Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Comórtas Grianghraf #EUSolidarityCorps– Téarma agus Coinníollacha

Glac páirt i gcomórtas an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le go mbeidh seans agat fearas poiblíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhuachan. Is í seo príomhcheist an cheathrú babhta den chomórtas:

 

Cérbh é an uain aoibhinn agat, agus tú ag obair le páistí / daoine óga, le linn do thréimhse sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach?

 

Inis dúinn faoi gach a d’fhéach tú agus faoin taithí a fuair tú le linn do ghníomhaíochta leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus cá bhfios nach mbeidh tú féin ar dhuine de na buaiteoirí ámharacha!

 

Conas a oibríonn sé?

Déanfar an comórtas a reáchtáil ar bhonn míosúil. Beidh an tríú babhta ar oscailt ón 1 Márta go dtí an 31 Márta 2019.

To take part in the contest, just follow these 5 easy steps:

  1. Téigh chuig https://europa.eu/youth/solidarity_ga
  2. Chun logáil isteach, cuir isteach do chuid sonraí  le haghaidh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
  3. Uaslódáil suas le cúig phictiúr. Ba cheart gléine de 600 ponc san orlach (dpi) ar a laghad a bheith i ngach pictiúr.
  4. Déan deimhin de go bhfuil cead faighte agat ó gach duine sa ghrianghraf chun é a úsáid.
  5. Tabhair míniú gairid ar an ngrianghraf agus ar an gcaoi a léiríonn sé an uain aoibhinn a bhí agat agus tú ag obair le páistí / daoine óga


Tabhair do d’aire go bhfuil grianghraif á lorg againn a sheasfaidh d’idéil, do luachanna agus d’fhíorspiorad an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (amharc ar mhisean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh thíos).

Taispeánfar do ghrianghraf/do ghrianghraif san áiléar poiblí go díreach tar éis duit é/iad a chur isteach. Tá sé de cheart ag an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach aon ghrianghraf a mhodhnú agus aon ghrianghraf a mheastar a bheith míchuí a bhaint gan réamhfhógra nó fógra breise a thabhairt ina leith. 

Má chomhlíonann do ghrianghraf/do ghrianghraif na critéir thuasluaite, b’fhéidir go mbeidh tú féin ar dhuine de bhuaiteoirí míosúla #EUSolidarityCorps !

 

Conas a roghnófar na buaiteoirí?

Tá an comórtas oscailte d’aon duine cruthaitheach idir 18 agus 30 bliain d’aois a fhaigheann spreagadh ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus atá cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Beidh painéal de mholtóirí gairmiúla ann ar saineolaithe grianghrafadóireachta agus meán sóisialta iad, agus is iad a roghnóidh na cúig ghrianghraf bhuacha. Is ar na grianghraif is cruthaithí, agus a bhfuil an úire físe is mó iontu, a bhronnfar an duais.

 

Roghnófar suas le cúig bhuaiteoir ámharacha in aghaidh na míosa, rud a fhágann go bhféadfá a bheith i do bhuaiteoir do mhí na Nollag 2018, Eanáir 2019, Feabhra 2019 agus Márta 2019!

Is é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ag bainistiú na nduaiseanna don chomórtas seo thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh, agus is é a rachaidh i dteagmháil leis na buaiteoirí míosúla. Is ceart do na rannpháirtithe súil a choinneáil ar na ríomhphoist a bhíonn ag teacht isteach, agus deimhin a dhéanamh de go seolann siad freagra faoi cheann seacht lá oibre ar na ríomhphoist a chuireann an fhoireann amach. Mura bhfaightear freagra uathu, roghnófar rannpháirtí eile ina bhuaiteoir. Fógrófar ainm an bhuaiteora/na mbuaiteoirí sa mhí tar éis gach babhta ar chuid de na hardáin shóisialta seo a leanas nó orthu ar fad: Facebook, Twitter, LinkedIn, agus Instagram.

 

Cé na duaiseanna atá ann?

Beidh suas le cúigear buaiteoirí ann in aghaidh na míosa a gheobhaidh fearas poiblíochta ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ina theannta sin, roghnófar aon phictiúr amháin mar bhuaiteoir na míosa. An duine a chuirfidh an pictiúr buach isteach, gheobhaidh sé cuireadh chuig Seachtain Eorpach na nÓg sa Bhruiséil (an 29 agus an 30 Aibreán 2019). Beidh deis ag an mbuaiteoir sult mór a bhaint as Seachtain Eorpach na nÓg sa Bhruiséil in éineacht le beagnach 500 duine óg eile. Cuirfear an clár ar fáil ar Thairseach Eorpach na hÓige go luath.

 

Mar eolas duit féin...

Bíodh do lorg féin ar do shaothar. Is tú féin an t-aon údar amháin agus an t-aon úinéir cóipchirt amháin is ceadmhach a bheith luaite leis an ngrianghraf/na grianghraif a chuir tú isteach.

