Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Oiliúint agus tacaíocht le haghaidh rannpháirtithe

Cuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach réimse seirbhísí tacaíochta ar fáil do rannpháirtithe chun deimhin a dhéanamh de go mbaineann tú an leas is fearr agus is féidir as an taithí agus go bhfoghlaimíonn tú an méid is mó agus is féidir freisin.  

Oiliúint ghinearálta ar líne 

Is oiliúint rochtana oscailte í sin a chuirtear ar fáil trí shuíomh gréasáin an Chóir Dlúthpháirtíochta do gach iarrthóir agus rannpháirtí atá cláraithe. Ar na modúil tá ‘Misean an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh’, ‘Róil agus freagrachtaí na rannpháirtithe’, ‘An fheasacht idirchultúrtha’, ‘An tsláinte agus an tsábháilteacht’ agus tuilleadh nach iad.

An oiliúint atá riachtanach chun páirt a ghlacadh in obair dheonach i réimse na cabhrach daonnúla

Cuimsíonn an oiliúint seo féinmheasúnú agus cúrsa ar líne, agus tástáil ar líne ina dhiaidh sin. Na daoine a n-éiríonn an tástáil leo, is féidir cuireadh a thabhairt dóibh freastal ar chúrsa duine le duine 5 lá in ionad oiliúna sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil nó sa Spáinn. Tá an féinmheasúnú agus an oiliúint ar líne ar fáil ar ardán Acadamh an Aontais do gach oibrí deonach is iarrthóir agus a léirigh suim san obair dheonach i réimse na cabhrach daonnúla nuair a chláraigh siad.

Tacaíocht Teanga ar Líne

tacaíocht teanga ar líne (OLS) ceaptha chun cuidiú le rannpháirtithe feabhas a chur ar a n-eolas ar an teanga ina mbeidh siad ag obair. Tá OLS á óstáil ar ardán bainistíochta foghlama corparáidí an Choimisiúin Eorpaigh ar a dtugtar Acadamh an Aontais Eorpaigh.

Tá an tseirbhís ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais, is iad sin: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóvaicis, Slóivéinis, Spáinnis, Sualainnis agus Ungáiris. Tá an tseirbhís foghlama teanga ar líne ar fáil freisin i mBascais, i nGailísis agus i gCatalóinis.

Is féidir leat an tseirbhís a úsáid má roghnaíodh thú le haghaidh gníomhaíocht de chuid an Chóir a mhaireann 2 mhí nó níos faide. Tar éis duit a bheith roghnaithe le haghaidh gníomhaíocht de chuid an Chóir, gheobhaidh tú cuireadh ríomhphoist ina mbeidh sonraí logála isteach chuig OLS ar ardán Acadamh an Aontais Eorpaigh ó d’eagraíocht óstach.

Árachas

Ní mór do rannpháirtithe a bheith sábháilte i gcónaí, sin ceann de na príomhphrionsabail a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ar fad a dhéantar mar chuid den Chór. 

Beidh clúdach árachais agat le linn do ghníomhaíochta ón uair a fhágann tú do thír féin suas go dtí 2 mhí tar éis dheireadh na gníomhaíochta, faoi na coinníollacha seo a leanas:

Le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann:

  • clúdach breisithe chun cur le do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte nó le córas sláinte náisiúnta na tíre óstaí (arna sholáthar ag an gCoimisiún Eorpach) 
  • príomhchlúdach ón gCoimisiún – i gcás nach féidir leat an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil saor in aisce, nó nach bhfuil tú i dteideal clúdaigh sa tír óstach 

Le haghaidh gníomhaíochtaí i do thír féin:

  • trí chostas ar bith nach gclúdaíonn do chóras náisiúnta sláinte a aisíoc

Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gclúdach, agus eolas maidir le conas clárú, ar shuíomh gréasáin na cuideachta árachais.

Beidh rannpháirtithe clúdaithe ag soláthraí árachais difriúil, rud atá ag brath ar an tréimhse ina mbeidh a dtionscadal ar siúl. Tá an Fógra um Chosaint Sonraí maidir le hárachas CIGNA bailí do thionscadail atá ar siúl faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2014-2020 agus do thionscadail a thosaigh roimh an 7 Feabhra 2023 faoi CAI reatha 2021-2027. Tá an Fógra um Chosaint Sonraí maidir le hárachas Henner bailí do thionscadail atá ar siúl faoi CAI reatha 2021-2027.

