
Cuir ceist ar an gCoimisinéir!
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 11/05/2021
Ná caill an deis do thuairimí faoin Óige agus Oideachas, nó aon ábhar imní atá agat ina leith, a roinnt leis an gCoimisinéir Mariya Gabriel.
Chun ullmhú do Sheachtain Eorpach na hÓige, a bheidh ar siúl ón 24 go dtí an 30 Bealtaine, ba mhaith leis an gCoimisinéir um an Óige agus Oideachas, Mariya Gabriel, do chuid tuairimí a chloisteáil.
D’fhéadfadh sé go mbainfeadh do chuid ceisteanna, nótaí tráchta nó tuairimí leis na réimsí seo a leanas:
- Clár nua Erasmus+ agus cláir nua an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le haghaidh 2021-2027
- Rannpháirtíocht na saoránach óg sa chinnteoireacht a neartú agus a rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn
- Gealltanais inbhuanaitheachta i gcláir nua
- Dúshláin an digitithe agus conas a rachfar i ngleic leo i gcláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
- An téarnamh tar éis COVID agus conas a chuirfidh na cláir nua le tuilleadh athléimneachta
Cuirfear fáilte freisin roimh aon ní eile a ritheann leat a bhaineann le haos óg na hEorpa, le do chuid deiseanna agus leis an bpáirt a ghlacann tú sa saol daonlathach!
Cé atá in ann a bheith rannpháirteach?
Is gá duit a bheith idir 18 agus 30 bliain d’aois, i do chónaí i dtíortha atá rannpháirteach in Erasmus+ agus sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus ag gníomhú i do cháil phearsanta féin (e.g. ní chuirfear san áireamh iontrálacha ó iriseoirí agus ó ionadaithe na meán).
Conas?
Seol do cheist i bhformáid físeáin atá 30 soicind ar fad ar a mhéad chuig EAC-SOCIAL-MEDIA@ec.europa.eu nó postáil é ar na meáin shóisialta (Twitter nó Instagram) leis an haischlib #EUYouthWeek.
I gcásanna eisceachtúla glacfar le hiontrálacha i bhformáid grianghraif a bhfuil ceist i scríbhinn nó comhad fuaime ag gabháil leis.
Is féidir leat an oiread ceisteanna agus is mian leat a chur!
Seol iad faoin 30 Bealtaine 2021 00:00 (am na Bruiséile) agus coinnigh súil amach le haghaidh na bhfreagraí. Léigh na Téarmaí agus Coinníollacha