Skip to main content

Fógra Cosanta Sonraí DiscoverEU

 

Tá an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (‘EACEA’) tiomanta do phríobháideachas a chaomhnú. Déileáiltear leis na sonraí pearsanta uile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le cosaint sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais (1) (‘an Rialachán maidir le Cosaint Sonraí’).

Leagtar amach san Fhógra um Chosaint Sonraí seo a leanas na beartais lena rialaítear sonraí pearsanta na ndaoine atá rannpháirteach in DiscoverEU a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid.


1. Cé atá freagrach as do shonraí pearsanta a phróiseáil (rialaitheoir sonraí)? 

Is é an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, BE-1049 an Bhruiséil, an rialaitheoir. An duine atá ainmnithe mar an té atá i gceannas ar an oibríocht phróiseála ná Ceann Aonaid A5: An óige, An Cór     
Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Oibrithe deonacha i réimse na Cabhrach Daonnúla.    
Ríomhphost: eacea-a5@ec.europa.eu

Feidhmíonn AS EAC agus EACEA mar chomhrialaitheoirí maidir le DiscoverEU toisc go ndéanann siad próiseáil chomhpháirteach ar shonraí pearsanta na n-iarratasóirí a chuireann iarratas isteach ar Thairseach Eorpach na hÓige chun pasanna taistil DiscoverEU a fháil.


2. Cé na sonraí pearsanta a phróiseáiltear? 

Déantar na sonraí pearsanta seo a leanas a phróiseáil agus tá siad uile éigeantach ach amháin nuair a shonraítear go bhfuil siad roghnach:  

     • i bhfoirm uimhreacha aitheantais phearsanta (uimhir chárta aitheantais nó uimhir phas nó uimhir chónaithe dhlíthiúil)    

     • maidir le saintréithe fisiciúla daoine chomh maith lena n-íomhá, a nguth nó a méarloirg (pictiúr cárta aitheantais nó pictiúr pas nó pictiúr cónaithe dlíthiúil)  

     • maidir le réimse príobháideach an duine is ábhar do na sonraí (náisiúntacht, cónaí dlíthiúil, dáta breithe, seoladh ríomhphoist, céadainm, sloinne, inscne (roghnach), réigiún cónaithe (roghnach), uimhir theileafóin, slí bheatha (e.g. scolaíocht, fostaíocht...), míchumas nó fadhb sláinte (roghnach agus nuair atá iarratas ar thacaíocht speisialta ann), an tír a eisíonn an cárta aitheantais náisiúnta/pas/ cruthúnas ar chónaí dlíthiúil    

     • maidir le pá, liúntais agus cuntais bhainc (foinse chun costais nach bhfuil cumhdaithe a sheasamh) 

     • maidir le teaghlach an duine is ábhar do na sonraí (leibhéal oideachais na dtuismitheoirí/na gcaomhnóirí dleathacha (roghnach))   

     • maidir le gairmréim an duine is ábhar do na sonraí ábhair sonraí (gairm roimhe seo (e.g. scolaíocht, fostaíocht),    
rannpháirtíocht (roimhe seo) in eagraíocht don aos óg (roghnach)), slí bheatha atá beartaithe amach anseo (e.g. staidéar, obair)   

     • maidir le huimhreacha teileafóin agus modhanna cumarsáide (uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist) 

     • maidir le hainmneacha agus seoltaí (lena n-áirítear seoltaí ríomhphoist) (céadainm, sloinne, seoladh ríomhphoist, cárta aitheantais náisiúnta/pas/cruthúnas ar chónaí dlíthiúil, an réigiún cónaithe (roghnach)).   

     • maidir le sláinte (roghnach i gcásanna ina bhfuil tacaíocht shonrach á hiarraidh ag an rannpháirtí mar gheall ar riocht sláinte). 


3. Cad chuige a mbíonn do chuid sonraí á bpróiseáil againn? 

     • Chun nósanna imeachta roghnúcháin agus bronnta a eagrú le haghaidh pasanna taistil agus seirbhísí gaolmhara DiscoverEU: babhtaí a sheoladh ar Thairseach Eorpach na hÓige ina n-iarrfar ar iarratasóirí ceistneoir a fhreagairt. Chun na críche sin, ní mór d’iarratasóirí sonraí pearsanta áirithe a chur isteach ionas go mbeidh na rialaitheoirí comhpháirteacha in ann a mheas an gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta. Roghnaítear na rannpháirtithe má chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta, má fhreagraíonn siad na ceisteanna quiz i gceart agus má fhreagraíonn siad an cheist réitigh ar an mbealach is ceart. 

