Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Obair dheonach

Gníomhaíochtaí oibre deonaí trasteorann is ea an chuid is mó de na deiseanna atá ar fáil tríd an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. 

Is deiseanna iontacha iad na tionscadail seo chun cuidiú a thabhairt áit a bhfuil gá leis, scileanna nua a fhoghlaim, am a chaitheamh i dtír eile, b’fhéidir teanga a fhoghlaim – agus filleadh abhaile le cuimhní nach ndéanfar dearmad orthu go deo. 

I bhfianaise an réimse leathan saincheisteanna a chumhdaítear leis na tionscadail (cuir i gcás an comhshaol, an tsláinte, an cuimsiú, teicneolaíochtaí digiteacha, an cultúr, an spórt), is cinnte go n-aimseoidh tú rud éigin a bheidh ag teacht le do chuid spéise agus do chúlra.

Tá an rogha ann obair dheonach a dhéanamh i d’aonar nó mar chuid d’fhoireann.

Obair dheonach aonair

  • maireann sé idir 2 mhí agus 12 mhí
  • obair lánaimseartha atá ann (idir 30 agus 38 n-uaire an chloig sa tseachtain) 
  • tugann sé an deis duit páirt a ghlacadh in obair laethúil le heagraíocht a théann chun sochair go gníomhach don phobal áitiúil 
  • is gnách gur obair ‘thrasteorann’ a bhíonn i gceist – is é sin i dtír eile seachas an tír ina bhfuil cónaí ort (cé go bhféadfadh an obair a bheith i do thír féin freisin – tionscadail ‘intíre’ a thugtar orthusan) 
  • I gcásanna áirithe, féadfaidh tú páirt a ghlacadh ar feadh tréimhse níos giorra (idir 2 sheachtain agus 2 mhí) – mar shampla i gcás rannpháirtithe ar lú na deiseanna atá acu, nó atá faoi mhíchumas

Obair dheonach foirne 

Mura féidir leat glacadh le tréimhse fada, ach má tú fós ag iarraidh cabhrú leis an bpobal, caith súil ar obair dheonach foirne:

  • maireann sé idir 2 sheachtain agus 2 mhí
  • obair lánaimseartha atá ann (idir 30 agus 38 n-uaire an chloig sa tseachtain)
  • bíonn tú ag obair le daoine ó 2 thír éagsúla ar a laghad
  • beidh idir 10 agus 40 oibrí deonach sa ghrúpa agus beidh daoine ann a bhfuil níos lú deiseanna acu
  • is gnách gur i dtír eile a dhéantar é, ach d'fhéadfadh sé a bheith sa tír ina bhfuil cónaí ort freisin

Eagraíochtaí tacaíochta agus óstacha

Má bhíonn tú ag dul go tír eile chun obair dheonach aonair a dhéanamh, bíonn dhá eagraíocht bainteach leis sin: 

  • eagraíocht tacaíochta atá lonnaithe i do thír féin, agus a chuideoidh leat ullmhú le haghaidh do thaithí i dtír eile (‘eagraíocht seolta’ mar a thugtaí uirthi). 
  • eagraíocht óstach a chuirfidh fáilte romhat agus a chuideoidh leat i do thír chinn scríbe. 

Féadfaidh tú eagraíocht tacaíochta fhéideartha a chuardach i mbunachar na n-eagraíochtaí creidiúnaithe/a bhfuil Marc Ardcháilíochta acu

/!\ Má bhíonn tú ag tabhairt faoi obair dheonach foirne, ní bheidh eagraíocht tacaíochta de dhíth ort.

Cé atá in ann obair dheonach a dhéanamh?

Tá gníomhaíochtaí oibre deonaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh oscailte do dhaoine idir 18 agus 30 bliain d’aois a bhfuil cónaí orthu i dtíortha an chláir agus i dtíortha comhpháirtíochta.

Cad atá clúdaithe?

  • Beidh tú clúdaithe le hárachas saor in aisce.
  • Beidh rochtain agat ar raon seirbhísí tacaíochta ar nós tacaíocht teanga agus oiliúint
  • Clúdófar do bhunchostais (do thaisteal chuig an tionscadal agus ar ais uaidh, do chuid lóistíochta agus do bhia)
  • Gheobhaidh tú liúntas beag freisin le haghaidh caiteachais phearsanta (€3-6 in aghaidh an lae, ag brath ar an tír)
  • Má tá riachtanais shonracha agat (mar shampla, míchumas), d’fhéadfaí na costais sin a chlúdach freisin

/!\ Baineann an clúdach sin le hoibrithe deonacha atá ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. 
Má roghnaíonn eagraíocht thú trí thairseach an Chóir, eagraíocht atá á maoiniú trí cheann d’ocht gclár maoinithe an chéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, beidh do ghníomhaíocht faoi réir rialacha agus nósanna imeachta an chláir mhaoinithe sin agus ní bheidh na seirbhísí ar fad atá luaite thuas ar fáil duit. Féach na Ceisteanna Coitianta le haghaidh na gclár maoiniúcháin bhreise a thacaíonn leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach.

Conas clárú 

Chun tús a chur le clárú: 

An chéad uair a chláraíonn tú, iarrfar ort cuntas a chruthú (EU Login, seirbhís fíordheimhniúcháin úsáideora an Choimisiúin Eorpaigh) sula gcruthaíonn tú do phróifíl.

Nuair a bheidh do phróifíl cruthaithe, beidh rochtain agat ar do dheais phearsanta, ónar féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheiseanna fógartha, rochtain a fháil ar an oiliúint ghinearálta ar líne, páirt a ghlacadh i gcomórtais, breathnú ar do theastais agus go leor eile. 

/!\ Ní hionann clárú don Chór agus ráthaíocht go nglacfaidh tú páirt i ngníomhaíocht.