Skip to main content
© European Union © European Union

Conas deis mhaith oibre deonaí a roghnú?

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 23/04/2024

Roghnaigh deis oibre deonaí a thagann le do scileanna, spéiseanna agus an méid ama atá agat, agus éireoidh go maith leat. A luaithe a chinneann tú an méid sin, féadfaidh tú dul sa tóir ar an deis speisialta sin chun obair dheonach a dhéanamh.

Is taithí saoil í an obair dheonach nach ndéanfaidh tú dearmad go brách uirthi agus as a bhfaighidh tú luach saothair mór, ach toisc an méid deiseanna atá ar fáil ní mór a bheith cúramach agus tú ag déanamh do rogha. Beidh an tairbhe a bhainfidh tú as an deis dhaonna iontach seo ag brath ar an gcaighdeán taithí a gheobhaidh tú.

Do chuid spriocanna a shocrú

Tá an iliomad bealaí ann inar féidir obair dheonach a dhéanamh. Féadfaidh tú obair dheonach a dhéanamh i do phobal, ar líne nó ar an taobh eile den domhan. Féadfaidh tú oibriú le dídeanaithe, le daoine scothaosta agus le leanaí… nó cabhair a thabhairt, cuir i gcás, i limistéir ina dtarlaíonn tubaistí nó cabhrú chun do thimpeallacht a dhéanamh níos glaine agus níos glaise. Tá an iliomad roghanna ann!

A luaithe a shocraíonn tú tabhairt faoi obair dheonach, seo a leanas na chéad cheisteanna a ba cheart duit a chur ort féin:

  • Cad iad na spriocanna agus na hionchais atá agam?
  • Cá mhéad ama atá agam?
  • Cad iad na cineálacha tascanna ba mhaith liom a dhéanamh?
  • Cad iad na scileanna atá agam?

ceistneoir ar líne cruthaithe ag Eurodesk chun cuidiú leat an deis oibre deonaí is oiriúnaí duitse a mheas. Ag an deireadh, cuirfear samplaí difriúla de chláir ar fáil mar fhoinse inspioráide.

Deiseanna a lorg 

Cuireann eagraíochtaí éagsúla deiseanna oibre deonaí ar fáil. Tá deiseanna iontacha ag an Aontas Eorpach chun obair dheonach a dhéanamh ar leibhéal áitiúil agus idirnáisiúnta le Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Féadfaidh tú clárú leis an gclár má tá tú idir 17 agus 30 bliain d’aois, ach caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad nuair a rachaidh tú ag obair ar thionscadal oibre deonaí. Socrófar gach rud duit má roghnaítear thú! 

Má tá fonn ort tabhairt faoi rud éigin nua agus do chuid ama a chaitheamh ag cuidiú le daoine eile, féadfaidh tú clárú leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach inniu! Féadfaidh tú cuardach a dhéanamh freisin i mbunachar sonraí na n-eagraíochtaí creidiúnaithe chun sonraí teagmhála a fháil d’eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ar thóir oibrithe deonacha dá dtionscadail nó na deiseanna difriúla a bhrabhsáil agus iarratas a dhéanamh díreach ón suíomh féin. An bhfuil mearbhall ort fós faoin gcineál gníomhaíochta a roghnóidh tú? Líon isteach ceistneoir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh!

Aimseoidh tú eagraíochtaí príobháideacha ar an Idirlíon freisin a bhfuil cláir acu chun obair dheonach a dhéanamh i dtíortha eile, ach bí ar an airdeall go mbíonn roinnt de na cláir sin an-daor.

Seo roinnt eagraíochtaí agus bunachair sonraí spéisiúla ina bhfaighidh tú amach faoi dheiseanna oibre deonaí:

Seiceálacha cúlra a dhéanamh

Gheobhaidh tú neart deiseanna difriúla ar an Idirlíon, toisc go bhfuil go leor eagraíochtaí a bheadh an-sásta do chúnamh a fháil. Mar sin féin, ba cheart duit a chinntiú gur féidir brath ar na heagraíochtaí sin. Tá na céadta suíomhanna gréasáin ann d’eagraíochtaí nach bhfuil ann níos mó, nach raibh ann riamh nó nach ndéanann an obair a mhaíonn siad a bheith ar bun acu. Fiú má fheiceann tú fógra ar shuíomh gréasáin atá tiomnaithe d’obair dheonach, ba cheart duit cuimhneamh nach bhfuil na suíomhanna gréasáin freagrach as inchreidteacht na n-eagraíochtaí a bhíonn i mbun fógraíochta orthu.

I mbeagán focal, ba cheart duit eagraíocht a fhiosrú i gcónaí, ní hamháin trí chuairt a thabhairt ar a suíomh gréasáin ach trí labhairt le foireann na heagraíochta, le fáil amach cad is mian leis an eagraíocht a bhaint amach agus conas a oibríonn a gclár oibre deonaí. Ní bheidh aon fhadhb ag eagraíochtaí iontaofa do chuid ceisteanna a fhreagairt agus tú a chur i dteagmháil le daoine a rinne obair dheonach roimhe seo.

Fiú má tá deis roghnaithe agat a bhfuil an chuma uirthi go mbeadh sí foirfe duit agus má tá an chosúlacht ann gur féidir brath ar an eagraíocht, cuimhnigh go mbíonn am ag teastáil i gcónaí chun go socróidh rudaí agus ba cheart duit a bheith foighneach. Ní bhíonn gach misean deonach feiliúnach do gach oibrí deonach, agus cé go bhféadfadh sé nach bhfeilfeadh sannachán amháin duitse, beidh neart cinn eile ann a fhreastalóidh ar na riachtanais agus na hionchais atá agat.

D’fhoilsigh Ionad Oibrithe Deonacha na hEorpa (CEV) uirlis chun cuidiú leat deiseanna oibre deonaí a mheas. Bheadh sé áisiúil duit le linn an phróisis cinnteoireachta ionas go mbeidh tú in ann an beart is oiriúnaí a dhéanamh.