     • A luaithe a roghnaítear duine, fíoraíonn an conraitheoir incháilitheacht iarbhír na n-iarrthóirí roghnaithe trí bhailíocht na ndoiciméad pearsanta a sheiceáil (cruthúnas náisiúntachta, cruthúnas ar chónaí dlíthiúil).   

     • Ina dhiaidh sin, bronnann an conraitheoir an pas taistil agus an cárta lascaine a ghabhann leis ar rannpháirtithe. Bíonn na rannpháirtithe a úsáideann an pas i dteagmháil leis an gconraitheoir chun a dtaisteal a ullmhú agus sa chás go dteastaíonn tacaíocht uathu chun an pas a úsáid.    

     • Ticéid traenach, cóiste nó eitleáin a chur in áirithe d’iarratasóirí ar bronnadh pas taistil DiscoverEU orthu. 

     • Faireachán agus tuairisciú: Is féidir le EACEA sonraí pearsanta rannpháirtithe a phróiseáil freisin chun críocha faireacháin agus tuairiscithe.

Féadfaidh AS EAC (comhrialaitheoir) sonraí pearsanta na n-iarratasóirí nár roghnaíodh a tharchur chuig a     
gconraitheoir chun cárta lascaine Chumann an Chárta Óige Eorpaigh a fháil.


4. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

 Is féidir rochtain ar do shonraí pearsanta a thabhairt ar bhonn riachtanais eolais do na faighteoirí seo a leanas:

     • Baill foirne údaraithe EACEA (bunaithe san Aontas)   

     • Baill foirne údaraithe an Choimisiúin Eorpaigh    

     • Baill foirne údaraithe an chonraitheora agus a bhfochonraitheoirí (bunaithe i dtíortha an Aontais/LEE) 

     • Oibríonn an conraitheoir DiscoverEU trí úsáid a bhaint as seirbhísí ó na huirlisí tríú páirtithe seo a leanas:     
          o Adobe Campaign & Mandrill (deimhniú ríomhphoist)    
          o AWS Cognito & CommerceTools (cuntas agus bainistiú orduithe)    
          o AWS Dynamo DB (pas móibíleach)    
          o Chatlayer (chatbot)    
          o Dune (bunachar sonraí)    
          o Flexmail (córas ríomhphoist)    
          o Insided (comhphobal)    
          o Mailchimp & IRIS/Intersystems (áirithintí)    
          o MessageBird (córas SMS)    
          o Netigate (suirbhé iarthaistil)    
          o Shufti Pro (fíorúchán cárta aitheantais)    
          o SQL Datawarehouse (cartlannú agus tuairisciú)    
          o Zendesk (deasc chabhrach)  

I gcás líon an-teoranta cásanna (ticéid traenach sheasta, turais eisceachtúla bus nó eitleáin), aistrítear sonraí pearsanta teoranta (ainm, céadainm, dáta breithe) chuig gníomhaireacht taistil atá lonnaithe sa Bheilg, lena bhfuil comhaontú cosanta sonraí (DPA) i bhfeidhm ag an gconraitheoir DiscoverEU. Ag brath ar an gcúrsa taistil a d’iarr an rannpháirtí, féadfaidh an ghníomhaireacht taistil turais a chur in áirithe chuig oibreoirí iompair i dtíortha san Aontas Eorpach/LEE nó lasmuigh den Aontas/LEE atá mar chuid de DiscoverEU (an Mhacadóin Thuaidh, an tSeirbia, an Tuirc).     
Cuirtear turais den sórt sin in áirithe i gcónaí ar iarratas ón rannpháirtí. Beidh aistriú sonraí pearsanta den sórt sin bunaithe ar Airteagal 50.1(c) (an t-aistriú is gá chun conradh arna thabhairt i gcrích ar mhaithe leis an duine is ábhar do na sonraí a thabhairt i gcrích nó a chomhlíonadh). 

I gcás rialaithe nó díospóide, féadfar rochtain ar do shonraí a thabhairt ar bhonn riachtanais eolais do na comhlachtaí a bhfuil cúram faireacháin nó cigireachta orthu agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm (e.g. an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach, an Coimisiún Eorpach, OLAF, Cúirteanna an Aontais Eorpaigh, etc.).


5. Cá fhad a choinnímid do shonraí pearsanta? 

Scriosfar sonraí pearsanta atá in iarratais úsáideoirí nár roghnaíodh le haghaidh DiscoverEU 2 bhliain tar éis dóibh a n-iarratas a chur isteach, ach amháin má tá suim léirithe acu eolas a fháil faoi sheirbhísí eile de chuid Thairseach Eorpach na hÓige, nó faoina bheith bainteach leo, agus sa chás sin, coinnítear na sonraí ar feadh 5 bliana ar a mhéad. Tar éis na tréimhse sin, déanfar a sonraí pearsanta a anaithnidiú agus ní choinneofar iad ach chun críocha staitistiúla.

