Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Is éard atá sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach buíon daoine óga atá tar éis a léiriú gur mian leo páirt a ghlacadh i dtionscadail dlúthpháirtíochta, daoine óga a aontaíonn le misean agus prionsabal an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus a sheasfaidh leis an misean agus leis na prionsabail sin.

Nuair a liostálann tú, coinneofar do shonraí i mbunachar an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, agus beidh eagraíochtaí in ann an bunachar sin a chuardach chun teacht ar dhaoine le bheith páirteach ina dtionscadail. Ansin, iarrfaidh na heagraíochtaí ar na daoine sin a bheith páirteach sna tionscadail sin.

Féadfaidh eagraíochtaí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú dá dtionscadail agus a luaithe is a fhaomhtar iad, beidh teacht ag na heagraíochtaí sin ar liosta na ndaoine atá cláraithe chun na daoine óga is fearr a d'oirfeadh dá dtionscadal a roghnú. Tar éis do na heagraíochtaí dul i dteagmháil leis na daoine óga sin a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach dá dtionscadail, déanfaidh siad an rogha deiridh. 

Déanfar seiceálacha ar gach eagraíocht sula n-údaraítear iad chun tionscadail a reáchtáil don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus sula gceadaítear dóibh daoine a chuardach agus a earcú dá dtionscadail.

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
Weight
10