Skip to main content
Submitted by Beatriz RODRIG… on
Draw lines
Yes
Color
#E92020
Cities/Points
Name
Kraków
Country
an Pholainn
Population
766683
Why visit?

Más maith leat cuairt a thabhairt ar chathracha le go leor spásanna glasa, is í Kraków an chathair duit. Bhí Kraków ainmnithe sa bhabhta ceannais de Phríomhchathair Ghlas na hEorpa 2023, agus is éard a chuirtear ar fáil inti 207m2 de spás glas do gach duine atá ina gcónaí ann. An Seanbhaile, atá liostaithe ag UNESCO, is do choisithe amháin é agus is baile álainn é le dul ag spaisteoireacht ann. Mar a tharlaíonn sé, tá sé an-éasca do gach uile dhuine a mbealach a dhéanamh timpeall air, agus is léir é sin ón gcaoi ar bhain an chathair an dara háit amach i nGradaim don Chathair is Inrochtana 2012. Más spéis leat siúlóid beagán níos faide a dhéanamh, téigh chuig Páirc Planty, crios glas de níos mó ná 200,000m2 atá thart ar an Seanbhaile. Cuireadh an crios sin ann in ionad na ndaingnithe meánaoiseacha a bhíodh ann roimpi. Má tá níos mó dúlra uait go fóill, téigh ar turas tram gearr ó lár na cathrach agus chun cuairt a thabhairt ar mhóinéir, ar fhoraoisí agus ar anaclanna dúlra.

Image
Kraków - an Pholainn -
Coordinates
50.0464824,19.6929927
Tags with icon
Walkable City
Access City Award Winner
UNESCO World Heritage List
European Green Capital Finalist
Name
Brno
Country
Poblacht na Seice
Population
379526
Why visit?

Is geall le bolgam aeir é Brno, ach is ósais ghlas í. Ón iliomad páirceanna agus gairdíní atá le fáil sa chathair, agus a gcarachtar uathúil ag gach ceann acu mar aon le rudaí spéisiúla le déanamh iontu, go páirc fianna díreach lasmuigh den chathair agus rochtain éasca uirthi ar iompar poiblí, tá an t-uafás áiteanna le ceangal leis an nádúr. Mar shampla, is spás oideachasúil é na Gairdíní Oscailte le teach éighníomhach uathúil le díon glas agus agus conair oideachasúil. Más fearr leat do scíth a ligean ar bhealach níos gníomhaí, molaimid duit Špilberk a dhreapadh agus cuairt a thabhairt ar an gcaisleán ón 13ú haois ar a bharr, sin nó buail ar aghaidh chuig taiscumar Brno - áit iontach chun spórt a imirt agus do scíth a ligean. Is féidir leat freisin cuairt a thabhairt ar Ghairdín na Lus agus tuilleadh eolais a fháil faoi phlandaí.

Image
Brno - an tSeicia
Coordinates
49.2019529,16.4131507
Tags with icon
Plenty of Nature
#BeActive
Name
Graz
Country
an Ostair
Population
283869
Why visit?

Is í Graz príomhchathair Styria, nó ‘Croí Glas’ na hOstaire mar a thugtar uirthi i ngeall ar a limistéir mhóra ghlasa. A bhuí leis sin, tá neart deiseanna le dul amach faoin aer sa dúlra agus taitneamh a bhaint as éifeachtaí leighis an ghlasra. Beidh go leor roghanna agat maidir le háiteanna chun dul ag siúl, ag rothaíocht nó ag sciáil. Tá an t-uafás gradam bainte amach ag Graz a chruthaíonn an rath atá uirthi mar chathair ghlas chultúrtha: tá sí sa bhabhta ceannais do Ghradam do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa 2025, Príomhchathracha Cultúir na hEorpa 2003 agus tá an Lár Stairiúil agus Schloss Eggenberg liostaithe ag UNESCO. Más mian leat tú féin a thumadh go hiomlán sa dúlra, is féidir leat obair dheonach a dhéanamh ar fheirm orgánach trí ghluaiseacht WWOOF (Deiseanna ar fud an Domhain ar Fheirmeacha Orgánacha).

Image
Graz - an Ostair
Coordinates
47.0731644,15.3595614
Tags with icon
European Green Capital Finalist
Plenty of Nature
#BeActive
UNESCO World Heritage List
European Capital of Culture
Name
Velenje
Country
Slóivéinis
Population
24327
Why visit?

