Bhí cathair Brașov na Trasalváin, ar a dtugtar ‘Príomhchathair Ghlas’ na Rómáine freisin, ar cheann de na chéad sínitheoirí de Chúnant na Méaraí, clár de chuid an Aontais lenar tugadh rialtais áitiúla ar fud na hEorpa le chéile chun gníomhú i gcoinne an athraithe aeráide. Tá an chathair suite faoi scáth Shliabh maorga Tâmpa, sliabh ard atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach mar thearmann dúlra Natura 2000 chun éin, toirc, béir agus féileacáin neamhchoitianta a chosaint. Tóg carr cábla go dtí an barr agus déan iarracht na litreacha ‘BRAŞOV’ a dhéanamh amach ar thaobh an chnoic – Hollywood na hEorpa!
Tá pobail i Sóifia, príomhchathair na Bulgáire, tiomanta an chathair stairiúil a choinneáil glan. Mar sin, cén fáth nach dtabharfá cuairt orthu agus cabhrú leo? Leis an tionscnamh ‘Glanaimis an Bhulgáir le chéile’, spreagtar oibrithe deonacha chun bruscar a bhailiú agus sráideanna na cathrach a choinneáil glan. Tá an athchúrsáil ina tosaíocht i Sóifia – athchúrsáiltear 84% den dramhaíl a bhailítear! Taistealaithe DiscoverEU atá ag iarraidh roinnt ama a chaitheamh sa dúlra, b’fhéidir gur mhaith leo dul ar shiúlóid chuig eas iontach Boyana, atá suite díreach lasmuigh de theorainneacha na cathrach.
Áit a raibh an teideal ‘Príomhchathair Chultúir na hEorpa’ uirthi roimhe, tá meascán uathúil de shainchomharthaí stairiúla, traidisiúin chultúrtha agus bia blasta le fáil in Thessaloniki. D’úsáid sí cistí de chuid an Aontais freisin chun spás glas sláintiúil taitneamhach a dhéanamh den limistéar ar imeall an uisce. Nascann an limistéar ar imeall an uisce dhá cheann de na rudaí is mó a mheallann daoine chun na cathrach, is é sin an Túr Bán agus an Ceoláras, agus b’iontach an áit í le dul ag spaisteoireacht feadh an chósta le dul faoi na gréine. Do lucht DiscoverEU a bhfuil dúil acu sa dúlra, tá Thessaloniki suite ar Delta Axiou chomh maith, tearmann dúlra de chuid an Aontais a chosnaíonn an fiadhúlra sna bogaigh gar d’abhainn Axios/Vardar.