Tá sé tábhachtach don Aontas Eorpach agus dá chuid institiúidí sonraí pearsanta a chosaint. Dá bhrí sin:

  1. Ná tóg pictiúir de dhaoine príobháideacha gan sin a cheadú leo roimh ré. I gcás páistí, iarr cead ar a dtuismitheoirí.
  2. Déan deimhin de go bhfuil cead i scríbhinn faighte agat ó na daoine atá iontu na grianghraif a fhoilsiú ar na suíomhanna Instagram, Twitter, Facebook de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus a eagraíochtaí éagsúla amhail na gníomhaireachtaí náisiúnta, Eurodesk, SALTO etc. i gcomhthéacs an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
  3. Tabhair do d’aire

           a) gur cheart duit na foirmeacha/litreacha ceada a choinneáil in áit shábháilte ar feadh thréimhse an chomórtais, suas le 6 mhí, nó go dtí go bhfaighidh tú teachtaireacht phearsanta roimh ré ón gcomhlacht eagrúcháin, ina luafar go bhfuil tú díolmhaithe ón oibleagáid sin, arb é is aon aidhm amháin leis TÚ FÉIN a chosaint ar éilimh thar ceann duine de na daoine i do chuid grianghraf.

          b) go n-iarrfar ar na rannpháirtithe buachaar leithligh ó chéile agus orthu sin amháinúdarú agus foirm ceadúnas Sheirbhís Closamhairc an Choimisiúin Eorpaigh a shíniú chun na pictiúir a chur i gCartlann Grianghraf na Seirbhíse Closamhairc.

    - Údarú le haghaidh daoine fásta:  adult_authorisation.doc

   

   - Údarú le haghaidh mionaoiseach: minor_authorisation.doc

 

    - Ceadúnas le haghaidh grianghraf:  photo_licence.doc

 

Ná téigh thar fóir leis an eagarthóireacht. Tá glacadh le beagán bearrtha, le ceartú dathanna, agus le mionleasuithe. Ba cheart na rudaí seo a leanas a sheachaint: éifeachtaí speisialta, íomhánna ríomhghinte, athruithe móra eile.

Bí sábháilte. Ná cuir thú féin ná daoine eile i mbaol le linn duit a bheith ag tógáil grianghraif.

Amharc ar mhisean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh:

  • Misean:

           - Daoine óga a thabhairt le chéile ar mhaithe le sochaí atá níos cuimsithí a thógáil;

           - Tacaíocht a thabhairt do dhaoine leochaileacha; 

           - Dul i ngleic le dúshláin shóisialta.

  • Prionsabail:

         - Glacadhle luachanna na dlúthpháirtíochta, le meas ar dhínit an duine agus ar chearta an duine, agus creideamh i sochaí atá cothrom comhionann a chur chun cinn ina dtugtar tús áite don iolrachas, don neamh-idirdhealú, don chaoinfhulaingt, don cheartas, don dlúthpháirtíocht agus don chothromaíocht;

         - Féachaint go crua leis an dlúthpháirtíocht a chothú idir daoine i ngach cearn den Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin agus, san am céanna, urraim a léiriú dá gcultúir agus dá dtraidisiúin, agus tabhairt faoi phobal tacaíochta frithpháirtí a bhunú ina ndéantar freagrachtaí a roinnt;

         - Cuidiú go fonnmhar agus ar bhealach fónta leis an tsochaí agus dlúthpháirtíocht, comhar agus tuiscint fhrithpháirteach a léiriú;


Ní féidir níos mó ná cúig ghrianghraf a chur isteach in aghaidh na míosa. Tabhair do d’aire nach féidir níos mó na aon duais amháin a bhuachan in aghaidh na míosa sa chomórtas #EUSolidarityCorps .

Ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh is féidir leat iarraidh ar fhoireann an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh do ghrianghraf/do ghrianghraif a bhaint.

Más dóigh linn gur sáraíodh rialacha an chomórtais, tá sé de cheart againn grianghraf ar bith a dhícháiliú.

Trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas #EUSolidarityCorps, tugann rannpháirtithe ar bhain a gcuid grianghraf cead don Choimisiún Eorpach na grianghraif a úsáid chun a gcríocha poiblíochta féin agus ar mhaithe le cumarsáid ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach ar feadh fhad chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus na gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air.

Níl an comórtas seo á urrú, á cheadú ná á riar ar bhealach ar bith ag Facebook, LinkedIn, Instagram ná ag Twitter, ná níl aon bhaint acu leis. Tarscaoileann na hiontrálaithe Facebook, LinkedIn, Instagram agus Twitter ó aon chineál freagrachta i ndáil leis an gcomórtas seo.

Tá sé de cheart ag an eagraí duaiseanna an chomórtais a athrú, nó duaiseanna eile a chur ina n-áit, agus/nó rialacha agus rialacháin an chomórtais a leasú faoi mar is gá agus nuair is gá, gan fógra a thabhairt.

Má chuireann an t-iontrálaí íomhá isteach ar an gcomórtas, measfar dá bharr sin go nglacann sé leis agus go gcomhaontaíonn sé leis go bhfuil rialacha agus rialacháin an chomórtais ina gceangal air.