Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Tionscadail Dlúthpháirtíochta

Más spéis leat athrú dearfach a dhéanamh i do phobal áitiúil, féadfaidh tú dul i gcomhar le do chairde chun Tionscadal Dlúthpháirtíochta a chruthú. Déan deimhin de áfach, go bhfuil gach duine agaibh cláraithe linn. 

Cad is Tionscadal Dlúthpháirtíochta ann?

Smaoinigh ar na dúshláin atá i do cheantar féin agus na cúiseanna is cás leatsa. Ba cheart do thionscadal a bheith tiomanta do dhúshláin den sórt sin, ach is féidir leis freisin cuidiú chun dul i ngleic le fadhbanna réigiúnacha nó náisiúnta fiú. 

Ba cheart freisin go léireodh do thionscadal ‘Luach Eorpach’ – é ag baint leas as tosaíochtaí a shainaithin an tAontas Eorpach, cuir i gcás an cuimsiú, an t-athrú aeráide, an rannpháirtíocht dhaonlathach, an tsaoránacht nó an comhionannas inscne.

D’fhéadfadh sé go mairfeadh an tionscadal idir 2 mhí agus 12 mhí agus is ar bhonn páirtaimseartha a thabharfar faoi den chuid is mó. Mar sin de, féadfaidh tú é a dhéanamh i d'am saor.

Cé atá i dteideal páirt a ghlacadh ann?

Chun páirt a ghlacadh i dTionscadal Dlúthpháirtíochta, ní mór duit a bheith i do chónaí i gceann de thíortha an chláir.

Ní mór cúigear ar a laghad a bheith sa ghrúpa (idir 18 mbliana d'aois agus 30 bliain d'aois), ar daoine iad a bhfuil cónaí dleathach orthu sa tír chéanna (níl uasmhéid le líon na ndaoine sa ghrúpa).

Cén tacaíocht airgeadais a gheobhaidh mé?

Gheobhaidh tú €630 in aghaidh na míosa chun na costais a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme an tionscadail a chlúdach. Clúdóimid na costais a bhaineann le cóitseálaí freisin má tá sé de dhíth le haghaidh an tionscadail.

Conas iarratas a dhéanamh

Nuair a dhéantar obair dheonach, cúrsa oiliúna nó nuair a fhaigheann tú post, déanann tú iarratas ar mhaoiniú ó eagraíochtaí. Le Tionscadail Dlúthpháirtíochta áfach, déanann tú iarratas ar mhaoiniú díreach do do thionscadal. 

Chun an t-iarratas sin a dhéanamh, ní mór duit cloí leis an sprioc-am a leagtar síos sa ghlao ginearálta ar thograí tionscadail agus do thionscadal a chur isteach mar iarratas foirmiúil (féach Glaonna atá oscailte). 

Déanfaidh Gníomhaireacht Náisiúnta na tíre ina bhfuil cónaí ort d'iarratas a mheas Gníomhaireacht Náisiúnta
/!\ Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh as do stuaim féin – ach más mian leat, d'fhéadfá dul ag obair i gcomhar le heagraíocht a bhfuil taithí aici air sin chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.

San fhoirm iarratais, cuirfear ceisteanna ort maidir leis an bhfáth ar mian leat an tionscadal seo a dhéanamh, an dóigh a rachaidh sé chun sochair don phobal, agus cé na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat le linn an smaoineamh a ullmhú agus a chur i bhfeidhm.

Sula ndéanfaidh tú iarratas:

  1. Cruthaigh do ghrúpa – téigh i dteagmháil le daoine óga eile i do phobal agus cruthaigh grúpa ina bhfuil smaoineamh nó topaic i gcoiteann agaibh.
  2. Cláraigh gach duine – ba cheart gach ball den ghrúpa clárú leis an gCór.
  3. Faigh aitheantas eagraíochta (OID) – glacann ball amháin den ghrúpa ról cheannaire an ghrúpa agus cláraíonn sé le haghaidh OID, trí chuntas a chruthú leis an gCoimisiún Eorpach.

Ná déan dearmad gur féidir leat teacht ar eagraíocht atá sásta iarratas a dhéanamh ar do shon. D’fhéadfadh sé gur eagraíocht í atá cláraithe cheana féin agus a bhfuil OID aici; mura bhfuil OID aici, gheobhaidh sí ceann duit. 

A luaithe is atá tú cláraithe agus atá do OID féin agat, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh leis na chéad chéimeanna eile (fiú agus tú ag fanacht le do thionscadal a bheith formheasta).

