Is cathair í Hamburg na Gearmáine a bhfuil neart le déanamh agus le feiceáil ann – ba mhór ab fhiú duit cuairt a thabhairt air agus tú ar do thuras DiscoverEU. Is mór an spreagadh lá a chaitheamh ag siúl na cathrach seo. Bhainfeadh an ailtireacht an anáil díot, is breá iad bruacha abhainn na hEilbe agus na fearainn pháirce atá timpeall ar an gcathair, agus is iomaí sin músaem uathúil atá ann. Tá sé de cháil ar Hamburg gurb í an Chathair Chliste is nuálaí sa Ghearmáin í, agus is é a bhain an chéad áit amach ní hamháin i rangú 2020 Bitkom, ach i rangú 2020 Haselhorst Associates freisin. Táthar ag baint triail as an tiomáint uathrialach ann, féachaint cé mar is féidir í a chur chun fónaimh do mhuintir na hEorpa. Mar sin, léim ar mhionbhus uathrialach e-shuttle go bhfaighe tú síob tríd an gcathair agus gan aon duine ar an stiúir! Tabhair cuairt ar Hammerbrooklyn.DigitalCampus chun tuilleadh eolais a fháil faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i réimse na nuálaíochta uirbí agus digití.
Tabhair cuairt ar Poznań agus féach leat ceann scríbe nach bhfaigheann a dóthain aitheantais! Tá Poznań ar na cathracha is sine sa Pholainn, mar a bhfuil go leor séadchomharthaí áille, eaglaisí agus seanfhoirgnimh ar fáil lena hoidhreacht stairiúil. Agus tú ag seanchearnóg mhargaidh Stary Rynek, beidh tú in ann sult a bhaint as atmaisféar suaimhneach agus as ailtireacht iontach halla an bhaile a tógadh le linn an Renaissance. Téigh chomh fada le Páirc an Dúnfoirt ar imeall lár na cathrach mar a mbainfidh tú taitneamh as locháin mhaisithe, caiféanna iontacha, gairdíní lusanna agus fiú iarsmaí daingne ón 19ú haois agus taispeántais éagsúla dealbhóireachta faoin aer. Is tosaíocht í an inrochtaineacht in Poznań freisin. D’fhorbair Halla an Bhaile i gCathair Poznań tairseach gréasáin atá tiomnaithe do dhaoine faoi mhíchumas ina bhfuil eolas reatha maidir le himeachtaí, iompar agus go leor eile. Bronnadh an 3ú háit ar an gcathair in 2014 sa Ghradam don Chathair is Inrochtana, agus tugadh moladh ar leith di in 2021. Chun do bhealach a dhéanamh sa chathair, bain úsáid as PEKA. Is ardán ticéadaithe iompair atá ann lena mbeidh tú in ann an ticéad céanna a úsáid chun dul ar sheirbhísí iompair phoiblí de chuid soláthraithe éagsúla. Cén limistéar a rachaidh tú ann ar dtús?
Tá go leor le déanamh agus le feiceáil i gcathair Białystok na Polainne agus is áit fhoirfe é le cuairt a thabhairt air ar do thuras DiscoveryEU! Tá cultúr saibhir ilghnéitheach ann, ar a bhfuil tionchar na bPolannach, na Rúiseach, na Bealarúiseach, na dTatarach, na Maigiarach, na gCaitliceach, na gCríostaithe Ceartchreidmheacha, na Moslamach agus na nGiúdaigh. Is i limistéar ar a dtugtar ‘Scamhóga Glasa na Polainne’, mar gheall ar an gcáilíocht aeir, atá Białystok suite. Tar éis cuairt a thabhairt ar Phálás Branicki, téigh ar shiúlóid thart ar Pháirc Planty agus tabhair spléachadh ar fháil agus toir néata, ceapacha bláthanna a n-amharctar go maith ina ndiaidh, dealbha, locháin bheaga, agus gairdín rósanna ceithre shraith. Ach ná bíodh dul amú ort! Ní haon Chóitín Luachra atá in Białystok; tá an chathair diongbháilte a bheith ina cathair chliste. Tá córas bainistíochta tráchta cliste i lár na cathrach ann, rud a fheabhsaíonn agus a mhéadaíonn éifeachtúlacht iompair trí líonra ceamaraí.
Idir na heaglaisí nuachlasaiceacha sa chathair agus a stair shuimiúil, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar Vilnias. Lean bruach abhann an Neris chun Vilnias a fheiceáil de shiúl na gcos. Trasnaíonn an cosán trí lár na cathrach agus beidh tú in ann beáir agus caiféanna cois farraige a fheiceáil, agus ealaín sráide, dealbha anseo is ansiúd san áireamh, agus ceann de na spásanna glasa is mó sa chathair. Ansin tabhair aghaidh ar lár Chearnóg Ardeaglais Vilnias chun teacht ar leacán míorúilte Stebuklas. Leag do chos air, tiontaigh thart ar deiseal 3 huaire, léim agus déan do bhosa a bhualadh agus tú ag déanamh achainí – dar le muintir na háite go bhfíorófar é. Ach maidir le stádas cathrach cliste a bhaint amach, ní ar mhíorúiltí atá Vilnias ag brath. Tá príomhchathair na Liotuáine ag forbairt Mórbhealach Idirlíon na Rudaí Nithiúla chun raon leathan cuspóirí Cathrach Cliste a bhaint amach, ina measc sin soilsiú cliste, úsáid uisce, páirceáil chliste, bainistíocht dramhaíola agus tionscnaimh tráchta chliste.
