Skip to main content
© Unsplash - Markus Spiske © Unsplash - Markus Spiske

An óige a dhéanann athruithe ar son pláinéad atá níos glaise

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 27/08/2021

Ar fud na hEorpa, tá na mílte daoine óga amuigh ar an tsráid agus iad ag impí ar lucht déanta cinntí gníomhaíocht a dhéanamh ar son na haeráide.

Na hambasadóirí óga a bhfuil baint acu le tionscadail a reáchtáil chun na dúshláin sin a shárú, bhuaileamar le roinnt acu ag an imeacht ‘An Óige ar son na Bithéagsúlachta’ a d'eagraigh Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil de chuid an Coimisiúin Eorpaigh i mí na Samhna 2019. An ghlúin is Glaise riamh? Faigh amach faoin méid atá ar bun acu agus faoin méid a d'fhéadfá féin a dhéanamh leis an bpláinéad a thabhairt slán.

 

Cad a spreag iad le gníomhú i gcoinne an athraithe aeráide?

 

Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo tiomanta troid i gcoinne an athraithe aeráide? Ó aois óg, tá cloiste acu faoin athrú aeráide agus feiceann siad freisin an tionchar atá aige ar an saol laethúil. Ghlac Nathan páirt in Youth and Environment Europe [Óige na hEorpa ar son an Chomhshaoil], ar ardán é a bhailíonn le chéile go leor eagraíochtaí Eorpacha don óige atá gníomhach i gcosaint an chomhshaoil; chonaic sé na hAlpa ag leá ina thír dhúchais féin agus spreag sé sin é le rud éigin a dhéanamh faoi.

 

Ba mhaith leo uile gníomh fiúntach a dhéanamh agus a gcuid staidéir a nascadh leis an spéis atá acu i saincheisteanna nádúir agus comhshaoil. Is amhlaidh atá le Alex, a bhfuil céim mháistreachta aige sa Chaomhnú agus a bhfuil páirt ghníomhach glactha aige in eagraíocht neamhrialtasach chun nasc a chruthú idir daoine óga agus lucht ceaptha beartas ar an leibhéal Eorpach. "Ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, ní raibh mórán daoine óga páirteach sa phróiseas déanta cinntí maidir leis an gcomhshaol agus bhí an-fhonn go deo orainn daoine a thabhairt le chéile". Is é sin an chaoi ar thosaigh sé ag glacadh páirt in Generation Climate Europe (GCE), ar comhghuaillíocht chomhshaoil í de na príomheagraíochtaí agus na príomhlíonraí atá faoi stiúir na n-óg agus gníomhach ar an leibhéal Eorpach.

 

 

An bhfuil a dhóthain á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

 

Tá an tAontas Eorpach go mór i bhfabhar aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide ar an leibhéal idirnáisiúnta. D'fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen an Comhaontú Glas don Eoraip i mí na Nollag 2019. Ach an leor é sin agus cad eile a d'fhéadfadh an tAontas a dhéanamh?

 

"Is iomaí rud atá ar siúl ag an Eoraip sa réimse seo; is í an Eoraip atá chun tosaigh ar an gcuid eile den domhan i dtaca le hinbhuanaitheacht agus caighdeáin chomhshaoil", a dúirt Corentin, "ach is léir nach leor sin". Creideann sé gur fiú go mór daoine óga a thabhairt isteach sa phróiseas déanta cinntí, agus leag an eagraíocht Up for Europe amach an sprioc chéanna chun guth a thabhairt d'Eorpaigh óga agus a bhfeasacht éiceolaíoch a spreagadh chomh maith lena rannpháirtíocht.

 

Dar le Nadine agus Nynke, ar beirt iad a sheol Ambasadóirí na bPailneoirí, tionscnamh lena ndírítear ar an bhfeirmeoireacht agus ar an mbeachaireacht atá saor ó lotnaidicídí, d'fhéadfadh an tAontas tacú le gnólachtaí nuathionscanta ar an talamh trí níos mó “deiseanna maoiniúcháin ar mhionscála ionas go mbeidh tionscadail áitiúla in ann tosú ón mbonn aníos freisin”. Ba cheart an inbhuanaitheacht a phríomhshruthú i ngach beartas agus clár maoiniúcháin de chuid an Aontais, a dúirt Monika freisin.

 

 

Conas is féidir le gach duine againn athrú a dhéanamh?

 

Tá bealaí éagsúla ann chun páirt a ghlacadh. "Dá laghad é, is cuidiú é. Tá a fhios agam go bhfuil an chosúlacht air in amanna nach ndéanann duine amháin agus fógra ina lámh aige difear polaitiúil ar bith, díreach ar an gcaoi chéanna nach ndéanann sé difear ar bith mura dtéann sé ar eitleán chomh minic céanna, ach dá mhéad an scata is amhlaidh is mó an difear. Creid an méid sin uaim agus déan do chuid féin", a dúirt Monika, atá ag obair le hAontas na Mac Léinn san Eoraip.

 

Freastal ar stailceanna, cuir tú féin ar an eolas, glac páirt in eagraíochtaí neamhrialtasacha agus tionscnaimh áitiúla faoi stiúir na n-óg, agus i gcúrsaí polaitíochta freisin. Is é sin a mhol Nathan, Corentin agus Alex. Is éard a chuir Monika i dtábhacht gur cheart go mbeadh oideachas maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe ina thosaíocht chun feasacht a ardú i measc daoine óga.

 

Bhí focail spreagtha ag Nadin agus Nynke freisin do dhaoine óga atá toilteanach tionscadail a bhunú i réimse an chomhshaoil: "Ná bíodh faitíos ar bith ort. Is cuma cé chomh mór agus atá an fhís sin agat, ná cé chomh hindéanta agus atá sé é a chur chun feidhme anois díreach, glac céim bheag chun tosaigh agus cuir tús leis. Ní gá duit é a dhéanamh leat féin".

 

 

Cad é an Comhaontú Glas don Eoraip?

 

Chuir an tAontas Eorpach an t-athrú aeráide ar bharr a chláir oibre pholaitiúil leis an gComhaontú Glas don Eoraip a d’eisigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen i mí na Nollag 2019. Tá sprioc dheiridh ar leith ag an gComhaontú: gurb í an Eoraip a bheidh ar an gcéad mhór-roinn neodrach ó thaobh na haeráide de ar domhan faoi 2050.

 

Conas é sin a bhaint amach? I dtosach báire, ní mór díriú ar cheithre phríomhréimse: an fuinneamh, foirgnimh, an earnáil tionsclaíochta agus an tsoghluaisteacht. Ní mór obair a dhéanamh ar na réimsí sin agus, san am céanna, aistriú cuimsitheach a chinntiú nach bhfágann aon duine ná réigiún chun deiridh. Cuirfear cabhair ar fáil do chuideachtaí le bheith ina gceannairí domhanda maidir le táirgí agus teicneolaíochtaí glana. Is treise muid le chéile, agus má oibrímid i gcomhar leis an óige, is féidir linn gach rud a bhaint amach.
 

Faigh tuilleadh eolais maidir leis an tionscnamh tábhachtach sin anseo.

 

NB: Is leis na daoine óga a cuireadh faoi agallamh na tuairimí a tuairiscíodh sna físeáin. Is leo na ráitis freisin. Dá bhrí sin, níl an Coimisiún Eorpach freagrach astu.