Is in Rotterdam atá an calafort is mó san Eoraip agus tá sé ar cheann de na cathracha is nuálaí ar domhan. De thoradh na cuimsitheachta agus na hinrochtaineachta, bhuaigh Rotterdam an dara duais i nGradam 2017 don Chathair is Inrochtana. Leis an saol uirbeach bríomhar agus an ailtireacht nua-aimseartha, ó fhoirgneamh Markthal go droichead Erasmus, tá ceann de na chéad tionscadail de chuid Bauhaus Eorpach Nua (NEB) suite sa chathair seo. Tá sé mar aidhm ag Campas an Chultúir mol inbhuanaithe a chruthú do na healaíona, don taighde, don fhoghlaim agus don phobal i gceantar uirbeach faoi mhíbhuntáiste Rotterdam Theas.
Trí leas a bhaint as stair na cathrach, tugann Rotterdam an deis dúinn réamhspléachadh a fháil cé chomh hálainn, cuimsitheach agus inbhuanaithe a d’fhéadfadh cathracha na todhchaí a bheith.
Ar mhaith leat blaiseadh a fháil ar roinnt acu siúd? Tabhair cuairt ar iar-lároifig an phoist, Postkantoor; nó an chéad scríobaire spéire san Eoraip riamh, Witte Huis. Más fearr leat an ailtireacht nua-aimseartha, tabhair cuairt ar De Rotterdam, foirgneamh a dearadh mar chathair ingearach ann féin; nó Oifig Snámha Rotterdam, foirgneamh trí stór a tógadh ar 15 bháirse coincréite.
Agus tú ann, ná déan dearmad dul timpeall an oileáin bhig Delfshaven, agus buail isteach i gceann de na tithe tábhairne atá ann. D’fhéadfá freisin cuairt a thabhairt ar Fenix Food Factory – margadh torthaí agus táirgí úra in Katendrecht inar féidir leat sólaistí áitiúla blasta a cheannach. Más é do scíth a ligean atá ar bharr do liosta, téigh i dtreo Loch Kralingen i gcomhair siúlóid dheas chiúin.
Ar chuala tú trácht riamh ar an ‘mBruiséiliú’? Is é sin foirgnimh nua-aimseartha ardéirí a thógáil cibé áit fiú mura n-oireann sin don cheantar mórthimpeall. Tagann an téarma sin ón gcathair ina bhfacthas an feiniméan den chéad uair sna seascaidí agus sna seachtóidí. Mar athrú ar stíl ailtireachta an ama atá caite, tá an Bhruiséil anois ar thús cadhnaíochta san fhorbairt uirbeach spreagúil trí shainchomharthaí stairiúla a athghiniúint agus ailtireacht álainn inbhuanaithe a thabhairt isteach.
In 2022 ba i bpríomhchathair neamhoifigiúil na hEorpa a reáchtáladh an chéad Fhéile de chuid Bauhaus Eorpach Nua (NEB) riamh, inar taispeánadh roinnt samplaí nithiúila de na luachanna atá taobh thiar den tionscnamh. Is iar-stáisiún iarnróid é Gare Maritime inar meascadh struchtúr agus ábhair bhunaidh an fhoirgnimh féin le dearadh nua álainn agus réitigh inbhuanaithe agus tá 17 000 grianphainéal aige mar aon le córas ollmhór bailithe uisce báistí. Tá an tionscnamh sóisialta Home4less ina shampla sármhaith eile lenar cuireadh réitigh chónaithe mhodúlacha inoiriúnaithe shoghluaiste ar fáil do dhaoine gan dídean laistigh d’fhoirgnimh fholmha.
Más sa tóir ar chathair lán le seoda ceilte atá tú, is í an Bhruiséil an chathair duitse. Téigh go Molenbeek agus tabhair cuairt ar MIMA, músaem ealaíne comhaimseartha ollmhór a tógadh san iar-ghrúdlann Belle Vue. Faigh amach faoin stíl ailtireachta Art Nouveau atá le feiceáil ar fud na háite sa Bhruiséil trí chuairt a thabhairt ar La Maison Cauchie, Músaem na nIonstraimí Ceoil agus Hôtel Solvay. Ansin tabhair aghaidh ar an todhchaí arís agus tabhair cuairt ar an Atomium, ceann de na struchtúir is aitheanta sa Bhruiséil; agus ar Áras Europa lena choincheap nua ailtireachta ina n-aimseoidh tú Ceanncheathrú na Comhairle Eorpaí agus Ionad Cuairteoirí an Choimisiúin Eorpaigh, mar aon le samplaí eile d’ailtireacht álainn inbhuanaithe nua na cathrach.
