Ceolchoirme agus Comhdhála Harpa ar halla íocónach é, agus bain taitneamh as an ailtireacht shuntasach atá le fáil ann. Ní fhéadfaidh na daoine a bhfuil dúil mhór acu sa tsiopadóireacht gan siúlóid ar Laugavegur a dhéanamh, ceann de na sráideanna is sine sa chathair ar a bhfuil tréan siopaí, bialanna agus beár le fáil. B'fhéidir gur mhaith leat stop a dhéanamh ansin le bia speisialta na háite a bhlaiseadh, hákarl (siorc coipthe) san áireamh, nó taitneamh a bhaint as an oíche sna beáir is mó tóir sa chathair. Agus tar éis oíche amuigh, cad chuige nach ndéanfá do scíth a ligean i gceann de na foinsí geoiteirmeacha iomadúla atá ann? Ná cuireadh cúrsaí iompair imní ort: is féidir leat do ghuthán a úsáid chun an bus a úsáid! Níl anseo ach ceann de na bealaí a bhfuil an chathair chliste seo ag úsáid na teicneolaíochta faisnéise, cumarsáide agus teileachumarsáide chun caighdeán na beatha a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe. Taobh amuigh de sin, tá na húdaráis áitiúla tar éis na ranna bardasacha a nascadh, na fóntais phoiblí san áireamh, chun an éifeachtúlacht a fheabhsú, agus tá an teicneolaíocht dhigiteach á húsáid chun leas a bhaint as an bhfuinneamh geoiteirmeach chun an chathair a chumhachtú ar bhealach glas.