Is féidir le mórchuid cineálacha eagraíochtaí tionscadail a reáchtáil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ina measc, tá eagraíochtaí rialtasacha, bardais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus comhlachtaí. Is féidir comhlachtaí móra idirnáisiúnta a bheith i gceist nó eagraíocht neamhrialtasach bheag a oibríonn i bpobal áitiúil. Chun páirt a ghlacadh ann, ba cheart d'eagraíochtaí lipéad cáilíochta an Chóir a fháil. Aon eagraíocht phoiblí nó phríobháideach ó Bhallstát de chuid an Aontais a bhfuil Lipéad Cáilíochta an Chóir aici, féadfaidh sí iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ar obair dheonach.
Féadfaidh eagraíochtaí ó thíortha comhpháirtíochta taobh amuigh den Aontas Eorpach agus a bhfuil lipéad cáilíochta an Chóir acu páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí i réimse na hoibre deonaí i gcáil comhpháirtithe.
