© EEAS 2019
Daoine óga na Saiheile ag déanamh deimhin de go n-éistfear leo
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 29/09/2020
Is clár é Glórtha Óige Réigiún na Saiheile a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus a chuidíonn le daoine óga i dtíortha G5 na Saiheile dul i gcomhairle le hinstitiúidí sna tíortha acu féin. Is é is sprioc don chlár comhoibriú a spreagadh chun beartais forbartha a bhfuil tionchar acu orthu a cheapadh.
Seasann an ghlúin óg i réigiún na Saiheile do thodhchaí na dtíortha acu féin. Is cuma más as an Máratáin, as Sead, as Mailí, as Buircíne Fasó nó as an Nigéir iad, is mná cumasacha agus fir chumasacha iad ar mian leo athruithe móra a dhéanamh.
Is iomaí dúshlán atá rompu áfach. Bíonn sé deacair ag go leor acu rochtain a fháil ar phoist, ar oideachas agus ar chúram sláinte. Tá go leor acu dífhostaithe, rud a fhágann go bhfuil siad leochaileach. In amanna, meallann an imirce neamhrialta iad nó bagraíonn éiginnteacht, foréigean nó fiú radacú orthu.
Cé go bhfuil gach duine ar aon fhocal go bhfuil daoine óga fíor-riachtanach chun sochaí na Saiheile a fhorbairt, tá sé tábhachtach a aithint nach minic a chuirtear san áireamh iad mar chuid den díospóireacht pholaitiúil.
“Anuas ar na dúshláin a bhaineann le héiginnteacht, le fostaíocht agus le hoideachas, tá an ceathrú dúshlán mór ann – is é sin an rannpháirtíocht shibhialta,” a thug Moumouni Dialla, Uachtarán Chomhairle Óige Náisiúnta Bhuircíne Fasó, le fios.
Foghlaim conas éisteacht a fháil ó dhaoine eile
Sa chomhthéacs sin, cuireann an clár Glórtha Óige Réigiún na Saiheile deiseanna ar fáil do dhaoine óga dul i gcomhairle le lucht ceaptha beartas. Is clár é atá á mhaoiniú ag Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don Afraic agus ag an Danmhairg. Is é a dhéanann an clár go sonrach an t-idirphlé idir eagraíochtaí agus institiúidí óige a éascú agus a neartú. Iarrtar ar dhaoine óga mar chuid den chlár a mianta agus a mbrionglóidí a chur in iúl, a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le tograí agus a bheith ina gceannródaithe ar chomhtháthú soch-eacnamaíoch do na glúnta atá le teacht.
“Chuir an tionscadal tacaíocht theicniúil ar fáil trí chúnamh a thabhairt do dhaoine óga. Neartaigh sé an cumas atá againn feachtais abhcóideachta a eagrú,” a mhínigh Douksia Hamlha, ar comhordaitheoir é ar Chomhpháirtíocht na gComhlachas agus na nGníomhaíochtaí don Óige i Sead.
Tá níos mó i ngeall leis i gcás na mban óg. Baineann sé le héisteacht a fháil ó dhaoine i sochaí ina bhfágtar mná i leataobh agus ar imeall an tsaoil phoiblí.
“Ba mhaith liom go n-áireodh gach bean muiníneach, nach mbeadh eagla orthu agus go mbeidís in ann iad féin a chur in iúl,” a dúirt Anissa Ibrhim, mac léinn ó Niamey na Nigéire atá rannpháirteach sa chlár.
I ngach aon cheann de thíortha G5 na Saiheile, tá méadú tagtha ar mheantóireacht agus ar chruinnithe a bhuí leis an tionscnamh.
Le linn cuairteanna oibre ar an mBruiséil i mí Dheireadh Fómhair 2019 agus i mí an Mheithimh 2016, bhí an deis ag timpeall 40 ionadaí ó eagraíochtaí óige na Saiheile an taithí atá acu féin a roinnt le hArdionadaí de chuid an Aontais Eorpaigh agus Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin Eorpaigh Federica Mogherini san áireamh.
Eorpaigh óga an diaspóra
Is soiléir an nasc idir óige na Saiheile agus Eorpaigh óga, go háirithe eatarthu siúd a bhfuil fréamhacha acu i dtíortha na Saiheile.
Is rannpháirtí eile de chuid an chláir é Yacoub Hamza, duine a rinne staidéar sa Fhrainc agus a d'fhill ar an Máratáin le dul i mbun oibre agus cuireann sé i dtábhacht a mhéid atá muintir an diaspóra ag féachaint ar bhealaí chun cuidiú le muintir na háite i réigiún na Saiheile.
Is duine den diaspóra óg sin í a chomh-rannpháirtí, Fatoumata Traoré. Rugadh í agus oibríonn sí sa Fhrainc agus tá sí an-ghníomhach le Cumann Francach na gCéimithe agus na Mac Léinn as Mailí. Creideann sí go bhfuil sé tábhachtach scileanna dhiaspóra na hAfraice a chur chun úsáide san Eoraip, cuir i gcás trí mheantóireacht, tríd an gcianfhoghlaim agus trí aiseolas.
“Tá gá le meon nua chun dul i mbun oibre i gcomhar le chéile agus chun bheith rathúil i dteannta a chéile,” a dúirt sí.