Skip to main content
Submitted by Elisavet KOZAKOU on
Draw lines
Yes
Color
#8b0000
Cities/Points
Name
Milano
Country
an Iodáil
Population
1371498
Why visit?

Tá meon nua-aimseartha agus ardstíl uirbeach in Milano agus is údar mórtais é go bhfuil an chathair féin nuálach agus inbhuanaithe mar is ceart agus, ní hamháin sin, is amhlaidh atá luachanna Bauhaus Eorpach Nua (BEN) fite fuaite inti.

In Milano is díol iontais í an Fhoraois Ingearach an chéad fhoirgneamh ar domhan a chuireann spásanna cónaithe agus an tithíocht go hiomlán in oiriúint don dúlra agus, dá réir sin, cabhraíonn sé leis an ardú atá ag teacht ar theochtaí a chomhrac.

Cuireann Milano fáilte chaoin roimh chách agus is tábhachtach leis an gcathair an fhorbairt lena chois sin, áit a bhfuil tionscnaimh agus tograí cultúrtha á gcur chun cinn trína iliomad spásanna atá curtha ar fáil go sonrach d’ócáidí idir cruthaitheach agus ealaíonta. Tapaigh an deis chun cuairt a thabhairt ar an músaem ealaíne Pirelli HangarBicocca, seansuíomh tionsclaíoch a bhfuil saothair iontacha ealaíne comhaimseartha ar taispeántas ann inniu. Bí cinnte freisin go dtabharfaidh tú cuairt ar an Mare Culturale Urbano, ionad cultúrtha arb é is aidhm dó ealaín chomhchoiteann a chruthú, smaointe úra a spreagadh agus bia a chomhroinnt.

Déan tamall spaisteoireachta tríd an Éicéi-cheantar Porto di Mare, an limistéar sin den chathair a rinneadh a athnuachan ar bhonn suntasach agus bhuaigh sé Gradam Réaltaí Óga Bauhaus Eorpach Nua 2021 dá thoradh sin. Agus bí ag faire amach do na háiteanna sin a tháinig faoi thionchar chlár Piazze Aperte ar fud na cathrach, clár a d’athraigh seansráideanna agus limistéir pháirceála go spásanna poiblí nua, ceantair do choisithe, lánaí píolótacha rothaíochta agus spásanna sóisialta, cuir i gcás.                                                                                    

Is fiú cuairt a thabhairt chomh maith ar mhargaí bia Milano, ní hamháin chun tuiscint a fháil ar tháirgí bia agus ar chócaireacht na hIodáile, ach toisc gurb é is aidhm do na margaí bia a bheith inbhuanaithe trí aistriú chuig córas ciorclach bia.

Image
Milano
Coordinates
45.4628328,9.1076928
Tags with icon
Bicycle-friendly
Sustainable initiatives
Urban renewal
Name
Salzburg
Country
an Ostair
Population
157245
Why visit?

Cathair san Ostair is ea Salzburg atá ag ag amharc faoi chiúnas ar an nGearmáin agus ar na hAlpa thoir tá sé líon lán leis an ealaín, leis an gcultúr agus le heachtraí stairiúla agus tá feabhas á chur i rith an ama ar a thionscnaimh inbhuanaithe atá ag teacht le cuspóirí Bauhaus Eorpach Nua (NEB). Is é rud a deirtear faoi Salzburg gur cathair atá an-luachmhar go deo don chine daonna í agus ó 1997 i leith is suíomh oidhreachta domhanda de chuid UNESCO é seanbhaile stairiúil Salzburg.

Ba chóir duit eolas a chur ar shainchomharthaí na cathrach agus turas a dhéanamh tríd an ré Bharócach. Is mór is fiú cuairt a thabhairt ar an Dreifaltigkeitskirche (Eaglais na Tríonóide Ró-Naofa) ar sárshaothar barócach le Fischer von Erlach í agus a bhfuil gairdíní faoi aoibhneas dathanna ar gach taobh di. Agus is sa Hagenauer Haus féin a thagann fíor-anam ealaíona Salzburg chun solais: is ann a rugadh Wolfgang Amadeus Mozart agus tá an músaem ar cheann de na músaeim Ostaracha is mó a mheallann cuairteoirí isteach ann. Is aoibhinn timpeallacht na cathrach i gcomhair taibheoirí is ealaíontóirí araon agus is in Salzburg atá an Landestheater suite, áit a bhfuil na céadta léiriúchán á gcur ar siúl gach séasúr.

