Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Comórtas Amhrán #EUSolidarityCorps – Téarmaí agus Coinníollacha

Glac páirt i gcomórtas amhrán an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le go mbeidh seans agat fearas poiblíochta an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a bhuachan. Seo é an 14ú babhta agus seo a leanas an méid atá uainn:

                                      Scaoil le do chruthaitheacht!

                                D'amhrán faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach!

Taispeáin dúinn an méid a bhfuair tú blaiseadh air le linn do ghníomhaíochta leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, agus cá bhfios nach mbeidh tú féin ar dhuine de na buaiteoirí ámharacha!
 

Conas a oibríonn sé?

Tá an 14ú babhta ar oscailt ón 25.01.2021 - 09.05.2021

Le páirt a ghlacadh sa chomórtas, lean na 7 gcéim éasca seo a leanas:

  1. Faigh Aip an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar d'fhón póca. Cinntigh go bhfuil leagan 1.6.1 agat.

         

        

     2. Chun logáil isteach, cuir isteach do chuid sonraí le haghaidh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

    3. Cliceáil ar “Comórtais & Imeachtaí” agus lean na céimeanna san aip. Fad agus a bheidh an comórtas oscailte, is féidir leat d'amhrán/d'fhíseán a thaifeadadh go díreach san aip nó é a uaslódáil ó ghailearaí d'fhóin póca. Déan d'amhrán/d'fhíseán a thaifeadadh agus bíodh d'fhón póca sa mhodh cothrománach. Níor cheart go mbeadh an taifead níos mó ná 5 nóiméad ar fad. 

         

   N.B.: Mar gheall ar an gcur i bhfeidhm reatha le haghaidh an iPhone, ní féidir uaslódáil ó ghailearaí an fhóin póca agus ní féidir an físeán a thaifeadadh go díreach san aip.

   4. Beidh rochtain agat, agus agatsa amháin, ar d'amhrán i “Mo Dhialann” san aip. Ní fheicfidh an pobal é.

   5. Is féidir leat d'amhrán a chur ar siúl san aip. Mura bhfuil tú sásta leis, is féidir leat d'amhrán a athrú san aip ag am ar bith go dtí go mbeidh sprioc-am an chomórtais istigh.

   6. Bíodh teideal ar an amhrán agus tabhair míniú air, ag insint dúinn an fáth a seasann sé don uain aoibhinn agat leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach (teideal: 2 charachtar ar a laghad agus 100 carachtar ar a mhéad agus cur síos: 100 carachtar ar a laghad agus 500 carachtar ar a mhéad).

   7. Má tá daoine eile san fhíseán/san amhrán, cinntigh go bhfuil cead faighte agat ó na daoine ar fad atá sna híomhánna (féach na foirmeacha údaraithe níos faide ar aghaidh)

Tabhair do d'aire gurb é atá á lorg againn amhráin a bheadh ina léiriú ar idéil, ar luachanna agus ar fhíorspiorad an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (féach misean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh thíos).

Tá an cead agat d'amhrán a tharraingt siar ón gcomórtas ag tráth ar bith. Is féidir sin a dhéanamh go díreach san aip agus an comórtas fós ag dul ar aghaidh. Ní le déanamh agat ach d'iarratas a scriosadh. Tar éis an sprioc-ama, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig eu-solidarity-corps@ec.europa.eu agus iarraidh orainn d'iarratas a scriosadh ónár mbunachar sonraí. 

Na hamhráin ar fad a chuirtear isteach, déanfar iad a scriosadh ónár mbunachar sonraí ag deireadh an chomórtais ach amháin na 10 n-amhrán a rachaidh ar aghaidh go dtí an babhta ceannais.