Na sonraí pearsanta atá in iarratais úsáideoirí a roghnaítear le haghaidh DiscoverEU, scriosfar iad 5 bliana ón dáta áirithinte taistil de réir an liosta chomhchoinneála ach amháin más spéis leis an úsáideoir tarraingt siar as an stádas ‘úsáideoir roghnaithe’ agus gan tairbhe a bhaint as maoiniú ón Aontas Eorpach tríd an tionscnamh, agus sa chás sin coinnítear na sonraí ar feadh 2 bhliain ar a mhéad.

Mar sin féin, d’fhéadfaimis faisnéis a choinneáil a shainaithníonn tú ar feadh tréimhse níos faide chun críocha stairiúla, staitistiúla nó     
eolaíochta agus na cosaintí cuí i bhfeidhm.


6. Cad iad na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú? 

Faoi fhorálacha an rialacháin maidir le cosaint sonraí, tá sé an ceart agat an méid seo a leanas a iarraidh:   

     • rochtain ar na sonraí pearsanta atá ag EACEA fút;    

     • go ndéanfaí do shonraí pearsanta a cheartú nuair is gá;   

     • go scriosfaí do shonraí pearsanta;    

     • go gcuirfí srian le próiseáil do shonraí pearsanta;    

     • go dtabharfaí do shonraí duit nó go n-aistreofaí iad chuig eagraíocht eile i bhformáid chaighdeánach mheaisín-inléite a úsáidtear go coitianta (iniomparthacht sonraí).

NB: I bhfianaise a iomaíoch is atá an próiseas roghnúcháin, ní féidir feidhm a bheith ag an gceart chun faisnéis a cheartú ach amháin maidir leis na sonraí fíorasacha a phróiseáiltear faoin nós imeachta um dhámhachtain deontas lena mbaineann. Ní féidir an ceart chun na sonraí sin a cheartú a fheidhmiú ach suas go dtí an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.  

Mar sin féin, féadfar sonraí fíorasacha sainaitheantais míchruinne a cheartú tráth ar bith le linn an nós imeachta um dhámhachtain deontas agus ina dhiaidh.

Ós rud é go bhfuil an phróiseáil sin ar do shonraí pearsanta bunaithe ar Airteagal 5, pointe (1)(a) den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí, tabhair do d’aire go bhfuil an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta ar fhorais a bhaineann le do chás áirithe féin faoi fhorálacha Airteagal 23 den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí. 

Foráiltear le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 gur féidir le comhlachtaí an Aontais, in ábhair a bhaineann le hoibriú institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, srian a chur ar chearta áirithe daoine aonair in imthosca eisceachtúla agus leis na coimircí a leagtar síos sa Rialachán sin. Déantar foráil maidir le srianta den sórt sin i rialacha inmheánacha a ghlac EACEA agus atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32021Q0317%2801%29)

Beidh teorainn ama le haon srian den sórt sin, beidh sé comhréireach agus urramóidh sé bunbhrí na gceart thuasluaite. Cuirfear deireadh leis a luaithe nach mbeidh na cúinsí a thugann bonn cirt don srian infheidhme a thuilleadh. Gheobhaidh tú fógra cosanta sonraí níos mionsonraithe nuair a bheidh an tréimhse sin caite.

Mar riail ghinearálta, cuirfear ar an eolas thú faoi na príomhchúiseanna atá le srian, mura gcuirfeadh an fhaisnéis sin éifeacht an tsriain féin ar ceal.

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an MECS maidir le raon feidhme an tsriain.


7. Do cheart dul ar iontaoibh i gcás easaontais maidir le haon saincheist a bhaineann le sonraí pearsanta 

I gcás easaontais maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir ag an seoladh thuasluaite agus tríd an mbosca ríomhphoist feidhmiúil.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le hOifigeach Cosanta Sonraí EACEA ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: eacea-data protection@ec.europa.eu

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith: http://www.edps.europa.eu.


8. Cén bunús dlí ar a bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil againn?

Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais (le leagan síos i ndlí an Aontais).   

          - Cinneadh Cur Chun Feidhme 2021/173 ón gCoimisiún lena mbunaítear EACEA;    
          - Cinneadh C(2021)951 ón gCoimisiún agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis lena dtarmligtear cumhachtaí chuig EACEA chun cláir a bhainistiú in CAI 2021-2027,    
          - Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1-33) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE).

 

(1) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE Téacs atá ábhartha maidir le LEE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.