DiscoverEU - glao ar iarratais
Ó 2027 ar aghaidh, beidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa chlár Erasmus+, DiscoverEU san áireamh.
An bhfuil tú 18 mbliana d’aois agus an bhfuil cónaí ort i mBallstát den Aontas nó i dtríú tír a bhfuil baint aici le Erasmus+? Faigh faoi réir le dul ag taiscéalaíocht san Eoraip!
Cén uair a bheidh an chéad bhabhta iarratais eile ar siúl?
Tá an chéad bhabhta iarratais eile beartaithe idir an 1 agus an 15 Deireadh Fómhair 2026 (é ag oscailt agus ag dúnadh ar 12:00:00 meán lae, am na Bruiséile). Beidh cnaipe ‘Déan iarratas anois’ le feiceáil ar an leathanach seo nuair a bheidh an tréimhse iarratais ar oscailt!
Cad é DiscoverEU?
Is gníomhaíocht de chuid chlár Erasmus+ é DiscoverEU a thugann deis duit taisteal agus eolas a chur ar éagsúlacht na hEorpa, foghlaim faoina hoidhreacht chultúrtha agus a stair, agus nascadh le daoine ó gach cearn den mhór-roinn.
Tairgfear pas taistil duit chun bogadh thart ar na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol, cuir i gcás traenacha. Ceadófar modhanna iompair eile i gcásanna sonracha, do dhaoine atá ina gcónaí ar oileáin nó i gceantair iargúlta.
Gheobhaidh tú cárta lascaine DiscoverEU freisin le haghaidh lear mór lascainí ar lóistín, imeachtaí cultúir, imeachtaí spóirt, iompar áitiúil, nó seirbhísí eile.
Cén chaoi a n-oibríonn sé?
Beidh tú incháilithe más rud é:
- gur rugadh thú idir an 1 Eanáir 2008 agus an 31 Nollaig 2008, na dátaí sin san áireamh;
- go líonann tú isteach an uimhir aitheantais (ID), uimhir phas nó uimhir an cheada cónaithe ar an bhfoirm iarratais ar líne;
- go bhfuil tú i do shaoránach nó i do chónaitheoir* de chuid ceann díobh seo a leanas:
- Ballstát den Aontas Eorpach, i réigiúin is forimeallaí an Aontais san áireamh, nó
- tíortha agus Críocha Thar Lear atá bainteach leis an Aontas Eorpach, nó
- na tríú tíortha a bhfuil baint acu le clár Erasmus+: an Íoslainn, Lichtinstéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Iorua, an tSeirbia agus an Tuirc.
- go n-aontaíonn tú le dearbhú na foirme iarratais.
* Le haghaidh tuilleadh eolais, féach na Rialacha, roinn ‘2. Iarratasóirí incháilithe’
Ansin beidh ort páirt a ghlacadh i quiz (ceannaire an ghrúpa amháin i gcás iarratas grúpa).
Má éiríonn leat, is féidir leat taisteal ar feadh tréimhse suas le 7 lá laistigh de thréimhse aon mhí amháin ar a mhéad le linn na tréimhse taistil údaraithe ón 1 Márta 2027 go dtí an 31 Bealtaine 2028.
Má tá míchumas ort nó má tá fadhb shláinte agat a fhágann go mbeidh an taisteal dúshlánach duit, gheobhaidh tú cúnamh agus tacaíocht.
An féidir liom taisteal le mo chairde?
Is féidir é sin a dhéanamh! Is féidir leat taisteal i d’aonar freisin, nó suas le ceathrar cairde a chur le do ghrúpa ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta thuas. Bainfidh siad úsáid as do chód iarratais nuair a chuireann siad féin isteach ar an tionscnamh. Féach ar B.5 go B.11 sna Ceisteanna Coitianta le haghaidh tuilleadh eolais.
Is féidir leat pleananna taistil a nascadh le taistealaithe eile DiscoverEU! D’fhéadfadh Grúpa Facebook DiscoverEU cabhrú leat chun é sin a dhéanamh má thoilleann tú úsáid a bhaint as an ardán sin ar na meáin shóisialta*. Glac páirt sa Ghrúpa anois chun comhrá a dhéanamh le rannpháirtithe eile.
A luaithe a roghnófar thú, cuideoidh Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ leat nascadh agus foghlaim trí chruinnithe réamhimeachta a eagrú agus taistealaithe a thabhairt le chéile sula n-imíonn siad.
* Tagann próiseáil sonraí pearsanta faoi Choinníollacha Cosanta Sonraí ar leithligh agus faoi ráiteas príobháideachais sonrach Facebook, a fheidhmíonn mar rialaitheoir sonraí ar leithligh.
Taithí a chomhroinnt
Is Ambasadóirí DiscoverEU iad na rannpháirtithe go huathoibríoch. Agus tú i d’Ambasadóir, iarrfar ort do thaithí taistil a chomhroinnt ar na meáin shóisialta agus an haischlib #DiscoverEU a úsáid. Is féidir leat fiú cur i láthair a dhéanamh i do scoil nó sa cheantar ina bhfuil cónaí ort.
An bhfuil tuilleadh eolais uait?
An bhfuil suim agat sna babhtaí iarratais a bhí ann cheana? Má tá, léigh bileoga eolais DiscoverEU, ina bhfuil tuilleadh sonraí faoin ngníomhaíocht agus faoin dóigh ar éirigh le roinnt daoine óga a chuaigh ag taisteal faoi DiscoverEU.
Tá an Eoraip faoi do réir. Imigh faoina déin.
Físeán spreagúil TedX a rinne Vincent-Immanuel Herr