Víosaí agus ceadanna cónaithe

Is féidir go mbeidh ceann amháin acu sin (nó an dá cheann acu) de dhíth ort agus tú ag bogadh ó thír go tír chun páirt a ghlacadh i do ghníomhaíocht de chuid an Chóir.    
/!\  Molaimid go láidir go ndéanann tú iarratas ar aon chead taistil ná cónaithe den sórt sin tamall maith roimh ré, ó tharla go bhféadfadh an próiseas leanúint ar aghaidh ar feadh roinnt seachtainí.

Le haghaidh eolas ginearálta maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe, i dtaca le tréimhsí gearrfhanachta agus fadfhanachta, féach tairseach inimirce an Aontais.  

Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil leis an nGníomhaireacht Náisiúnta ábhartha nó leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin

Comhaontuithe le rannpháirtithe

Sula n-imeoidh tú chun tús a chur le do ghníomhaíocht, ní mór duit comhaontú rannpháirtí a shíniú lena gcinntear na gnéithe seo a leanas, ar a laghad, de do ghníomhaíocht:

  • cearta agus freagrachtaí maidir le ranníocaíocht árachais agus airgeadais ón gCór 
  • na tascanna a bheidh le déanamh agat le linn na gníomhaíochta (i gcás obair dheonach
  • na torthaí foghlama atá beartaithe (i gcás obair dheonach).

Oiliúint

Is sraith imeachtaí oiliúna é seo do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí fadtéarmacha a thugann treoir agus tacaíocht leanúnach duit le linn do thaithí sa Chór. Cuidíonn an tsraith leat tú féin a oiriúnú do dhúshláin chultúrtha agus phearsanta, foghlaim faoi do chearta agus na hoibleagáidí atá ort, nithe praiticiúla, cumarsáid idirchultúrtha, aithne a chur ar rannpháirtithe eile, fanacht i dteagmháil le Gníomhaireachtaí Náisiúnta agus measúnú a dhéanamh ar do thaithí agus go leor eile. 

I do cháil mar rannpháirtí ar ghníomhaíocht fhadtéarmach, cuirfear na seisiúin seo a leanas ar fáil duit:

  • oiliúint réamh-imeachta (le haghaidh gníomhaíochtaí trasteorann amháin) 
  • oiliúint nuair a thosaíonn tú 
  • measúnú lár-thréimhse (le haghaidh gníomhaíochtaí a mhairfidh ar feadh 6 mhí nó níos mó amháin) 
  • imeachtaí bliantúla de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Meantóireacht

Agus tú ar an láthair, ba cheart go gcuirfí tacaíocht phearsanta ar fáil duit i bhfoirm meantóireachta chun cuidiú leat socrú isteach sa tír nua agus san eagraíocht óstach araon.

Youthpass

Youthpass ar fáil do gach rannpháirtí de chuid an Chóir. Uirlis is ea í a chuidíonn leat na torthaí foghlama a d’fhorbair tú le linn an tionscadail a aithint agus a dhoiciméadú. Leis an uirlis sin, féadfaidh tú cur síos a dhéanamh ar an méid a rinne tú agus an méid a d’fhoghlaim tú a chur in iúl – scileanna neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla san áireamh. 

Tá sé sin go léir leagtha amach go foirmiúil i ndeimhniú Youthpass. Go dtí seo, bhain breis agus 1 mhilliún duine úsáid as an uirlis agus bronnadh an teastas orthu.  

Ag brath ar an gcineál aitheantais a theastaíonn uait, nuair a chruthaítear deimhniú Youthpass cuidíonn sé leat machnamh a dhéanamh ar do Curriculum Vitae (CV) féin agus ceann a chruthú in Europass

Féach ar roinnt teistiméireachtaí físe ar cé chomh tábhachtach agus is féidir le Youthpass a bheith.

Deimhniú rannpháirtíochta

Leis an teastas rannpháirtíochta, deimhnítear gur ghlac tú páirt i ngníomhachtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. 

Nuair a thagann deireadh le do thréimhse sa Chór, eiseoidh ceann de na heagraíochtaí a raibh baint acu leis an ngníomhaíocht do theastas rannpháirtíochta tríd an suíomh gréasáin seo. Níl le déanamh agat ach suirbhé a líonadh isteach ar dtús chun a chur in iúl dúinn cén dóigh a raibh do thaithí féin.

Cruthúnas ar do chuid oibre sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, is rud luachmhar é a chuirfidh go mór le do CV. Ar ndóigh, féadfaidh tú tagairt a dhéanamh de má úsáideann tú tairseach EURES le haghaidh deiseanna fostaíochta ar fud na hEorpa.

Pacáiste Eolais

Chun tuilleadh eolais tacaíochta a fháil, féach ár bPacáiste Eolais do rannpháirtithe