Is eagraíocht neamhbhrabúsach é Seimineár Domhanda Salzburg a thugann dúshlán do cheannairí domhan níos fearr a mhúnlú. Is buaiteoir Ghradam don Chathair is Inrochtana é Salzburg freisin (2012) agus tugadh aitheantas do roinnt foirgneamh le Duais an Aontais Eorpaigh le haghaidh na hAiltireachta Comhaimseartha – Gradam Mies van Der Rohe agus, san am céanna, tugadh aitheantas leis an duais sin do Mhargadh na mBláthanna (leis na hAiltirí Wimmer Zaic), don Chlub Iarscoile Bardasach (leis na hAiltirí Maria Flockner agus Schnoll Hermann) agus don Panzerhalle.

Image
Salzburg
Coordinates
47.8028453,12.9846724
Tags with icon
Rediscover the history
UNESCO World Heritage List
Sustainable initiatives
Bicycle-friendly
Name
Laoch-chathair NEB: Liúibleána (Ljubljana)
Country
Slóivéinis
Population
295504
Why visit?

Tá Liúibleána, príomhchathair na Slóivéine dílis diongbháilte do phrionsabal Bauhaus Eorpach Nua (NEB) a bhaineann le forbairt uirbeach inbhuanaithe ionchuimsitheach agus tá an dúrud tionscadail athfhorbartha agus athnuachana uirbí á gcur i gcrích ann. Is díol suntais é an spás táirgthe KRATER atá faoi stiúir an phobail, agus tá lear mór stáisiúin éagsúla taobh istigh de, ceardlann déanamh páipéir agus an tearmann do phlandaí pota tréigthe ina measc. Agus é gar do lár na cathrach, d’eascair sé as an láithreán tógála a ndearnadh faillí ann, é ar nós cráitéir chun spás a thairiscint do chleachtóirí éiceashóisialta dá gceardlanna agus chun táirgeadh ábhar, cleachtas agus comhaontais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chothú.

I gcroílár na cathrach, i gCearnóg Prešeren atá ar dhéanamh triantáin, tagann idir beocht agus brí i spiorad Liúibleána trí imeachtaí ealaíonta agus tríd an taibhealaín. Is spás glas uirbeach í Páirc Tivoli a bhfuil tóir ag an bpobal uirthi, arb í an pháirc is mó agus is áille i Liúibleána í. Agus fairsinge 5 km2 sa pháirc, tá Promanáid Jakopič istigh inti, bhíonn sí oscailte ó cheann ceann na bliana agus tá clú agus cáil uirthi mar ionad faoin aer le haghaidh taispeántais ghrianghrafadóireachta.

Mar aon le go leor tionscnaimh fhiúntacha eile a thuill ainmniúchán an Ghradaim don Chathair is Inrochtana 2023 do Liúibleána, tá an chathair ar a dícheall spásanna glasa uirbeacha a chosaint agus a fheabhsú, agus tá conair bheach tógtha aici chun athbhunú éiceolaíoch a chur chun cinn.

Tabhair cuairt ar an Cyanometer a athraíonn de réir dhath gorm na spéire agus a dhéanann cáilíocht an aeir a thomhas chomh maith. Ansin, ná failligh ar an deis chun a fháil amach faoi cheann de na láithreacha is aistí agus is suimiúla sa chathair: an Metelkova Mesto, arb ionad cultúrtha éagoiteann é atá maisithe le ballaí graifítí agus múrphictiúir ildaite ar gach taobh.

Image
Liúibleána (Ljubljana)
Coordinates
46.0662151,14.4620596
Tags with icon
Access City Award winner
Rich in green spaces
NEB Projects
Name
Celje
Country
Slóivéinis
Population
37872
Why visit?

