Nuair a théann tú isteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, iarrfar ort a dhearbhú go nglacann tú le misean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. agus go seasfaidh tú leo. Stórálfar do shonraí i mbunachar an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
Mar chuid den phróiseas clárúcháin, iarrfar eolas bunúsach pearsanta fút a thabhairt, mar aon leis na cineálacha tionscadal a mbeadh suim agat iontu agus an taithí agus an t-eolas atá agat a chuirfeadh le tionscadail de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ina dhiaidh sin, iarrfar ort próifíl níos mionsonraithe a líonadh amach agus beidh ort a lua cén uair a bheidh tú ar fáil chun tosú ar na tionscadail sin. Féadfaidh tú an t-eolas sin ar fad a nuashonrú am ar bith ach logáil isteach i do chuntas pearsanta don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach.
Beidh rochtain ar do shonraí ag eagraíochtaí atá údaraithe le tionscadail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a reáchtáil nuair a bheidh cuardach á dhéanamh acu ar oibrithe deonacha nó oibrithe a d'fhéadfadh teacht chun oibre leo. Má théann eagraíocht i dteagmháil leat agus má thairgeann sé obair ar thionscadal duit, ní ga duit glacadh leis an tairiscint. Is fút féin amháin a bhíonn sé a chinneadh cibé acu a ghlacfaidh tú nó nach nglacfaidh tú leis an tairiscint dul ag obair ar thionscadal.
Má chinneann tú nach mian leat go n-iarrfar ort a bheith páirteach i dtionscadail de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a thuilleadh, is féidir leat logáil isteach i do chuntas pearsanta am ar bith agus do phróifíl a cheilt go sealadach ó eagraíochtaí nó do chuntas a scriosadh. Tá an rogha agat freisin gan ríomhphoist nó cumarsáid eile a fháil.
