Skip to main content
© European Union © European Union

An bhfuil fonn ort cuidiú a thabhairt do dhaoine eile? D'fhéadfá obair dheonach a dhéanamh i do phobal

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 30/07/2025

An bhfuil am saor agat faoi láthair? Ach roinnt de do chuid ama a thabhairt, féadfaidh tú taithí áisiúil a fháil, bualadh le daoine nua agus a bheith mórtasach as rud éigin fiúntach a dhéanamh do do phobal.

Tá neart eagraíochtaí agus tionscnamh a bhíonn ag brath ar oibrithe deonacha, daoine óga go háirithe, chun cuidiú leo. Is féidir le haon duine obair dheonach a dhéanamh. Ní bhíonn ag teastáil ach spreagadh, comhbhá agus toilteanas oibriú agus foghlaim ó dhaoine sa phobal.

Sainigh do chuid spriocanna

Bíonn cúiseanna difriúla ag daoine le tabhairt faoi obair dheonach, déanann siad é de ghnáth chun rud éigin a thabhairt ar ais agus difear a dhéanamh i saol daoine eile. Is féidir leat obair dheonach a dhéanamh i roinnt réimsí éagsúla, dul i ngleic le heaspa dídine, cuir i gcás, cosaint a thabhairt do chearta an duine nó tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe. An chéad rud a chaithfidh tú a dhéanamh is ea díriú ar na cúiseanna nó ar na cásanna atá tábhachtach duitse. Cuir i gcás, má tá imní ort faoin easpa dídine, d’fhéadfá obair dheonach a dhéanamh in ionad dídine áitiúil.

D’fhéadfá freisin smaoineamh ar na scileanna atá agat. An bhfuil féith an teagaisc ionat, nó b’fhéidir scil i gcúrsaí meicniúla, nó an bhfuil luí nádúrtha agat le daoine? Cé a bheadh in ann leas a bhaint as na scileanna sin? Bíonn go leor eagraíochtaí a bhíonn ar thóir oibrithe deonacha ag súil le scileanna ar leith agus ar ndóigh bíonn siad ag súil go mbeidh tusa breá spreagtha! 

Is cuma cén uair a shocraíonn tú obair dheonach a dhéanamh, nó cad a shocraíonn tú a dhéanamh, is iomaí tairbhe a bhainfidh tú as. A bhuí leis an obair dheonach, beidh difear mór á dhéanamh agat i saol daoine aonair agus i do phobal. Beidh deis agat bualadh le daoine nua, agus d’fheasacht shóisialta a fheabhsú san am céanna. Is leor fiú uair an chloig sa mhí chun do chúnamh fiúntach a thabhairt. 

Déan é

Sula dtéann tú ag obair le heagraíocht, déan cinnte go dtuigeann tú cad atá i gceist le hobair na heagraíochta agus cad atá sí ag iarraidh a bhaint amach. Féadfaidh tú na heagraíochtaí agus na deiseanna is fearr a oireann duit a roghnú bunaithe ar na nithe ina bhfuil spéis agat, dul i dteagmháil leo agus do chion a dhéanamh. 
Má tá spéis agat san athrú aeráide, cuir i gcás, féach 350.orgGreenpeace chun eolas a fháil faoi fheachtais agus gníomhaíochtaí reatha timpeall na cruinne. 

Cad faoi chabhair a thabhairt do dhídeanaithe? Leis an líon méadaithe dídeanaithe atá ag teacht isteach san Eoraip, tá roinnt eagraíochtaí áitiúla ag cur tacaíochtaí éagsúla ar fáil (féadfaidh tú bunachar sonraí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a sheiceáil chomh maith ar an topaic seo). 
Nó troid i gcoinne an idirdhealaithe? Tugann gluaiseachtaí éagsúla faoi thograí iontacha chun troid i gcoinne an idirdhealaithe, eagraíochtaí ar nós Amnesty International

An bhfuil ag teip ort teacht ar an eagraíocht a réiteoidh an fhadhb a chonaic tú? D'fhéadfá tús a chur le do thogra féin! Féadfaidh tú do chomharsana, mic léinn eile nó cairde leat a thabhairt le chéile chun gníomhaíochtaí a eagrú i do chomharsanacht, i dteach na n-aosach, gairdín a dhéanamh don phobal, etc. Féach ar Thionscadail Dlúthpháirtíochta, cuid de chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh! Déan cinnte go bhféachfaidh tú air agus go dtéann tú i dteagmháil le do Ghníomhaireacht Náisiúnta i gcomhair tacaíochta.

Ar thóir inspioráide?

Níl le déanamh agat ach dul ar líne agus na gníomhaíochtaí deonacha a mholtar ar Thairseach Eorpach na hÓige a sheiceáil agus ar bhunachar sonraí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ar an Tairseach sin, gheobhaidh tú scéalta freisin ó dhaoine óga a roinn a dtaithí féin ar obair dheonach.

Féadfaidh tú eagraíochtaí éagsúla a chuardach freisin, bídís ina n-eagraíochtaí áitiúla nó ina gcraobhacha áitiúla d’eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Mar aon leis na deiseanna sin san Aontas Eorpach, gheobhaidh tú craobhacha áitiúla de ghluaiseachtaí idirnáisiúnta freisin i lear mór cathracha a bhíonn ag lorg oibrithe deonacha. Féadfaidh tú leathanach náisiúnta na n-eagraíochtaí sin a sheiceáil, mar shampla:

Tá neart eagraíochtaí eile ann ar ndóigh a bhíonn ar thóir cabhrach ó dhaoine óga ar spéis leo cuidiú a thabhairt. Beidh tú in ann ardáin ghinearálta a sheiceáil ar nós Meetup.com chun gníomhaíochtaí in aice leat a aimsiú, nó ardáin dheonacha (arís, féach ardáin náisiúnta).

An bhfuil spéis agat oibriú go deonach i dtír eile?

Má tá suim agat dul i dteannta an líon daoine óga a dhéanann obair dheonach san Eoraip agus ar fud an domhain, líon atá ag dul i méid i gcónaí, is iomaí áit ar líne inar féidir leat an deis is fearr duitse a roghnú!

Is féidir le daoine óga idir 17 agus 30 bliain d’aois clárú don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Tar éis próiseas simplí clárúcháin, d’fhéadfaí thú a roghnú agus d’fhéadfá cuireadh a fháil páirt a ghlacadh i raon leathan tionscadal, cuidiú a thabhairt in ionaid d’iarrthóirí tearmainn, cuir i gcás, cabhrú chun tubaistí nádúrtha a chosc nó dul i ngleic le saincheisteanna sóisialta difriúla i bpobail. Ach clárú don Chór beidh tú in ann iarratas réamhghníomhach a dhéanamh freisin ar dheiseanna a bhfuil spéis agat iontu.

Tá cúpla clár idirnáisiúnta ann a thugann deiseanna do dhaoine óga tabhairt faoi obair dheonach agus a chuirfidh ar do chumas dul ar mhisean ar feadh tréimhse idir 6 agus 12 mhí. D'fhéadfadh sé a bheith sa réimse sóisialta, comhshaoil, cultúir nó sa chabhair dhaonna. Cá mbreathnóidh tú le haghaidh deiseanna chun obair dheonach a dhéanamh?