Trí d'amhrán a chur isteach, tugann tú cead don Choimisiún Eorpach an t-amhrán a úsáid, saor in aisce, le haghaidh fhad chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus na gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air. D’fhéadfadh sé go gcuirfí an t-amhrán in oiriúint do cheanglais theicniúla agus go n-athrófaí é le go gcloífeadh sé le ceanglais fuaime an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Tríd an amhrán a chur isteach agus/nó trí ghlacadh le duais, aon chearta atá ag na hiarrthóirí i leith an amhráin a cuireadh isteach, aistríonn siad na cearta sin chuig an gCoimisiún Eorpach agus toilíonn siad le húsáid a n-amhráin ag an gCoimisiún Eorpach agus ag éascaitheoirí an Chór Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar mhaithe le poiblíocht, le fógraíocht nó le heolas a scaipeadh i modh nó i bhformáid ar bith gan fógra ná cúiteamh breise a fháil.

Má chomhlíonann d'amhrán na critéir thuasluaite, seans go mbeidh tú féin ar dhuine de bhuaiteoirí míosúla #EUSolidarityCorps!
 

Conas a roghnófar na buaiteoirí?

Tá an comórtas seo oscailte do dhuine ar bith idir 18 agus 31 bhliain d'aois atá cruthaitheach agus a fhaigheann inspioráid ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach. Ní mór dóibh a bheith cláraithe ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, i mbun gníomhaíochta san am i láthair nó baint a bheith acu roimhe le gníomhaíocht de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Beidh painéal de mholtóirí gairmiúla ann ar saineolaithe cruthaitheachta agus meán sóisialta iad, agus is iad a roghnóidh na 10 n-amhrán a rachaidh ar aghaidh go dtí an babhta ceannais. An t-amhrán is tarraingtí a chomhlíonann ceanglais an chomórtais, beidh an bua aige.

Na hamhráin a bheidh sa bhabhta ceannais agus a roghnaíonn painéal na moltóirí, beidh siad le feiceáil san aip. Cinntigh go n-íoslódálann tú leagan 1.6.2 i mí Aibreáin 2021 agus caith do vóta san aip. Roghnófar an t-amhrán is fearr le 50 pointe ón bpainéal agus 50 pointe ó na vótaí a chaithfear san aip. Féach thíos sampla an roghnúcháin:

1 – Comhaireamh - líon iomlán na vótaí a fuarthas ó phainéal na moltóirí
2 – Pointí ón bpainéal - an buaiteoir a bhfuil an líon is mó vótaí aige, faigheann sé 50 pointe; faigheann buaiteoirí eile níos lú pointí i gcomhréir le líon na vótaí a fuair siad
3 – Vótaí - líon iomlán na vótaí a fuarthas ó vótaí ón bpobal (is ionann vótálaí amháin agus vóta amháin)
4 – Scór - céatadán na réaltaí a fuarthas ó gach vótálaí (bhí gach vótálaí in ann suas le 5 réalta a bhronnadh; 5 réalta = 100)
5 – Vótaí ón bpobal - líon na vótaí méadaithe faoin scór
6 – Pointí ón bPobal - an buaiteoir a bhfuil an líon is mó vótaí ón bpobal aige, faigheann sé 50 pointe; faigheann buaiteoirí eile níos lú pointí i gcomhréir le líon na vótaí a fuair siad sa vóta poiblí
7 – Pointí deiridh - tá na pointí deiridh bunaithe ar shuim na bpointí ó na painéil agus na bpointí ón bpobal
8 – Rangú - an buaiteoir a bhfuil an líon is mó pointí deiridh aige, is é a rangaítear sa chéad áit; rangaítear na buaiteoirí eile dá réir
 