  1. Déan an obair bhaile – léigh:

Má tá tuilleadh eolais uait, féadfaidh do Ghníomhaireacht Náisiúnta cuidiú leat le d’iarratas. 

  1. Cruthaigh do thionscadal – cuir do smaointe in eagar (spriocanna, baill an ghrúpa, torthaí ionchasacha, buiséad, gníomhaíochtaí, srl.).
  2. Cuir isteach d’iarratas – bain úsáid as foirm iarratais ESC30 le haghaidh Tionscadail Dlúthpháirtíochta.

Ná caill an spriocdháta, agus go n-éirí an t-ádh leat!

/!\ D’fhéadfadh eisceachtaí a bheith ann ag brath ar thír an chláir. Féach naCeisteanna coitiantale haghaidh tuilleadh eolais.

 

Paranduskohvik – caifé deisiúcháin san Eastóin

Is é is príomhchuspóir don chaifé deisiúcháin daoine a chur ar an eolas faoin tionchar diúltach atá ag sochaí an tomhaltais ar an gcomhshaol agus iad a spreagadh chun an comhshaol a chothabháil. Déantar é a reáchtáil i spás déantúsaíochta pobalbhunaithe (ceardlann oscailte) ina gcuirtear na huirlisí go léir ar fáil a bheadh de dhíth chun gach cineál fearais a dheisiú. Tugtar cuireadh do dhaoine a gcuid earraí briste a thabhairt isteach leo agus iarracht a dhéanamh iad a chóiriú in éineacht le hoibrithe deonacha.

The Room: Drámaíocht Phobail in Éirinn

Bunaíodh an tionscadal seo mar fhreagairt ar eisiamh sóisialta lucht iarrtha tearmainn sa Droichead Nua i gContae Chill Dara. Is é is aidhm dó clár amharclannaíochta feidhmeach a chruthú agus a chur chun feidhme ina mbeidh lucht iarrtha tearmainn páirteach, agus a bheidh déanta suas de cheardlanna drámaíochta. Cuirfear imeacht amharclannaíochta i láthair ag an deireadh don phobal áitiúil.

Páirc scátála sa Bheilg

Is é smaoineamh an tionscadail seo infreastruchtúr scátála agus BMX a chruthú sa chomharsanacht áitiúil. Ní hamháin go mbeidh sé ar fáil do chách chun gníomhaíochtaí spóirt a chleachtadh, beidh sé ina áit freisin chun bualadh le daoine óga eile ar spéis leo na rudaí céanna.

Brīvbode sa Laitvia

Tá an tionscadal seo á reáchtáil mar ghníomh leantach ar Brīvbode (‘siopa saor in aisce’ i nGaeilge), tionscnamh a sheol oibrithe deonacha. Tugtar cuireadh do dhaoine páirt a ghlacadh san imeacht uair sa tseachtain agus nithe nach bhfuil de dhíth orthu a thabhairt leo, agus an méid atá de dhíth orthu a aimsiú, éadaí, leabhair agus earraí tí, mar shampla.

Cuireadh a thabhairt do níos mó daoine obair dheonach a dhéanamh i dtearmainn ainmhithe sa Liotuáin

Is é is aidhm don tionscadal seo obair dheonach i dtearmainn ainmhithe a chur chun cinn agus cabhrú chun trí thearmann ainmhithe a uasghrádú in Klaipeda, Tá sé ag féachaint freisin le cur ar chumas na mac léinn eachtrannach sa cheantar páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí deonacha lasmuigh den scoil.

An fheirmeoireacht orgánach sa Pholainn

Tá sé d’aidhm ag an tionscadal “Sferyczny ogród badawczy” drochnósanna itheacháin daoine óga a athrú agus iad a spreagadh chun a dtograí feirmeoireachta orgánaí féin a bhunú. Mar chuid den tionscadal, cruthófar plandáil nuálach de bharra saothraithe faoi theach gloine sféarúil a bheidh ar fáil ag daoine óga na háite chun páirt a ghlacadh sna próisis saothraithe go léir agus ansin an fómhar féin a bhaint.

Cósta na hIodáile a athshlánú

Is príomhchuspóir an tionscadail “Mare d’Inverno” limistéar nádúrtha cósta a athshlánú in aice leis na hionaid uirbeacha Trani agus Barletta. Tá sé beartaithe feasacht a mhúscailt agus a fheabhsú ar chosaint an chomhshaoil. Mar chuid de sin clúdaítear cosáin a chur ar fáil do rothaithe agus do choisithe, na tránna a ghlanadh agus speicis dhúchasacha na gcrann a athphlandú.