Tá Celje ar an gceathrú cathair is mó sa tSlóivéin agus ar cheann de na Cinn Scríbe Ghlasa sa tír – áiteanna a dtugtar aitheantas dóibh i ngeall ar a n-inbhuanaitheacht. Tá sé ag teacht go huile is go hiomlán le cuspóirí Bauhaus Eorpach Nua (NEB), agus bíonn cineálacha éagsúla de thionscnaimh athchóirithe uirbeacha á gcur i gcrích ann. Ag an Tehnopark idirghníomhach, seansiopa ilrannach a athraíodh ina ionad eolaíochta, foghlaimeoidh tú faoin nuálaíocht agus faoi ghnéithe ealaíonta na heolaíochta. 

Istigh ann tá an margadh nuachóirithe agus a struchtúr oscailte a ligeann isteach neart solais agus aeir. Agus tú anseo, tá go leor foirgnimh agus spásanna suimiúla eile le feiceáil ar do shuaimhneas, Skylight Photo Studio le Josip Pelikan, cur i gcás séadchomhartha cultúrtha oifigiúil a chuireann saothar an mhór-ghrianghrafadóra seo ar taispeáint. Sa Stiúideo, foghlaimeoidh tú faoi gach gné de dhéanamh grianghraif: tá gach uile chéim de tháirgeadh grianghraif á léiriú ar gach urlár.

I gcás taistealaithe is misniúla fós, is láthair iontach í Páirc Eachtraíochta Celje atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus beidh tú in ann idir aclaíocht agus spraoi a dhéanamh amuigh faoin aer.

Image
Celje
Coordinates
46.2358863,15.2195842
Tags with icon
Urban renewal
Sustainable initiatives
Name
Ságrab (Zagreb)
Country
Cróitis
Population
684000
Why visit?

Is seoid Eorpach í príomhchathair na Cróite, Ságrab, in iarthuaisceart na tíre, atá lán le hailtireacht stairiúil agus dearaí uirbeacha comhaimseartha agus ar meascán den dá ré stairiúla í a thugann léiriú cruthanta ar Bauhaus Eorpach Nua  (NEB). I gcroílár na cathrach, tógadh sárshaothair ailtireachta i gcuid íochtair den Bhaile, sárshaothair a mhair go slán sábháilte ó aimsir Impireacht Habsburg.

Tá clú ar Shágrab freisin as an iliomad páirceanna, foraoisí agus lochanna atá ann, agus ba é an Phríomhchathair Ghlas Eorpach in 2016 é. Is fiú duit cuairt a thabhairt ar Botanicki Vrt, gairdín luibheolaíoch agus músaem ón naoú haois déag a dtugann Dámh Ollscoile na hEolaíochta aire dóibh agus is ansin atá an pobal in ann tuiscint níos fearr a fháil ar áilleacht an dúlra máguaird.

Agus tú ag siúl timpeall na cathrach, tiocfaidh tú a fhad leis an Trg bana Josipa Jelačića, cearnóg lárnach a bhfuil tobar heicseagánach ann. Ansin, is féidir cuairt a thabhairt ar an bPailliún Ealaíne, arb é an chéad ionad taispeántais iomráiteach in oirdheisceart na hEorpa é.

Tá roinnt músaeim agus taispeántais neamhghnácha le feiceáil thart ar an bpríomhchathair freisin, Músaem na gCaidreamh Briste, cuir i gcás, atá deartha chun cabhrú linn tuiscint a fháil ar ghrá an duine agus ar an gcaillteanas agus foghlaim uathu sin. Agus ná déan dearmad ar Mhúsaem Ealaíne Soineanta na Cróite, a bunaíodh sna 1950idí agus atá fós ag cur thar maoil le saothair ealaíontóirí ó gach uile chúlra.

 

Image
Ságrab (Zagreb)
Coordinates
45.8402941,15.8942921
Tags with icon
Rediscover the history
NEB Projects
Rich in green spaces