An té a bheadh ag taisteal san Eoraip, níor mhór dó tarraingt ar Vín, príomhchathair na hOstaire - tá na páláis go hórnite álainn ann, agus is iomaí duine cáiliúil a chónaigh ann le himeacht na mblianta (an sárchumadóir Mozart, an dísreach druma agus doird Camo & Krooked, agus Christoph Waltz, atá ina réalta Hollywood). Tá os cionn 2,000 páirc agus gairdín sa chathair, ar féidir cuairt a thabhairt orthu ar do dheis trí úsáid a bhaint as aon cheann den 1,400 km de raonta rothaíochta atá sa chathair. I gcás taistealaithe is misniúla fós, tá an Wienerwald, limistéar coillearnaí atá faoi chosaint an Aontais mar láithreán Natura 2000, díreach ar leac an dorais freisin.
B’fhéidir gur fearr aithne ar Bratislava, príomhchathair na Slóvaice, as a caisleán dronuilleogach cáiliúil maorga, ach tá go leor eile le feiceáil agus le déanamh ag taistealaithe sa chathair freisin. Ainmníodh an chathair, atá suite idir abhainn na Danóibe agus Sléibhte Beaga Cairp, mar an tríú cathair is glaise ar domhan – tar éis Auckland agus Reykjavik. Tá teacht aniar na Bratasláive ó thaobh na haeráide de á fheabhsú freisin, trí uisce báistí a bhainistiú ar bhealach níos fearr, díonta glasa a thógáil, agus saoránaigh a choinneáil fionnuar i gcás tonn teasa. Tugaimid an dúshlán seo d’aon ghrianghrafadóir DiscoverEU atá ag teacht i gcrann: tabhair cuairt ar bharr chaisleán na Bratasláive agus tóg an pictiúr is fearr is féidir – tá pointí bónais ag dul do gach páirc agus díon glas atá ann! Ná déan dearmad é a roinnt ar Instagram leis an haischlib #DiscoverEU.
Cé chomh héasca is atá sé an baile ina bhfuil tú i do chónaí a shiúl? Cad a chuirfeadh fonn ort siúl trí chomharsanachtaí an bhaile, seachas an carr nó iompar poiblí a thógáil? Is ceist í seo atá á cur ar mhuintir Nyíregyháza, baile san Ungáir. Tá an tionscadal ‘Citywalk’, atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach, lonnaithe sa bhaile sin agus tá sé mar aidhm aige feabhas a chur ar ‘insiúltacht’ na sráideanna áitiúla. Tríd an méid sin a dhéanamh, tá sé mar aidhm ag an tionscadal an brú tráchta a laghdú chomh maith le hastaíochtaí gás ceaptha teasa.
Más atmaisféar cruthaitheach cultúrtha atá uait, moltar duit cuairt a thabhairt ar Cluj-Napoca. Chomh maith leis sin, tá an chathair tiomanta dá hiompar poiblí a dhéanamh glas do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon. D’úsáid muintir na cathrach cistí an Aontais chun an líonra tramanna a nuachóiriú, rud a d’fhág go raibh siad dhá uair níos tapúla agus gur cuireadh feabhas ar na spásanna glasa ar na línte. Dhearbhaigh siad freisin nach ndeonófar ceadúnais tacsaí ach d’fheithiclí leictreacha amháin, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos inbhuanaithe feasta dul ag fámaireacht thart faoin gcathair. Leid uainn: téigh ar thram chuig Opera Maghiara Est – is ansin a thiocfaidh tú ar Pháirc Lárnach Cluj-Napoca, ina bhfuil scairdeáin áille agus loch bádóireachta gleoite.
Bhí cathair Brașov na Trasalváin, ar a dtugtar ‘Príomhchathair Ghlas’ na Rómáine freisin, ar cheann de na chéad sínitheoirí de Chúnant na Méaraí, clár de chuid an Aontais lenar tugadh rialtais áitiúla ar fud na hEorpa le chéile chun gníomhú i gcoinne an athraithe aeráide. Tá an chathair suite faoi scáth Shliabh Tâmpa mhaorga, sliabh ard atá ainmnithe ag an Aontas Eorpach mar anaclann dúlra Natura 2000 chun éin, toirc, béir agus féileacáin neamhchoitianta a chosaint. Tóg carr cábla go dtí an barr agus déan iarracht na litreacha ‘BRAŞOV’ a dhéanamh amach ar thaobh an chnoic – Hollywood na hEorpa!
Sníonn abhainn na Danóibe ón nGearmáin tríd an Eoraip chomh fada lena ceann scríbe, an Mhuir Dhubh. Is ar dheilt álainn na Danóibe, suíomh Natura 2000 atá faoi chosaint an Aontais, atá Tulcea na Rómáine suite. Tabhair cuairt ar an mbaile agus breathnaigh ar an bhfiadhúlra uathúil, nó tabhair faoi obair dheonach chun bruacha na Danóibe a choinneáil glan.