Ach tá i bhfad níos mó ná ailtireacht shuimiúil le feiceáil sa Bhruiséil. Tabhair cuairt ar Marolles ag an deireadh seachtaine agus amharc thart i margadh na míolta, téigh ag spaisteoireacht agus bíodh vaiféal agat in Bois de la Cambre, nó téigh ag cóisireacht i sean-amharclann (Mirano) nó fiú sa choill féin (Jeux d’Hiver). Má tá dúil agat i rudaí ailtéarnacha atá as an ngnáth, bí cinnte cuairt a thabhairt ar Reset, spás cruthaitheachta atá lonnaithe in iar-bhanc i lár na cathrach inar féidir leat dul ag clubáil nó fiú freastal ar thaispeántais, cainteanna agus comhdhálacha.
Iar-lárionad tionsclaíoch Lucsamburg atá sa chathair seo ar a dtugtar Esch de ghnáth. Agus é ag teacht ar ais chuige féin tar éis na géarchéime cruach, tá sé d’aidhm ag Esch anois a bheith ina shamhail agus ina mhol díospóireachta do Bauhaus Eorpach Nua (NEB), trína limistéir faoi mhíbhuntáiste a athbheochan agus leagan amach na cathrach ina hiomláine a athshamhlú.
Tá an chathair seo, a ainmníodh mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa in 2022, ina heiseamláir bheo gur féidir le cathair iar-thionsclaíoch í féin a thiontú ina cathair chuimsitheach inbhuanaithe álainn d’ainneoin a staire.
Téigh ag spaisteoireacht ar Chonair Shiúil Minett, seanchonair fánaíochta ar ar féidir leat blaiseadh a fháil d’áilleacht an cheantair feadh a gconairí slána agus trí shiúlóidí scéalaíochta, suiteáin ealaíne, seónna agus ceolchoirmeacha. Nó tabhair cuairt ar Belval, seanláithreán tionsclaíoch atá anois ina cheantar rathúil den chathair ina mbíonn daoine ag obair, ag maireachtáil agus ag bualadh le chéile.
Agus tú in Esch, féach cad iad na himeachtaí atá ar siúl ionas nach gcaillfidh tú aon cheolchoirm ná taispeántas. Nó bain triail as mioniarnród Lankelz, nó pioc suas bronntanas deas duit féin ar an tsráid siopadóireachta is faide i Lucsamburg.
Príomhchathair réigiún na Lorráine, tá cáil ar Nancy mar gheall ar a chuid ailtireachta ón 18ú haois atá liostaithe ag UNESCO, cuir i gcás Place Stanislas, Place de la Carrière agus Place d’Alliance. Ach tá forbairtí ailtireachta nuálacha agus inbhuanaithe ann freisin, rud a chruthaíonn timpeallacht uirbeach nua-aimseartha sa chathair.
Sampla uaillmhianach amháin is ea an tionscadal Campas na Nuálaíochta in Communauté de Communes du Bassin de Pompey, áit is féidir a bhaint amach laistigh de 20 nóiméad ar an traein ó Nancy. Suíomh don chruthaitheacht, don oiliúint, don fhiontraíocht, agus d’imeachtaí cultúrtha agus sóisialta atá ann agus tá sé ar cheann de na 20 tionscadal a bhí mar chuid de na Tionscnaimh Áitiúla a bhain le Bauhaus Eorpach Nua in 2022 mar gheall ar a mheascán uathúil d’áilleacht, cuimsitheacht agus dearadh.
