Skip to main content
© Tommy Lisbin - Unsplash © Tommy Lisbin - Unsplash

Campaí Oibre Idirnáisiúnta – taithí dheonach a bhíonn gearr ach dian!

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 31/08/2021

Ar chuala tú trácht riamh ar champaí oibre idirnáisiúnta? Ná bíodh imní ort, níl aon obair éigeantach i gceist! Is deis iontach é má tá tú os cionn 18 mbliana d’aois chun cabhrú le pobal i ngátar agus foghlaim faoina chultúr agus faoina chuid nósanna ag an am céanna.

Cad is campa oibre idirnáisiúnta ann?

Is grúpa saorálaithe idirnáisiúnta as tíortha difriúla é an campa oibre idirnáisiúnta a oibríonn le chéile ar thionscadal pobail arb é is aidhm dó cabhrú le pobal áitiúil le tionscadal a mhaireann idir dhá sheachtain agus ceithre seachtaine go hiondúil. Bíonn na campaí bunaithe ar chur chuige oideachasúil agus rannpháirteach agus iad á n-óstáil ag pobail agus ag eagraíochtaí áitiúla ar nós eagraíochtaí síochána, grúpaí comhshaoil agus grúpaí gníomhaíochta pobail. 

Cén fáth ar cheart duit a bheith páirteach ina leithéid?

Is bealach iontach iad na campaí oibre idirnáisiúnta le cairde nua a dhéanamh, tionscadal suntasach a chur i gcrích agus do thuiscint ar chúrsaí idirnáisiúnta a mhéadú. Beidh ort roinnt oibre a dhéanamh anuas ar an spraoi a bhainfidh tú as.

Cé atá in ann a bheith páirteach?

Bíonn na campaí oibre ar oscailt go ginearálta do gach duine óg idir 14 agus 30 bliain d’aois (bíonn deiseanna ann freisin do dhaoine os cionn 30). Ní bhíonn aon scil shonrach ag teastáil, caithfidh tú an-spéis a bheith agat ann agus sin é an méid.

Cad a dhéanfaidh tú?

I gcampa oibre, bítear ag súil go n-oibreoidh na saorálaithe timpeall 30 uair an chloig ar ghníomhaíochtaí ba cheart a d’fhreastalódh ar an bpobal áitiúil nó a rachadh chun leasa an chomhshaoil. Is minic a bhíonn muintir na háite féin páirteach sna tionscadail. Féadfaidh tú d’am saor a chaitheamh ar do chompord, ag ullmhú béile agus ag comhrá, agus ar ghníomhaíochtaí agus ar thurais le saorálaithe eile agus leis an bpobal áitiúil.

Cén sórt coinníollacha a bhíonn i gceist?

Braitheann na coinníollacha ar an gcampa. Cuirtear bia agus lóistín ar fáil go hiondúil, mar sin ní theastóidh airgead uait ach amháin chun do chostais taistil a chumhdach, an táille iarratais don eagraíocht a sheolfaidh ann thú, agus roinnt airgead póca. Má théann tú isteach i gcumann, seans maith go mbeidh do shlándáil shóisialta cumhdaithe. Ba cheart go mbeifeá réidh le maireachtáil agus oibriú i dtimpeallacht phobail, áit a mbíonn na dálaí maireachtála simplí go maith agus bíonn an obair crua ach spraíúil agus tairbheach. 

Conas teacht ar champa oibre?

Tá eagraíochtaí difriúla ag tairiscint deiseanna i gcampaí oibre, agus bíonn difear idir na coinníollacha agus na costais ó cheann amháin go dtí ceann eile. Déan cinnte de go seiceálfaidh tú na tairiscintí go cúramach.

Seo cúpla nasc spéisiúil le tús a chur leis an taighde. Cuimhnigh nach liosta iomlán é seo, ba cheart duit leathanaigh na tíre atá tiomnaithe d’obair dheonach ar Thairseach Eorpach na hÓige a sheiceáil áit a mbeidh tú in ann tuilleadh eolais a fháil amach faoi eagraíochtaí náisiúnta agus a gcuid tionscadal: