Skip to main content
Submitted by Elisavet KOZAKOU on
Draw lines
Yes
Color
#db7093
Cities/Points
Name
Laoch-chathair NEB: Vársá
Country
an Pholainn
Population
1795000
Why visit?

Is mol mór cultúrtha, polaitiúil agus eacnamaíoch é Vársá, príomhchathair na Polainne. Léirítear an méid sin ina dhearadh agus ina ailtireacht, ina bhfuil luachanna an Bauhaus Eorpaigh Nua (NEB) le feiceáil go hiomlán.

Is é is aidhm do thionscadail amhail Coincheap FOLK, atá lonnaithe i Vársá, an ailtireacht atá ann cheana a athnuachan agus saol an lae amárach á chur san áireamh. Is é FOLK a bhuaigh Gradam an Bauhaus Eorpaigh Nua 2022 do Réaltaí atá ag teacht chun cinn. Cuireann sé borradh faoi sheansciobóil agus seanghráinsigh agus cuireann sé dóigh nua orthu go bhfreastalóidh siad ar riachtanais an lae inniu, agus a sainghnéithe á gcaomhnú ag an am céanna. Tógadh go leor spásanna maireachtála uirbeacha nuálacha freisin, agus iad deartha go nua-aimseartha agus go hinbhuanaithe, cuir i gcás an Zlota 44, ilstórach spéire ar a bhfuil díonta atá deartha chun uisce báistí a bhailiú. Tá an próiseas athbheochana seo á dhaonlathú trí thionscnaimh mar ReStore, siopa neamhbhrabúis a chuireann troscán, fearas agus ábhair inbhuanaithe ar fáil, idir nua agus athláimhe.

Ní féidir neamhaird a thabhairt ar na hathruithe ó bhonn sin i Vársá. Tabhair cuairt ar mhonarcha vodca Koneser a raibh clú agus cáil uirthi tráth den saol, bain lán na súl as a seanghnéithe agus féach leat na spásanna tráchtála, beáir, bialanna, óstáin agus i bhfad níos mó. Is tionscadal athnuachana uirbí rathúil eile í monarcha Norblin ba cheart a fheiceáil, go háirithe a mhúsaem, BioBazar, ArtBox Experience, agus Food Town a bhfuil 23 choincheap ghastranómacha ann as gach cearn den domhan.

Image
Vársá
Coordinates
52.2330653,20.9211126
Tags with icon
NEB prize
Sustainable initiatives
Urban renewal
Name
Katowice
Country
an Pholainn
Population
289000
Why visit?

Tá Katowice, iar-chroílár tionsclaíochta na Polainne, lonnaithe i réigiún na Siléise, agus tá luachanna an Bauhaus Eorpaigh Nua (NEB) le feiceáil go hiomlán ann. Téann stair na cathrach le stair a mianaigh guail – stair ar bhain Katowice leas aisti chun í féin a athrú ó bhonn ina cathair inbhuanaithe don todhchaí. Le tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach, d’athraigh tionscadal MOLOC an mianach ina ionad cultúrtha, ina bhfuil Láthair Spodek, Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta na Polainne, an tIonad Comhdhála Idirnáisiúnta agus an Músaem Siléiseach anois.

Chomh maith lena tionscal guail, tá cáil ar an gcathair as a hailtireacht miotail agus gloine. Tá tionchar mór ag an ailtireacht iarthionsclaíoch ar na foirgnimh, ina bhfuil gnéithe nua-aoiseacha agus Art Nouveau. An façade uigeach atá ar shiopa ilrannach Skarbek, timpeallán lárnach na cathrach, agus foirgneamh Superjednostka, sin samplaí iontacha den ról ríthábhachtach atá ag ábhair bhuanfasacha in-athchúrsáilte inoiriúnaithe maidir le dearaí uathúla a chruthú.

Trí nascadh leis an am atá caite, tá roinnt eispéiris uathúla ag Katowice a chuirtear ar fáil do chuairteoirí. Óstálann Monarcha Giesche Porcelain agus a spásanna ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile anois, agus tá iarcheantar oibrithe Nikiszowiec anois ina mhol cultúrtha agus sóisialta, áit a bhfuil ailtireacht uathúil ann ó thús an 20ú haois.

Is féidir leat cuairt a thabhairt freisin ar Mhúsaem Śląskie, ar spás é le haghaidh idirphlé idir an stair agus an lá atá inniu ann. Nó féach leat an Pháirc Shiléiseach, ceann de na hinfheistíochtaí glasa is mó sa tSiléis Uachtarach. Nuair a bheidh tú réidh leis sin go léir, glac go réidh é sna beáir agus sna clubanna ar Shráid Mariacka.

Image
Katowice
Coordinates
50.2136939,18.8636717
Tags with icon
Urban renewal
Name
Prág
Country
Poblacht na Seice
Population
1275406
Why visit?

Is seoid cheart é Prág, go háirithe maidir lena ailtireacht stairiúil agus a chur chuige i leith nuachóiriú ailtireachta inbhuanaithe. Cuireann an chathair tionscnaimh éagsúla chun cinn atá bunaithe ar phríomhluachanna an Bauhaus Eorpaigh Nua (NEB). Tá Prág ar cheann de na cathracha atá ag reáchtáil thionscnamh CrAFt ar bhonn píolótach, darb aidhm samhlacha a aimsiú maidir leis an gcaoi ar féidir le cathracha aistriú i dtreo na haeráidneodrachta ar bhealach cuimsitheach inbhuanaithe álainn. Is ann freisin atá an tionscadal Reclaim Žižkov, a bhuaigh Gradam an Bauhaus Eorpaigh Nua do Réaltaí atá ag teacht chun cinn, darb aidhm cabhrú leis an gceantar stairiúil seo den lucht oibre a chroí féin a choinneáil in aghaidh an uaislithe.

Má tá tú ag iarraidh eolas a chur ar na taobhanna éagsúla de chathair atá i mbun aistrithe, tabhair cuairt ar cheantar Holešovice i bPrág, áit a bhfuil athchruthú suntasach tarraingteach á dhéanamh ar an gcomharsanacht éagsúil seo mar thoradh ar na siopaí boutique, caiféanna agus gailearaithe a cuireadh san áireamh go saoráideach. Nó féach leat an Teach Rince, sampla annamh den díthógachaíocht arna spreagadh ag an art nouveau; nó Túr Teilifíse Žižkov, a déarfadh daoine áirithe atá ar cheann de na foirgnimh is gránna – agus is spéisiúla fós – ar domhan.

Cibé áit a dtéann tú, ná caill an deis cuairt a thabhairt ar Thúr Faire Petřín nó ar Pháirc Letná, mar ar féidir leat deoch a ól agus taitneamh a bhaint as na radhairc iontacha thar an gcathair. Murar leor sin, féach leat claífort bríomhar Rašínovo nábřeží agus ar a bhfuil le fáil ann tráth ar bith den bhliain.

Image
Prág
Coordinates
50.0598058,14.3255421
Tags with icon
NEB Projects
Name
Marsa
Country
Málta
Population
5730
Why visit?

Cuan beag in oirdheisceart Mhálta is ea Marsa, a thug an svae leis san Eoraip in 2015 nuair a d’óstáil sé an Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse. Cé go raibh ról ríthábhachtach ag a longchlóis agus ag a Chuan Mór i stair na tíre, tá Marsa anois ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar a rath atá ag dul i léig. Tá sé ag glacadh go hiomlán le spiorad an Bauhaus Eorpaigh Nua (NEB) trí athruithe ailtireachta inbhuanaithe cuimsitheacha a shaothrú.

Is sa chathair atá an tionscadal ‘Málta mar chathair insiúlta’ darb aidhm mórbhealaí coisithe a dhéanamh de chóras draenála báistí na tíre nach n-úsáidtear ach go hannamh. Tríd an tsoghluaisteacht uirbeach a athdhearadh, is mian leis an tionscadal saol na gcónaitheoirí a dhéanamh níos taitneamhaí agus níos inbhuanaithe.

In 2022 ainmníodh an chathair mar Phríomhchathair Chultúir Mhálta, aitheantas ar acmhainneacht an lárionaid uirbigh seo atá beag ach beoga, agus glao chun eolas a chur an athuair ar an mbaile suntasach stairiúil seo a bhfuil iarsmaí a ghníomhaíochta longthógála agus tionsclaíche le sonrú ann. 

Déan réidh le haghaidh tóraíocht taisce agus tú in Marsa. Is féidir leat cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Poist Mhálta agus níos mó a fhoghlaim faoin gcaoi ar éirigh le Málta é féin a choinneáil ar an eolas agus é i lár na Meánmhara. Agus féach leat ráschúrsa capall Marsa a tógadh in 1868, nó téigh ag spaisteoireacht go réchúiseach thart ar an muiríne.

Image
Marsa
Coordinates
35.8757762,14.4743401
Tags with icon
Sustainable initiatives
Urban renewal
NEB Projects