Skip to main content
©  Photo by Adeolu Eletu on Unsplash © Photo by Adeolu Eletu on Unsplash

Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 21/10/2020

Má tá tú leagtha amach ar do ghnólacht féin a bhunú nó má tá gnólacht agat cheana féin, tugann Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga an deis duit a bheith ag obair le fiontraí seanchleachta i dtír eile san Aontas.

I do cháil mar shaoránach den Aontas Eorpach, tá tú i dteideal do ghnólacht féin a chur ar bun in aon tír san Aontas nó fo-bhrainse de ghnólacht atá san Aontas cheana a bhunú i mBallstát eile. Ní hionann na ceanglais sna tíortha go léir, mar sin tá sé tábhachtach eolas a chur ar na nósanna imeachta a chaithfidh tú a chomhlíonadh. 

Trí ardán gnólachtaí nuathionscanta ‘An Eoraip Agatsa', féadfaidh tú ceanglais mhionsonraithe na dtíortha éagsúla a sheiceáil, i.e. na dlíthe agus na nósanna imeachta riaracháin a chaithfidh tú a chur san áireamh agus a chomhlíonadh. Chomh maith leis sin, tá eolas faoi ábhair a bhaineann le cáin bhreisluacha agus custam, díol ar an gcoigríoch, ceanglais maidir le táirgí agus lipéid chomhshaoil le fáil ar ardán gnólachtaí ‘An Eoraip Agatsa'.

Más mian leat do ghnólacht a reáchtáil i níos mó ná Ballstát amháin, d'fhéadfá smaoineamh ar ghnólacht Eorpach a chur ar bun. Ar an dóigh sin, beidh tú in ann d'oifig chláraithe a aistriú go tír eile san Aontas gan an oifig a fhoirceannadh ar dtús, agus beidh tú in ann daoine a fhostú i níos mó ná tír amháin.

Is leis an bhFiontraíocht a thagann rath ar an smaoineamh 

Bíonn obair chrua de dhíth agus goile do rioscaí tomhaiste. Is í an nuálaíocht an rud is tábhachtaí – táirgí nó seirbhísí nua a fhorbairt nár cuireadh ar fáil riamh roimhe, nó iad a fhorbairt in áiteanna nach raibh siad ar fáil roimhe.

Tapaigh aon smaoineamh a ritheann leat, is cuma cé chomh craiceáilte agus a bheadh sé de réir tuairimí daoine eile. Ansin féadfaidh tú do smaointe a bheachtú, dul i mbun tobsmaointeoireachta le daoine eile, agus tosú ar phlean gnó a fhorbairt – doiciméad struchtúrtha ina dtugtar achoimre ar do spriocanna agus ar an dóigh a bhfuil tú ag iarraidh iad a bhaint amach.

Agus, ar ndóigh, ní gá duit é a dhéanamh i d'aonar – is féidir leat gnólacht a bhunú le cairde, le comhghleacaithe nó le baill teaghlaigh. D'fheadfadh sé go mbeadh ciall le dul ag obair i gcomhar le daoine a bhfuil scileanna difriúla agus taithí dhifriúil acu nach bhfuil agat féin.

Ar mhaith leat taithí a fháil ar shaol oibre fiontraí i dtír eile san Aontas? Trí Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga, foghlaimeoidh tú leideanna agus seifteanna ó fhiontraí seanchleachta ar feadh sé mhí agus feicfidh tú do ghnólacht féin ag dul ó neart go neart.

San am céanna, gheobhaidh d'fhiontraí óstach dearcadh úr uaitse.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Tá an scéim ar oscailt d'fhiontraithe nua nó do dhaoine atá ag iarraidh a bheith ina bhfiontraithe. Ba cheart duit ceann amháin díobh seo a leanas a bheith déanta agat:

  • pleananna cinnte a bheith agat gnólacht a thosú atá bunaithe ar phlean gnó inmharthana 
  • do ghnólacht féin a bheith tosaithe agat le trí bliana anuas

Níl aon teorainn aoise ag baint leis an gclár, agus is féidir iarratas a dhéanamh do chuideachta nó gníomhaíocht as aon earnáil.

Tá cead ag iarrthóirí ó aon tír san Aontas iarratas a dhéanamh. Féadfaidh daoine ó thíortha lasmuigh den Aontas iarratas a dhéanamh freisin, ar choinníoll gur cónaitheoirí buana san Aontas iad agus go bhfuil sé i gceist acu a ngnólacht a bhunú san Aontas.

Conas iarratas a dhéanamh

Líon isteach an fhoirm chlárúcháin ar líne agus roghnaigh an pointe teagmhála áitiúil is gaire duit. Treoróidh siad tríd an bpróiseas thú. Mura bhfuil aon phointe teagmhála oiriúnach i do thír féin, is féidir leat dul i dteagmháil le haon cheann den chéad pointe áitiúil atá lonnaithe i dtíortha eile.

Is saibhir agus is nithiúil an taithí a bhaintear as an gclár Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga agus foghlaimeoidh tú eolas as cuimse úsáideach, agus molaim an go hard é do dhuine ar bith atá ag iarraidh gnólacht a chur ar bun. Bhí an malartú a rinne mé thar a bheith úsáideach chun tuiscint a fháil ar an timpeallacht, na rialacha agus an nós imeachta chun mo ghnólacht féin a bhunú. Ba dheis ríthábhachtach dom é chun líonra úsáideach a thógáil.
Chaith Maurizio Alì, ón Iodáil, sé mhí in Association Yepe sa Fhrainc.

Soláthraíonn an clár Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga cúnamh airgeadais duit chun cuidiú leat na costais taistil go dtí an tír fanachta agus ar ais uaithi agus costais mhaireachtála (go háirithe don chóiríocht) a chlúdach. Mar sin féin, ba cheart duit a bheith in ann agus a bheith toilteanach airgead breise a thógáil leat chun na costais sin a rachaidh thar mhéid an deontais a chlúdach.