Dearadh Velenje sna 1950idí mar chathair ghairdín, agus dá bhrí sin bhí an duilliúr mar chuid dá DNA ón gcéad lá riamh. Lean sí dá tiomantas don chomhshaol agus bhuaigh sí Duilleog Ghlas Eorpach 2024 a bhuí le plean na cathrach le haghaidh deiseanna nua fostaíochta san earnáil ghlas. Tá sí ar cheann de na cathracha píolótacha freisin i Misean na gCathracha Aeráidneodracha atá á mhaoiniú ag an gCoimisiún Eorpach. Nuair a bheidh tú ann, téigh ar shiúlóid feadh an Promenada atá ar cheann de phríomhais na cathrach, agus tá athchóiriú á dhéanamh air chun tús áite a thabhairt don duilliúr agus spás do dhaoine, nó tabhair cuairt ar thrá Velenja, a bhfuil an-tóir ag muintir na háite air. Ansin, tiocfaidh tú ar uisce glan le dul ag snámh ann agus ní bheidh ach siúlóid ghearr ón mbaile agat chun an trá a bhaint amach.

Image
Velenje - an tSlóivéin
Coordinates
46.363674,15.0626769
Tags with icon
Spots to Swim
Green Leaf City
Name
Salzburg
Country
an Ostair
Population
152367
Why visit?

Tá Salzburg lonnaithe ar theorainn thuaidh na nAlp agus is stad idéalach í chun gníomhaíochtaí amuigh faoin aer a dhéanamh a thabharfaidh níos gaire don nádúr thú, cuir i gcás fánaíocht nó rothaíocht sléibhe. In Salzburg, a bhuí leis an raidhse gníomhaíochtaí geimhridh, cuir i gcás scátaí oighir, sciáil trastíre agus fánaíocht crú sneachta, níl aon chúis agat fanacht laistigh nuair a bhíonn sé fuar. Cuir éadaí teolaí ort agus cuir eolas ar an dúlra ó cheann ceann na bliana! Tá lár na cathrach liostaithe mar áit Oidhreachta Domhanda UNESCO agus is áit álainn í le dul ag spaisteoireacht timpeall, nó d’fhéadfá cuairt a thabhairt saor in aisce ar ghairdíní Schloss Hellbrunn, nó an áit a bhfuil an pailliún ó The Sound of Music.

Image
Saltzburg - an Ostair
Coordinates
47.8027764,12.9741786
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Access City Award Winner
#BeActive
European Green Capital
Name
Triesen
Country
Lichtinstéin
Population
5275
Why visit?

Tá Lichtinstéin suite go hiomlán sna hAlpa agus tá sí clúdaithe le foraoisí. Is áit fhoirfe í do dhaoine ar spéis leo eachtraí amuigh faoin aer agus is bunáit iontach í Triesen. Téigh ar an rian dúlra a thógfaidh 100 méadar suas ó Ghleann na Réine thú go dtí séipéal luath meánaoiseach Naomh Mamerta, é suite os cionn Triesen. Nó más mian leat dúshlán ceart a thabhairt do na cosa, cén fáth nach mbainfeá triail as Conair Lichtinstéin 75km? Cá háit eile a bhféadfá siúl timpeall na tíre ar fad laistigh de dheireadh seachtaine? Nó más fearr leat do bhealach a dhéanamh thart ar 2 roth, tá neart bealaí le cuallaí eolais maithe orthu, rud a fhágann gur áit iontach í Lichtinstéin do rothaithe sléibhe.

Image
Triesen - Liechtensein
Coordinates
47.0863405,9.4756937
Tags with icon
#BeActive
Plenty of Nature
Name
Gaillimh
Country
Éire
Population
79934
Why visit?

Tá Gaillimh crochta ar chósta thiar fhiáin na hÉireann (ar a dtugtar Oileán Iathghlas Éireann freisin toisc go bhfuil sí chomh glas sin). Bhí an bua aici sa chomórtas do chathair na Duilleoige Glaise Eorpaí in 2017 mar gheall ar a tiomantas don inbhuanaitheacht. Más mian leat nochtach a fháil ar an tuath agus cuairt a thabhairt ar chuid de láithreacha cáiliúla na hÉireann, is bunáit iontach í Gaillimh le dul chuig áiteanna ar nós Aillte an Mhótair nó cnoic Chonamara. Nó téigh ar shiúlóid feadh Shlí an Atlantaigh Fhiáin atá ar cheann de na bealaí cósta is faide ar domhan (2,600km). Leanann sé cósta na hÉireann ó Leithinis Inis Eoghain sa tuaisceart, thar Ghaillimh agus síos go Cionn tSáile sa deisceart. Nó téigh ar cuairt ar cheann de pháirceanna náisiúnta, de limistéir foraoisí agus d’anaclanna na hÉireann, iad breis agus 650 km2 d’achar.

Image
Gaillimh - Éire
Coordinates
53.2838831,-9.1311474
Tags with icon
Plenty of Nature
#BeActive
Green Leaf City