Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Prionsabail

Prionsabail iompair

Is prionsabail ghinearálta iompair iad na prionsabail a bhfuil cur síos déanta orthu anseo, prionsabail a dearadh chun réimse leathan rannpháirtithe, eagraíochtaí agus timpeallachtaí féideartha a chlúdach agus ar féidir gníomhaíochtaí a dhéanamh iontu. Ba cheart iad a chur in oiriúint do chúinsí sonracha gníomhaíochtaí aonair.

I do cháil mar rannpháirtí óg

Na heagraíochtaí sin a chuir do ghníomhaíocht le chéile, is mór an méid ama, fuinnimh agus acmhainní a cuireadh isteach inti. Iarrtar ort meas a léiriú ar a n-iarrachtaí, agus ar na pobail agus na daoine áitiúla a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí sin.

I do cháil mar eagraíocht óstach

Bíonn smaointe, creidimh agus ionchais ar leith ag rannpháirtithe. Iarrtar ort a bheith airdeallach ar na mianta sin ó tharla go bhfuil tú freagrach as timpeallacht mheasúil iontaofa a chothú. 

Gealltanas pearsanta

  • I do cháil mar rannpháirtí óg, seasfaidh tú leis na prionsabail seo a leanas:
  • Glacaim le luachanna na dlúthpháirtíochta, le meas ar dhínit an duine agus ar chearta an duine, agus sochaí atá cothrom comhionann a chur chun cinn, sochaí atá bunaithe ar iolrachas, ar neamh-idirdhealú, ar chaoinfhulaingt, ar cheartas, ar dhlúthpháirtíocht agus ar chothromaíocht
  • Is mian liom an dlúthpháirtíocht a fheabhsú idir daoine, agus meas a léiriú ar a gcultúir agus ar a dtraidisiúin san am ceanna; tá sé d'aidhm againn pobal tacaíochta frithpháirtí a bhunú ina ndéantar freagrachtaí a roinnt
  • Is mian liom cuidiú go fonnmhar agus ar bhealach fónta leis an tsochaí agus dlúthpháirtíocht, comhar agus tuiscint fhrithpháirteach a léiriú
  • Ní dhéanfaidh mé rud ar bith a d'fhéadfadh daoine eile nó mé féin a chur i mbaol gortaithe

Saincheisteanna praiticiúla

  • Is rud deonach é clárú leis an gCór, agus is féidir leat do chuntas a scriosadh am ar bith is mian leat
  • Is féidir leat aon tairiscint ar ghníomhaíocht de chuid an Chóir a dhiúltú agus ní bheidh tionchar aige sin ar aon deis ar thairiscintí eile a fháil amach anseo
  • Ní bheidh ceanglas ort riamh aon táille a íoc chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht
  • Sula gcuirfear i mbun gníomhaíochta thú agus lena linn, cuirfear eolas soiléir ar fáil duit maidir leis na cúraimí a bheidh ort chomh maith le hoiliúint chuí agus tacaíocht teanga, más gá.
  • Nuair a ghlacann tú le gníomhaíocht, ní mór duit comhaontú a shíniú leis an eagraíocht óstach lena dtabharfar sonraí maidir le coinníollacha do ghníomhaíochta
  • Ní mór duit meas a léiriú ar rialacha, ar struchtúir agus ar chleachtais na heagraíochta óstaí (d'fhéadfadh sé go mbeidh gá leo sin chun do shláinte, do shábháilteacht agus do dhínit a chosaint) 
  • Ní mór duit cloí le dlíthe na tíre óstaí
  • Ag deireadh do ghníomhaíochta, bronnfar teastas de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ort lena ndeimhneofar do rannpháirtíocht