Skip to main content
© UNESCO © UNESCO

Leas a bhaint as an óige chun an oidhreacht chultúrtha agus an tsíocháin a chothú in Éimin

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 29/09/2020

Tá tionscadal UNESCO atá á mhaoiniú ag an Aontas ag cruthú post agus ag cumhachtú daoine óga in Éimin chun a n-oidhreacht chultúrtha a chosaint trí láithreáin stairiúla a athchóiriú, ar láithreáin iad a ndearna léirscrios orthu le linn na cogaíochta. Tríd an tionscadal, táthar ag súil leis an aontacht agus an tsíocháin a chothú, diaidh ar ndiaidh.

Tá Éimin i gcruachás na coinbhleachta ó bhí 2015 ann agus is é is toradh air sin géarchéim ollmhór dhaonnúil a bhfuil tionchar aici ar na milliúin duine. I ngeall go bhfuil 70% den daonra níos óige ná 25 bliana d'aois, tá daoine óga buailte go dona aici. Ní féidir le leath díobh post a fháil agus tá an bhochtaineacht go forleathan ina measc. 

San am céanna, tá damáiste as cuimse déanta d'oidhreacht chultúrtha na tíre, agus measann an tAontas gur gné lárnach um chothú na síochána í an oidhreacht chéanna.

Tháinig an tAontas agus UNESCO le chéile agus cheap siad smaoineamh nuálach lena ndéanfar iarracht difear a dhéanamh don dá ghné sin. Tionscadal €10 milliún “airgead le haghaidh oibre” atá sa smaoineamh lena gcuirfear oiliúint ar an óige uirbeach agus lena n-íocfar iad chun láithreáin stairiúla a chosaint, ar iarsmaí de shibhialtacht ársa cuid díobh. 

An sprioc? Is é an sprioc atá ann cuidiú le daoine óga in Éimin greim a choinneáil faoin bhfiacail, scileanna nua a fhoghlaim agus cuspóir an tsaoil a chruthú dóibh i gcúinsí deacra trí thábhacht na hoidhreachta cultúrtha a nochtadh dóibh chun go mbeidh sí ina cúis chomhchoiteann acu. 

“Tá an tionscnamh seo maidir le fostaíocht don óige agus leis an gcultúr ríthábhachtach chun athléimneacht a thógáil agus chun tacaíocht a thabhairt do chothú na síochána in Éimin,” a dúirt Mohammed Jumeh, ar buantoscaire UNESCO in Éimin é, i mí an Mhárta 2020 ag imeacht sa Bhruiséil a chuir an tionscadal os comhair an phobail.

I mbeagán focal, is tionscnamh 3 bliana é a leanfaidh ar aghaidh go dtí mí Lúnasa 2021 agus tá sé mar aidhm aige 4,000 duine óg a fhostú, agus 500 bean ar a laghad ina measc, ar feadh 500,000 lá san iomlán. Tuilleann na rannpháirtithe idir $8 agus $12 USD (€7-€10.75) in aghaidh an lae. 

Tríd an obair, dírítear ar Láithreáin Oidhreachta Dhomhanda UNESCO in Sana’a, in Shibam agus in Zabid, chomh maith le cathair stairiúil Aden. Bíonn gach cineál oibre i gceist, cuir i gcás aghaidheanna a dheisiú, cuí a chur ar dhíonta agus mionghnéithe casta ailtireachta a athchóiriú. 

Tacaíocht a thabhairt don dlúthpháirtíocht

Tríd an tionscnamh freisin, tógtar le chéile ealaíontóirí, scannánóirí, ceoltóirí agus daoine cruthaitheacha óga eile as Éimin a bhfuil cónaí orthu anois ar an gcoigríoch agus cumhachtaítear iad chun tacaíocht a thabhairt dá bpiaraí sa bhaile nach bhfuil na hacmhainní, na huirlisí ná na foinsí oideachasúla acu chun a gceird a chleachtadh. 

Mar chuid den tionscadal, eagraíodh Fóram Cultúrtha Dhiaspóra Óige Éimin de chuid UNESCO in Doha i mí Dheireadh Fómhair 2019. Ag an bhFóram sin, mhol baill an ghrúpa sin moltaí chun cruthaitheacht agus léiriú cultúrtha faoi stiúir na hóige a spreagadh de réir mar a leanann an choinbhleacht ar aghaidh. 

Is é a chuir Mariam Al-Dhubhani i dtábhacht an chaoi a bhféadfadh an scannánaíocht cuidiú le muintir Éimin maireachtáil go síochánta. Is rannpháirtí de chuid an ghrúpa agus scannánóir í Mariam atá lonnaithe anois i gCatar. 
“Cuidíonn an scannánaíocht linn maireachtáil le chéile,” a dúirt an bhean atá 29 mbliana d'aois le Tairseach Eorpach na hÓige. “Is muidne

muintir Éimin agus scaradh óna chéile sinn arís agus arís eile go dtí go gceapfaí nach bhfuil bealach ar bith ann sinn a thabhairt le chéile an athuair. Ach tá, agus bíonn i gcónaí. I ndeireadh na dála, tá stair choiteann againn agus tá talamh coiteann againn leis.”

Droim a chasadh ar an gcogaíocht

Mar chuid den tionscadal freisin, bronntar deontais ar scála beag ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta in Éimin chun comhtháthú sóisialta a spreagadh i measc na ndaoine óga agus chun cur le tionscadail chultúrtha agus leis an bhforbairt chultúrtha.

Is rannpháirtí eile de chuid an fhóraim é Osama Khaled, ar scannánóir as Éimin é atá lonnaithe anois i mBeirlín. Tríd an tionscadal, dírítear ar an gcultúr i gcoitinne agus dúirt sé go dtugann sin dóchas agus gur bealach tábhachtach é do dhaoine óga iad féin a chur in iúl, ar daoine óga iad a bhíonn ag maireachtáil trí dhiúltachas na cogaíochta. 

“Tá sé thar a bheith tábhachtach dearcadh eile a chur faoi bhráid na hóige,” a dúirt Khaled, a bhfuil 26 bliana slánaithe aige, le Tairseach Eorpach na hÓige.

In 2019, chuir an tAontas €440 milliún de mhaoiniú cabhrach daonnúla ar fáil d’Éimin.
 

Glac páirt

Airgead le haghaidh oibre: Deiseanna Slite Beatha a chur chun cinn i gcomhair na hÓige Uirbí in Éimin