Is cathair idéalach é Vadús, príomhchathair Lichtinstéin, agus tá cónaí ag teaghlach prionsúil Lichtinstéin ann. Is é Caisleán Vadús an sainchomhartha is suntasaí atá sa chathair, agus tá sé suite go hard os cionn na cathrach ar léibheann carraige. Cé nach bhfuil an caisleán oscailte don phobal, is fiú go mór ann féin an t-aistear siúil suaimhneach suas an cnoc. Is é Kunstmuseum Liechtenstein músaem stáit na nua-ealaíne agus na healaíne comhaimseartha. Críochnaíodh tógáil an fhoirgnimh mhonailiotailigh in 2020 agus léiríonn sé idir chastacht struchtúrach agus simplíocht dhiscréideach. Cruth ‘bosca dubh’ maorga atá air, é déanta de choincréit imire agus cloch bhasailt dhorcha.
Suite díreach ar an teorainn leis an nGearmáin, le radhairc iontacha ar na hAlpa Thoir, tá Salzburg, cathair a léiríonn cultúr clasaiceach na hOstaire. Rugadh Wolfgang Amadeus Mozart ann ag 9 Getreidegasse, agus is músaem é a theach anois ina dtaispeántar a shaol agus a shlí bheatha. Bhí cónaí ar roinnt péintéirí éagsúla in Salzburg freisin – idir Hans Markat, duine de na daoine is mó a chuaigh i bhfeidhm ar Gustav Klimt, agus Tina Blondell, ealaíontóir comhaimseartha ceannródaíoch. Ó chórais treorach do dhaoine dalla go rochtain saor in aisce ar pháirceáil do thiománaithe faoi mhíchumas, oibríonn an chathair le daoine faoi mhíchumas chun a chinntiú go bhfuil sí chomh cuimsitheach agus is féidir – tionscnamh arb é an toradh a bhí air gur bhuaigh Salzburg an chéad áit i nGradam don Chathair is Inrochtana 2012. Agus tú sa chathair, bíodh do bhróga siúil leat agus téigh suas sliabh Festungsberg chun cuairt a thabhairt ar Hohensalzburg, an dún slán is mó i Lár na hEorpa.
Suite ag bun shliabh Kreuzbergl, tá Klagenfurt, cathair le saol cultúrtha beoga éagsúil. Tá músaeim cosúil le Stadtgalerie Klagenfurt agus Músaem na Nua-Ealaíne le fáil ann, ach tá líon mór dánlanna príobháideacha agus spásanna ealaíne ann freisin. Dóibh siúd ar spéis leo an mhínealaín, is cinnte gur fiú cuairt a thabhairt ar Emblem Hall i nGailearaí Landhaus, áit a bhfuil 665 fheathal atá péinteáilte go beacht le fáil! Má thógann tú turas traenach uair an chloig siar ó Klagenfurt, tiocfaidh tú ar Thúr Pyramidenkogel, an túr féachana adhmaid is airde ar domhan. Ó bharr an túir, is féidir leat lán na súl a bhaint as timpeallacht phictiúrtha alpach. Mura bhfuil fonn ort an staighre a thógáil an bealach ar fad anuas, ná bac leo, agus léim ar an sleamhnán 120 méadar ar fhad; an bealach is tapa chuig an mbun.
Nuair a bhaineann tú stáisiún traenach Nova Gorica amach, seans go dtrasnóidh tú an teorainn isteach san Iodáil de thaisme, toisc nach bhfuil an chathair Shlóivéineach ach cúig nóiméad de shiúl na gcos ó Gorizia, a mhacasamhail Iodálach. Is baile óg é Nova Gorcia, a tógadh go luath sna 1950idí – ach tá fás tagtha ar a Ghailearaí Cathrach agus tá sé anois ar cheann de na spásanna ealaíne comhaimseartha is ardphróifíle i réigiún Goriška. Is í an chathair Shlóvéineach sin a bheidh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2025 agus beidh páirt ag a comhchathair, Gorizia, trasna na teorann san Iodáil, i gceiliúradh an teidil sin. Ag spaisteoireacht leat timpeall na sráideanna, feicfidh tú samplaí cruthanta d’ailtireacht nua-aoiseach le cur i gcomparáid le radharc stairiúil ar an réigiún má thugann tú cuairt ar Mhúsaem Goriška. Ná déan dearmad an traein a thógáil trasna Dhroichead Sokan – ceann de na droichid iarnróid chloiche is faide ar domhan – chun radhairc iontacha a fháil ar an timpeallacht.
Tá príomhchathair na Slóivéine tar éis athrú go héici-phríomhionad le deich mbliana anuas, le sráideanna coisithe a fhágann gur díol áthais é lár na cathrach a nochtadh ar shiúl na gcos. Tá an bailiúchán amharc-ealaíon is mó sa tSlóivéin le fáil sa Ghailearaí Náisiúnta, agus i Músaem na Nua-Ealaíne, tá ealaín na Slóivéine ón 19ú haois agus ón 20ú haois le fáil. Tá Liúibleána ag tacú leo siúd atá faoi mhíchumas nó a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta acu lena bplean gníomhaíochta ‘Liúibleána: Inrochtana do chách.’ De thoradh air sin, tugadh aitheantas don chathair sa Ghradam don Chathair is Inrochtana roinnt uaireanta; le moladh speisialta in 2012, leis an tríú háit in 2015 agus an dara háit in 2018. Tapaigh an deis agus tabhair cuairt ar an gcaisleán íocónach atá crochta ar an gcnoic i lár na cathrach – gheobhaidh tú radharc ón aer ansin ar fhormhór Liúibleána, chomh maith leis na sléibhte máguaird.