Skip to main content
Submitted by Beatriz RODRIG… on
Draw lines
Yes
Color
#8FCDAA
Cities/Points
Name
Lyon
Icon on Map
Country
an Fhrainc
Population
1066000
Why visit?

Téann conair rothaíochta ViaRhôna 815km ar fad trí Lyon, rud a thugann deis do thaistealaithe DiscoverEU eolas a chur ar dheisceart na Fraince ar dhá roth ar bhealach inbhuanaithe. Leanann an rotharbhealach abhainn lúbach an Rhône trí ghleannta agus úlloird crann olóige ó Loch na Ginéive go Lyon agus, ar deireadh, go tránna Meánmhuirí na Fraince. Má tá tráthnóna saor agat, cén fáth nach n-úsáideann tú an bealach chun áilleacht an réigiúin a fheiceáil?

Image
Lyon
Coordinates
45.7579433,4.7939307
Tags with icon
Green ways of getting around
Bicycle-friendly
Name
Torino
Icon on Map
Country
an Iodáil
Population
887000
Why visit?

In Torino tá meascán uathúil iontach d’ailtireacht, ealaín, stair agus bia ag fanacht ort -– cad eile a bheadh uait? Ba iomaitheoir sa bhabhta ceannais de Ghradam Phríomhchathair Ghlas na hEorpa 2022 í an chathair seo agus is iomaí rud neamhdhíobhálach don chomhshaol atá le feiceáil agus le déanamh inti. Is páirc Natura 2000 atá faoi chosaint an Aontais é Parco Naturale della Collina di Superga, áit a bhfuil radharc gan sárú le fáil ar an gcathair agus ar na hAlpa atá níos faide i gcéin. Ní hamháin go bhfuil plandaí agus ainmhithe sa pháirc nach bhfuil le fáil aon áit ach sa réigiún seo den Iodáil – agus tuilleadh acu le feiceáil i Músaem Réigiúnach na hEolaíochta Nádúrtha i lár na cathrach – tá Basilica Superga ann freisin, eaglais Bharócach uathúil ina cuireadh go leor ball ríoga de Theach Savoy nuair a fuair siad bás. Tá roinnt cosáin fánaíochta a théann ón gcathair go dtí an Basilica, Sentiero 28, 29 agus 61 ina measc, nó is féidir an t-iarnród claonta a théann díreach go dtí an barr a thógáil. Pioc bealach duit féin, beir picnic leat agus bain taitneamh as na radharcanna!

Image
Torino
Coordinates
45.0734753,7.5931905
Tags with icon
Plenty of parks
Green ways of getting around
Climate Neutral 2030
Name
Rijeka
Icon on Map
Country
Cróitis
Population
120000
Why visit?

Sa chathair seo ar chósta na Cróite a ainmníodh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2020 – in éineacht le Gaillimh na hÉireann – tá go leor le feiceáil agus le déanamh ag taistealaithe atá ag tabhairt cuairt ar Oirdheisceart na hEorpa. Is é Gorski Kotar an réigiún ó thuaidh den chathair – áit ar a dtugtar ‘scamhóga glasa na Cróite’ freisin – agus tá foraoisí fiáine, sléibhte séimhe agus lochanna suaimhneacha ann. Is láithreán ainmnithe Natura 2000 í agus tá fiadhúlra an limistéir faoi chosaint an Aontais. Is féidir le taistealaithe DiscoverEU cuairt a thabhairt ar an gcainneon in Abhainn Kupa nó turas suaimhneach a dhéanamh ar bhád ar cheann de lochanna an réigiúin.

Image
Rijeka
Coordinates
45.3457151,14.3490458
Tags with icon
Plenty of parks
Wonderful for wildlife
Name
Liúibleána
Icon on Map
Country
Slóivéinis
Population
289000
Why visit?

Cuireann Liúibleána, príomhchathair na Slóivéine, síos uirthi féin mar ‘chathair ag a bhfuil anam glas’. Rinne an chathair, ar ar bronnadh an teideal Príomhchathair Ghlas na hEorpa in 2016, í féin a athrú ó bhonn ina háit mhór éiceolaíochta le deich mbliana anuas. Mar chuid den chlaochlú sin laghdaíodh an bhéim a bhí ar úsáid gluaisteán agus cuireadh siúl na gcos agus an rothaíocht chun cinn ina háit. Is páirceanna, gairdíní agus limistéir ghlasa eile atá i dtrí cheathrú den chathair – déan cinnte go dtéann tú go barr chnoc an chaisleáin chun an radharc is fearr a fháil ar spásanna glasa na cathrach. Tá os cionn 2,000 crann curtha ag an gcathair freisin le 10 mbliana anuas, agus tá cuid d’fhoraois áitiúil sannta aici chun an iomarca dé-ocsaíd charbóin a ionsú.

Image
Liúibleána
Coordinates
46.0660877,14.4496985
Tags with icon
European Green Capital
Plenty of parks
History lovers
Climate Neutral 2030
Name
Vín
Icon on Map
Country
an Ostair
Population
1767000
Why visit?

An té a bheadh ag taisteal san Eoraip, níor mhór dó tarraingt ar Vín, príomhchathair na hOstaire - tá na páláis go hórnite álainn ann, agus is iomaí duine cáiliúil a chónaigh ann le himeacht na mblianta (an sárchumadóir Mozart, an dísreach druma agus doird Camo & Krooked, agus Christoph Waltz, atá ina réalta Hollywood). Tá os cionn 2,000 páirc agus gairdín sa chathair, ar féidir cuairt a thabhairt orthu ar do dheis trí úsáid a bhaint as aon cheann den 1,400km de raonta rothaíochta atá sa chathair. I gcás taistealaithe is misniúla fós, tá an Wienerwald, limistéar coillearnaí atá faoi chosaint an Aontais mar láithreán Natura 2000, díreach ar leac an dorais freisin.

Image
Vín
Coordinates
48.2201153,16.2148354
Tags with icon
European Green Leaf Award winner
Plenty of parks
Bicycle-friendly
Name
Znojmo
Icon on Map
Country
Poblacht na Seice
Population
114000
Why visit?

Is i measc bhunchnoic Páirc Náisiúnta fíorálainn Podyjí atá baile Znojmo. 63 ciliméadar cearnach atá sa pháirc agus tá 77 speiceas plandaí agus 152 speiceas éan ann. D’fhéadfadh sé go mbeadh spéis ag taistealaithe eachtrúla DiscoverEU a fháil amach go bhfuil roinnt fothracha sa pháirc freisin, caisleán dea-chaomhnaithe Nový Hrádek ina measc. Mar láithreán ainmnithe Natura 2000, tá cosaint tugtha ag an Aontas don limistéar chun a chinntiú gur féidir le taiscéalaithe na linne seo agus taiscéalaithe amach anseo taitneamh a bhaint as siúl feadh chosáin chreagacha na páirce.

Image
Znojmo
Coordinates
48.8565618,15.9791504
Tags with icon
Wonderful for wildlife
History lovers