Skip to main content
©Zhifei Zhou - Unsplash ©Zhifei Zhou - Unsplash

Féilte breátha scannán san Eoraip

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 21/10/2020

In amanna, bíonn an chosúlacht air go bhfuil sáimhín só an tsaoil sin i bhfad uainn, ach ní gá a bheith in Hollywood chun spléachadh a fháil ar phearsa cáiliúla clúiteacha na pictiúrlainne.

Cuid de na féilte scannán idirnáisiúnta is tábhachtaí, reáchtáiltear iad san Eoraip gach bliain, agus seans nach bhfuil siad i bhfad uait féin.

An 28 Nollaig 1895 sa Grand Café i bPáras, d'óstáil beirt deartháireacha, a bhí 33 agus 31 bhliain d’aois ag an am, an chéad léiriú poiblí ar 10 ngearrscannán a mhair thart ar 50 soicind an ceann. Lumière an sloinne a bhí orthu agus chuir siad tús le ré nua – tháinig an phictiúrlann ar an bhfód.

Tá os cionn 120 bliain caite ó shin agus anois tá áit lárnach ag gnéithe éagsúla d'ealaín na pictiúrlainne sa saol laethúil.

Is é an dlaoi mhullaigh nó an bealach is fearr le nochtadh ceart a fháil ar scannán ná freastal ar fhéile scannán cheart. Agus ní gá duit dul trasna an Atlantaigh chun é sin a dhéanamh ó tharla go bhfuil togha agus rogha na bpictiúr le fáil anseo san Aontas Eorpach.

Cibé tréimhse a roghnaíonn tú le dul ar turas go tír eile, déan cinnte go dtéann tú nuair a bheidh féile scannán idirnáisiúnta ar siúl. Más duine de lucht an seachtú ealaín thú, seo seacht bhféile scannán a tharlaíonn ar fud na mór-roinne is ceart duit freastal orthu!

Cuirfidh tú tús spleodrach leis an mbliain ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Rotterdam, a bhíonn ar siúl san Ísiltír gach mí Eanáir. Is tíogar stílithe atá mar lógó ag an bhféile agus dírítear ann ar stíleanna déanta scannán atá neamhspleách agus nuálach.

Bíonn Féile Scannán Idirnáisiúnta Bheirlín, nó Berlinale mar a thugtar go coitianta uirthi, ar siúl gach mí Feabhra i bpríomhchathair na Gearmáine agus í ar an bhfód ó 1978. Tá sí ar cheann de na trí phríomhfhéilte scannán idirnáisiúnta in éineacht le féilte Cannes agus na Veinéise agus bíonn thart ar 400 scannán sa chomórtas gach bliain, agus iad ar thóir dhuais chlúiteach an Bhéir Órga, siombail na cathrach.

I suíomh níos boige (agus tréimhse bhog den bhliain) a bhíonn Féile Cannes, féile a bhfuil a cuid fréamhacha sna 1930idí ach a cuireadh ar bun i gceart in 1947. In 2019 reáchtáladh an fhéile den 72ú huair, agus bronnadh an Palme d’Or ar an stiúrthóir as an gCóiré Theas Bong Joon-Ho as a scannán ceannródaíoch Parasite. Bhuaigh an scannán Gradam Oscar 2020 don Phictiúr Is Fearr, an chéad scannán riamh nach raibh i mBéarla a rinne a leithéid de ghaisce.

Mar is eol dúinn ar fad, bíonn cartúin ar siúl sa phictiúrlann freisin agus sártheicnící gluaisne le feiceáil iontu. Suíomh iontach chun súil a chaitheamh ar an téama seo is ea Annecy na Fraince i mí an Mheithimh, le linn Fhéile Scannán Beochana Idirnáisiúnta Annecy. Déantar scannánaíocht ar chré-ghluaisne, íomhánna ginte ar ríomhaire agus neart eile nach iad, agus an obair go léir le feiceáil amuigh faoin spéir.

Leanann an téama samhraidh agus ealaíne seo le Féile Scannán Idirnáisiúnta Karlovy Vary sa tSeicia, féile a bunaíodh in 1946. I rith na féile scannán is iomráití i Lár agus in Oirthear na hEorpa, tugtar Cruinneog Chriostail do phearsa mór le rá i saol na scannán.

Bíonn sé de nós againn go léir rúin nua a dhéanamh i mí Mheán Fómhair (murar éirigh go rómhaith le rúin na hAthbhliana), mí chun tosú as an nua agus neart scannán a fheiceáil. Bíonn an fhéile scannán is sine san Eoraip ar siúl idir deireadh mhí Lúnasa agus tús mhí Mheán Fómhair i murlach na Veinéise (an Iodáil) faoi scáth Biennale na Veinéise, is é sin Féile Scannán na Veinéise. Is é an Leon Órga an duais bhuacach a bhaintear amach na laethanta seo ach i rith ré deachtóireachta na bhFaisisteach, fuair na buaiteoirí an Coppa Mussolini, mar a thugtaí air.

Bíonn Féile Scannán Idirnáisiúnta San Sebastián ar siúl déanach i mí Mheán Fómhair i dTír na mBascach, Tuaisceart na Spáinne. Bunaíodh an fhéile sna 1950idí, agus bhí sé mar aidhm aici i dtosach ama scannáin de chuid na Spáinne a chur chun cinn ach socraíodh ansin í a oscailt don mhargadh idirnáisiúnta agus idir-réaltrach. Go deimhin, in 1977 léiríodh Star Wars den chéad uair san Eoaip ag an bhféile.

In amanna, ní leor freastal de shíor ar fhéilte scannán agus seans gur mhaith leat féile a bhunú i do thír, i do réigiún nó fiú sa bhaile beag bídeach iargúlta sin agat féin nach bhfuil cur amach ag mórán daoine air. Sa chás sin, d’fhéadfadh an tionscnamh seo de chuid Eoraip na Cruthaitheachta cuidiú leat, go háirithe má tá deontas uait.

Agus díreach mar a chloisfeá sula gcuirfí tús leis an scannán… míle buíochas leat agus sláinte mhaith!