Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Comórtas amhrán #EUSolidarityCorps "M'amhrán faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach"

Scaoil le do chruthaitheacht agus bíodh an uain aoibhinn agat ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach mar chuid de d’amhrán!

Glac páirt i gcomórtas amhrán an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le go mbeidh seans agat fearas poiblíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhuachan. Seo é an 14ú babhta agus seo a leanas an méid atá uainn:

                                       Scaoil le do chruthaitheacht!
                               D'amhrán faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach!

Conas d'amhrán a roinnt

1. Ní mór duit a bheith cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar Thairseach Eorpach na hÓige

2. Caithfidh tú Aip an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a íoslódáil ar d’fhón póca ó Google Play nó ón Apple App Store agus logáil isteach trí úsáid a bhaint as do chuid sonraí

            
        

3. Déan cinnte go bhfuil leagan 1.6.1 den aip agat

4. Fad agus a bheidh an comórtas oscailte, is féidir leat d'amhrán/d'fhíseán a thaifeadadh go díreach san aip nó é a uaslódáil ó ghailearaí d'fhóin póca. Déan d'amhrán/d'fhíseán a thaifeadadh agus bíodh d'fhón póca sa mhodh cothrománach.

         

N.B.: Mar gheall ar an gcur i bhfeidhm reatha le haghaidh an iPhone, ní féidir uaslódáil ó ghailearaí an fhóin póca agus ní féidir an físeán a thaifeadadh go díreach san aip.

5. Beidh rochtain agat, agus agatsa amháin, ar d'amhrán i ‘Mo Dhialann’ san aip. Ní fheicfidh an pobal é

6. Is féidir leat d'amhrán a chur ar siúl san aip. Mura bhfuil tú sásta leis, is féidir leat d'amhrán a athrú san aip ag am ar bith go dtí go mbeidh sprioc-am an chomórtais istigh.

7. Bíodh teideal ar an amhrán agus tabhair míniú air, ag insint dúinn an fáth a seasann sé don uain aoibhinn agat leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach (teideal: 2 charachtar ar a laghad agus 100 carachtar ar a mhéad agus cur síos: 100 carachtar ar a laghad agus 500 carachtar ar a mhéad).

8. Má tá daoine eile san fhíseán/san amhrán, cinntigh go bhfuil cead faighte agat ó na daoine ar fad atá sna híomhánna (féach na foirmeacha údaraithe faoi na téarmaí agus coinníollacha).

Tabhair do d'aire gurb é atá á lorg againn amhráin a sheasann d'idéil, luachanna agus fíorspiorad an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Tá an cead agat d'amhrán a tharraingt siar ón gcomórtas ag tráth ar bith. Is féidir sin a dhéanamh go díreach san aip agus an comórtas fós ag dul ar aghaidh. Ní le déanamh agat ach d'iarratas a scriosadh. Tar éis an sprioc-ama, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig eu-solidarity-corps@ec.europa.eu agus iarraidh orainn d’iarratas a scriosadh ónár mbunachar sonraí.

Na hamhráin ar fad a chuirtear isteach, déanfar iad a scriosadh ónár mbunachar sonraí ag deireadh an chomórtais ach amháin na 10 n-amhrán a rachaidh ar aghaidh go dtí an babhta ceannais.

Iarrfar cead foilsithe ar na hiomaitheoirí deiridh sula dtéann siad san iomaíocht sa vótáil phoiblí ar an aip, rud atá beartaithe do mhí Féadfaidh2021.

Beidh an vótáil phoiblí ar oscailt ar feadh 2 sheachtain agus beidh rochtain uirthi trí leagan 1.6.2 den aip. Bí ag faire amach le haghaidh tuilleadh eolais!

Is do dhaoine óga idir 18 agus 31 bhliain d'aois atá an comórtas, agus ní mór dóibh a bheith cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus taithí a bheith acu cheana féin ar ghníomhaíocht oibre deonaí.

Beidh suas le deichniúr sa bhabhta ceannais agus gheobhaidh siad fearas poiblíochta ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, mar aon le dearbhán €100. Ina theannta sin, roghnófar aon amhrán amháin mar bhuaiteoir. Gheobhaidh an duine a chuireann isteach an t-amhrán is fearr ticéad Interrail lena mbeidh sé in ann taisteal chuig suas le seacht gceann scríbe ar feadh míosa ar a mhéad, nó dearbhán den luach céanna.

Taispeáin dúinn an méid a bhfuair tú blaiseadh air le linn do ghníomhaíochta leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus cá bhfios nach mbeidh tú féin ar dhuine de na buaiteoirí ámharacha!


Léigh na Téarmaí & Coinníollacha