Más mian leat blaiseadh a fháil ar an méid sin uilig in Nancy, tabhair cuairtín ar na saotharlanna faoin aer a bhfuil duaiseanna buaite acu agus atá scaipthe ar fud pháirceanna na cathrach, nó fiú ar ghairdín lusanna Le Montet. Nó téigh chuig ceantar Meurthe-Canal agus féach na iarrachtaí rathúla chun an ceantar uirbeach a athbheochan trí bhrí agus fuinneamh nua a chur sna monarchana, sna stórais agus i bhfoirgnimh eile, inar féidir leat gach cineál gníomhaíochta cultúrtha agus tráchtála a aimsiú.
Agus tú ann, ná déan dearmad cuairt a thabhairt ar Villa Majorelle, ceann de na chéad samplaí agus na samplaí is mó tionchair de Art Nouveau sa Fhrainc. Ansin, téigh go dtí an mhuiríne agus a gairdíní uisce, nó blas na cácaí beirgeamat áitiúla nó na macarons in Place Stanislas.
Tá cáil ar Heidelberg mar cheann de na cathracha is áille sa Ghearmáin agus tá sé ar thús cadhnaíochta i dtonn nuálaíochta Bauhaus Eorpach Nua (NEB). Is é Sráidbhaile Heidelberg an coimpléasc tithíochta éighníomhaí is mó ar domhan. Tá an sráidbhaile deartha ar bhealach inacmhainne compordach éiceolaíoch chun bheith ina ‘phobal beo’ do dhaoine de gach aois, lán le spásanna glasa atá deartha chun an lánpháirtiú agus an idirghníomhaíocht a spreagadh.
Ba cheart duit cuairt a thabhairt ar an gcaisleán agus ar an seanbhaile, ach bí cinnte am a chur i leataobh do cheantar Emmertsgrund. Agus tú ann, tiocfaidh tú ar cheann de na chéad samplaí agus na samplaí is cáiliúla den dearadh uirbeach arb é an coincheap ‘uirbeacht tríd an dlús’ a spreag é: cosáin agus bóithre ar leithligh, cearnóga móra, árasáin nua-aimseartha agus ar phraghas íseal do theaghlaigh, agus iompar poiblí maith.
Ina dhiaidh sin, smaoinigh ar chuairt a thabhairt ar phríosún na mac léinn, áit ar tugadh mic léinn faoi choimeád go dtí 1914 as bheith ag cóisireacht san oíche nó ar chionta a bhain leis an neamhord poiblí. Nó téigh ag siúl feadh Abhainn Neckar, trí Philosophenweg. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar na gairdíní áille, an bia áitiúil a bhlaiseadh, an seandroichead a thrasnú nó - má tá de dhásacht ionat - do cheann a chur isteach i mbéal Brückenaffe, Moncaí Dhroichead Heidelberg.
Fáilte go dtí áit bhreithe na gluaiseachta Bauhaus bunaidh! Ba é an t-ailtire ceannródaíoch Walter Gropius a bhunaigh an scoil ealaíne Bauhaus in Weimar in 1919, agus ba as an scoil sin a tháinig gluaiseacht ealaíne atá fós ábhartha inniu, rud atá le feiceáil le Bauhaus Eorpach Nua (NEB) – agus tá luachanna na hailtireachta nua fós le brath sa chathair sa lá atá inniu ann.
Le linn Fhéile Bauhaus Eorpach Nua in 2022, ba in Bauhaus-Universität Weimar a reáchtáladh Saotharlann na Smaointe. Reáchtáladh an tSaotharlann chun daoine a spreagadh chun fís nuálach, inbhuanaithe, chothrom agus cuimsitheach go sóisialta a shamhlú do spásanna maireachtála san Eoraip amach anseo.
Tabhair cuairt ar Mhúsaem Bauhaus Weimar chun blaiseadh a fháil den bhailiúchán Bauhaus is tábhachtaí sa tír, áit a bhfeicfidh tú na samplaí is sine de shaothar na gluaiseachta. Ansin, téigh chuig Ollscoil Bauhaus agus chuig Haus Am Horn – an t-aon phíosa ailtireachta a dhear agus a thóg Bauhaus Stáit Weimar in 1923. Go hiontach, nach bhfuil?
Sula bhfágfaidh tú, téigh ag siúl nó ag rothaíocht i bPáirc an der Ilm, roimh duit taitneamh a bhaint as oíche amuigh in Wielandplatz nó Beethovenplatz b’fhéidir. Agus ná déan dearmad sláinte Gropius a ól!