Skip to main content
© European Union © European Union

Nósanna glasa á gcur chun cinn

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 04/11/2020

Tá méadú ag teacht i rith an ama ar líon na dtionscadal de chuid an Chóir a bhaineann le gníomhaíochtaí ar son na haeráide agus le gníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh an comhshaol agus an nádúr a chosaint. Ó bhí 2017 ann, cuireadh maoiniú ar fáil le haghaidh breis agus 1,100 tionscadal a théann i ngleic le cosaint na haeráide, an chomhshaoil agus an nádúir agus ghlac breis agus 7,500 rannpháirtí páirt iontu.

Ar mhaith leat cur leis an ngluaiseacht ar son na haeráide agus le cosaint an chomhshaoil trí dheiseanna a chuireann an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach ar fáil? Cuardaigh tionscadail a bhíonn ag plé leis na hábhair sin i do dheais nó cuir tionscadal dlúthpháirtíochta ‘glas’ ar bun thú féin! 

Tá áthas orainn cuid de na tionscadail a bhíonn ag plé le saincheisteanna glasa a chur i láthair: 

Sa “Repair Café” in Tartu na hEastóine, cuirtear earraí tí atá briste in úsáid an athuair. Mar chuid de “Climate Awareness” sa tSualainn, cuidíonn na hoibrithe deonacha chun bia orgánach a fhás, an bhithéagsúlacht a athbhunú agus cruthaíonn siad tírdhreacha is féidir a ithe in éiceabhaile. Le “Urban Ecology” sa Bhulgáir, dírítear ar fheasacht a ardú agus modhanna inbhuanaithe a chur ar fáil chun an comhshaol a chosaint agus saol sláintiúil a chaitheamh in Varna. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal dlúthpháirtíochta “Wintertide” limistéar cósta nádúrtha a athshlánú sna limistéir uirbeacha de Trani agus Barletta na hIodáile. 

Leigh faoi na tionscadail sin sa bhileog eolais seo agus chun spreagadh a fháil, cuardaigh níos mó tionscadail mhaoinithe ar an ábhar is spéis leat i mbunachar na dtionscadal de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.