Ar mhaith leat sos a ghlacadh ón saol cathrach? Bíodh cur chuige glas agat agus tabhair cuairt ar Ignalina! Tá cáil ar a cheantar in Oirthear na Liotuáine as na tírdhreacha áille atá ann. Tá breis agus 200 loch ann, roinnt aibhneacha agus lochán, agus is foraoisí atá in aon trian den chríoch. Chuir an chuid fhiáin seo den Liotuáin borradh faoina forbairt in 1866 nuair a tógadh an t-iarnród idir Cathair Pheadair agus Vársá. Sa lá atá inniu ann, oibríonn Ignalina chun scileanna TF dhaonra na cathrach a fhorbairt, chun tacú le digitiú na seirbhísí poiblí sa réigiún, rud a gcuidíonn maoiniú an Aontais leis. Agus tú in Ignalina, téigh siar san am trí chuairt a thabhairt ar Mhúsaem na Beachaireachta Ársa, agus bain taitneamh as roinnt ealaíne agus tú ag siúl, a bhuí leis na dealbha saor in aisce atá sa chathair.
Má thugann do thuras DiscoverEU go dtí an Laitvia thú, tabhair cuairt ar Ríge! Cuirfidh an stair shaibhir, an ailtireacht iontach agus an tsiamsaíocht bhríomhar oíche iontas ort. I seanbhaile Ríge, ná caill amach ar an dealbh saoithiúil de Cheoltóirí Bhaile Bremen a bhfuil 4 ainmhí ann, bunaithe ar shíscéal iomráiteach leis na Deartháireacha Grimm, agus glac féinphic leo. Téigh leat ag spaisteoireacht sa chathair iontach Bhaltach seo agus déan do bhealach a bhuíochas leis na 930 ball te Wi-Fi ardluais saor in aisce atá ar fáil ar fud na cathrach. Tá Ríge tiomanta a bheith ina cathair chliste, agus seoladh Tionscadal na gCnuasach Cathracha Cliste ann le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach. Nascann an t-ardán seo fiontraithe Laitviacha le heagraíochtaí taighde chun tionscadail a fhorbairt a thacaíonn le cuspóirí Cathrach Cliste.
Is ar bhruach Mhurascaill Mhuir Bhailt na Fionlainne atá príomhchathair na hEastóine, Taillinn, suite. Tá tionchair Lochlannacha, Rúiseacha agus Oirthear na hEorpa le fáil ann. Agus tú ann, bí cinnte dul ar shiúlóid ar na sráideanna lúbacha suas go hArdán Amhairc Kohtuotsa, ar an taobh thuaidh de Chnoc Toompea. Ón áit sin gheobhaidh tú na radhairc is fearr ar an seanbhaile álainn, ar na sráideanna doirneogacha agus ar an daingean ann. Cé gur cathair mheánaoiseach í Taillinn, beidh tú in ann Wi-Fi a rochtain saor in aisce ar an líonra tramanna ann. Bhí príomhchathair na hEastóine sa dara háit i bPríomhchathair Nuálaíochta na hEorpa in 2017 agus bhuaigh sí Netexplo Smart Cities 2020. Tá 86 ríomhsheirbhís lándigiteacha ann a shimplíonn idirghníomhaíochtaí na saoránach leis an rialtas bardasach agus leis na seirbhísí poiblí.
Is minic a dhéanann turasóirí dearmad ar Tampere, atá suite i lár na Fionlainne, mar gheall nach dtéann siad níos faide ná Heilsincí go minic. Mar sin, bímis fiosrach agus cuirimis eolas ar an gcathair seo! Tá go leor músaeim neamhghnácha éagsúla in Tampere, mar shampla an músaem spiaireachta, músaem cáiliúil charachtair Moomin nó Músaem Cluichí na Fionlainne, áit ar féidir leat níos mó a fhoghlaim faoi stair na cluichíochta digití. Tá lochanna thart timpeall ar an gcathair Fhionlannach seo. Má thugann tú cuairt ar Tampere sa gheimhreadh, tapaigh an deis iascaireacht oighir a dhéanamh nó siúlóid Nordach a dhéanamh! Agus tú ag siúl timpeall na cathrach, mothóidh tú go bhfuil tú an-sábháilte go deo. Leis an tionscadal SURE atá maoinithe ag an Aontas, tá sé d’aidhm ag Tampere saol na gcoisithe a dhéanamh níos sábháilte a bhuí le réiteach Idirlíon na Rudaí Nithiúla. I mí Eanáir 2020, shínigh an chathair an Dearbhú ‘Join, Boost, Sustain’ maidir le teacht le chéile chun todhchaí uirbeach inbhuanaithe a mhúnlú tríd an digitiú.