Skip to main content
Submitted by Alexia THOMAS on
Draw lines
Yes
Color
#C359EC
Cities/Points
Name
Niš
Icon on Map
Country
an tSeirbia
Population
253849
Why visit?

Is áit bhríomhar é Niš inar féidir leat éirí as an mbealach buailte agus taitneamh a bhaint as cathair bharántúil Sheirbiach, ina bhfuil go leor spásanna glasa chun do scíth a ligean iontu. Daoibh siúd ar spéis libh an adhfhuafaireacht agus rudaí aisteacha, moltar go mór cuairt a thabhairt ar Ćele Kula (‘Túr na mBlaoscanna’ an chiall atá leis). Ginearál Turcach a thóg é in 1809 as cloigne reibiliúnaithe Seirbiacha cloíte chun fainic a chur ar na daoine gan tabhairt faoi aon cheannairceacht amach anseo. Sa chathair, i bPáirc an Seachtú Lá de mhí Iúil in aice le habhainn Nišava, is fiú siúlóid a dhéanamh chun na leaca cuimhneacháin do dhaoine áitiúla suntasacha a fheiceáil agus turas spéisiúil oideachasúil a dhéanamh duit féin de. Is páirc shuaimhneach in oirthear na cathrach í Páirc San Sava a bhfuil scairdeáin le sonrú inti, agus i bPáirc Čair tá conairí pábháilte siúil agus rothaíochta.

Image
Nis
Coordinates
43.3161735,21.8521598
Tags with icon
Bicycle-friendly
Plenty of parks
Name
Scóipé
Icon on Map
Country
an Mhacadóin Thuaidh
Population
480000
Why visit?

Is cinnte go bhfuil rud éigin a oirfidh do chách le fáil i Scóipé, príomhchathair Phoblacht na Macadóine Thuaidh – áilleacht nádúrtha, ealaín, cultúr, stair, ailtireacht, an saol oíche – agus tuilleadh nach iad. Má bhaineann tú taitneamh as am a chaitheamh sa dúlra, téigh chuig ceann de na páirceanna nó spásanna glasa iomadúla sa chathair, mar shampla Páirc na Cathrach i gcroílár Scóipé, an pháirc is mó sa Mhacadóin Thuaidh, sin nó Páirc Žena Borec (banlaoch) ina bhfuil bailiúchán dealbh agus séadchomharthaí. In éineacht le cathracha eile, tá Scóipé ag obair ar Phlean Gníomhaíochta Cathrach Glaise (PGCG) chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil áitiúla agus chun an saol a fheabhsú do chónaitheoirí agus do chuairteoirí.

Image
Scóipé
Coordinates
41.9986683,21.1130611
Tags with icon
Plenty of parks
History lovers
Name
Sóifia
Icon on Map
Country
an Bhulgáir
Population
1236000
Why visit?

Tá pobail i Sóifia, príomhchathair na Bulgáire, tiomanta an chathair stairiúil a choinneáil glan. Mar sin, cén fáth nach dtabharfá cuairt orthu agus cabhrú leo? Leis an tionscnamh ‘Glanaimis an Bhulgáir le chéile’, spreagtar oibrithe deonacha chun bruscar a bhailiú agus sráideanna na cathrach a choinneáil glan. Tá an athchúrsáil ina tosaíocht i Sóifia – athchúrsáiltear 84% den dramhaíl a bhailítear! Taistealaithe DiscoverEU atá ag iarraidh roinnt ama a chaitheamh sa dúlra, b’fhéidir gur mhaith leo dul ar shiúlóid chuig eas iontach Boyana, atá suite díreach lasmuigh de theorainneacha na cathrach.

Image
Sóifia
Coordinates
42.695314,23.1591383
Tags with icon
Climate Neutral 2030
Plenty of parks
Going circular!
European Green Capital Finalist
Name
Thessaloniki
Icon on Map
Country
an Ghréig
Population
315000
Why visit?

Áit a raibh an teideal ‘Príomhchathair Chultúir na hEorpa’ uirthi roimhe, tá meascán uathúil de shainchomharthaí stairiúla, traidisiúin chultúrtha agus bia blasta le fáil in Thessaloniki. D’úsáid sí cistí de chuid an Aontais freisin chun spás glas sláintiúil taitneamhach a dhéanamh den limistéar ar imeall an uisce. Nascann an limistéar ar imeall an uisce dhá cheann de na rudaí is mó a mheallann daoine chun na cathrach, is é sin an Túr Bán agus an Ceoláras, agus b’iontach an áit í le dul ag spaisteoireacht feadh an chósta le dul faoi na gréine. Do lucht DiscoverEU a bhfuil dúil acu sa dúlra, tá Thessaloniki suite ar Delta Axiou chomh maith, tearmann dúlra de chuid an Aontais a chosnaíonn an fiadhúlra sna bogaigh gar d’abhainn Axios/Vardar.

Image
Thessaloniki
Coordinates
40.6211852,22.9048276
Tags with icon
Marine metropolis
Wonderful for wildlife
Climate Neutral 2030
Name
Iostanbúl
Icon on Map
Country
an Tuirc
Population
15636000
Why visit?

Fáilte chuig cathair dhraíochta mar a mbuaileann an t-oirthear leis an iarthar. Eispéireas as cuimse is ea cuairt a thabhairt ar Iostanbúl, mar a bhfaighidh tú léargas ar na céadta blianta den stair, radharcanna an-spéisiúil agus bia den scoth. In 2021 ghlac Iostanbúl le Plean Gníomhaíochta Cathrach Glaise chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus chun an chathair a dhéanamh níos glaise do na glúnta atá le teacht. Tá Plean Soghluaisteachta Uirbí forbartha aige freisin, rud a chabhróidh leis na 16 mhilliún cónaitheoir ann gluaiseacht timpeall ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

Image
Iostanbúl
Coordinates
41.004852,28.6825346
Tags with icon
Climate Neutral 2030
Green ways of getting around
History lovers