Is é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach atá ag bainistiú na nduaiseanna don chomórtas seo thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh, agus is é a rachaidh i dteagmháil trí ríomhphost leis na daoine a rachaidh ar aghaidh go dtí an babhta ceannais. Is ceart do na rannpháirtithe súil a choinneáil ar na ríomhphoist a bhíonn ag teacht isteach chucu, agus deimhin a dhéanamh de go seolann siad freagra faoi cheann seacht lá oibre ar na ríomhphoist a chuireann an fhoireann amach. Mura bhfaightear freagra uathu, roghnófar rannpháirtí eile le cur ar aghaidh go dtí an babhta ceannais. Fógrófar na hamhráin atá sa bhabhta ceannais san aip agus cuirfear chun cinn iad le haghaidh vótáil ón bpobal le linn na míosa tar éis sprioc-am an chomórtais ar roinnt nó ar gach ceann d'ardáin na meán sóisialta seo a leanas: Facebook, Twitter, LinkedIn agus Instagram.

Cad iad na duaiseanna atá ann?

Beidh suas le deichniúr sa bhabhta ceannais agus gheobhaidh siad fearas poiblíochta ón gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, mar aon le dearbhán €100. Sa bhreis air sin, roghnófar aon amhrán amháin mar amhrán buach tar éis don phobal a vótaí a chaitheamh san aip. Gheobhaidh an duine a chuireann isteach an t-amhrán buach ticéad Interrail lena mbeidh sé in ann taisteal chuig suas le seacht gceann scríbe san Aontas ar feadh míosa ar a mhéad nó dearbhán den luach céanna.
 

Mar eolas duit féin...

Bíodh do lorg féin ar do shaothar. Is tú féin an t-aon údar amháin agus an t-aon úinéir cóipchirt amháin is ceadmhach a bheith luaite leis an amhrán a chuir tú isteach.

Tá sé tábhachtach don Aontas Eorpach agus dá chuid institiúidí sonraí pearsanta a chosaint. Dá bhrí sin:

  • Féach an ráiteas príobháideachaisesc_song_contest_privacy_statement.docx
  • Ná cuir íomhánna ná fuaimrian isteach de dhaoine príobháideacha gan sin a cheadú leo.
  • I gcás páistí, iarr cead ar a dtuismitheoirí.
  • Na daoine atá sna híomhánna nó na daoine lena mbaineann an fuaimrian a chuireann tú isteach, déan deimhin de go bhfuil údarú i scríbhinn faighte agat uathu na híomhánna/an fuaimrian sin a fhoilsiú ar na suíomhanna Instagram, Twitter, Facebook, EUtube de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus a eagraíochtaí éagsúla amhail na gníomhaireachtaí náisiúnta, Eurodesk, SALTO etc. i gcomhthéacs an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

Tabhair do d'aire,
a) gur cheart duit na foirmeacha/litreacha údaraithe a choinneáil in áit shábháilte ar feadh thréimhse an chomórtais, suas le 6 mhí, nó go dtí go bhfaighidh tú teachtaireacht phearsanta roimh ré ón gcomhlacht eagrúcháin, ina luafar go bhfuil tú díolmhaithe ón oibleagáid sin, arb é is aon aidhm amháin leis TUSA a chosaint ar éilimh thar ceann duine de na daoine i do chuid grianghraf.
b) go n-iarrfar ar na rannpháirtithe sa bhabhta ceannais ar leithligh ó chéile agus orthu sin amháin údarú, sannadh ceart agus foirm cheadúnais Sheirbhís Closamhairc an Choimisiúin Eorpaigh a shíniú chun an t-amhrán/físeán a chur i gCartlann na Seirbhíse Closamhairc.


– Údarú le haghaidh fuaime

   *Duine fásta esc_song_contest-authorisation-sound-adult.doc
   *Mionaoiseach esc_song_contest-authorisation-sound-minor.doc
 
- Údarú le haghaidh físeáin

  *Duine fásta esc_song_contest-authorisation-video-adult.doc
  *Mionaoiseach esc_song_contest-authorisation-video-minor.doc
 
- Sannadh ceartesc_song_contest-assignment_of_rights.doc
 
- Foirm cheadúnais: esc_song_contest-licence.docx

Ná téigh thar fóir leis an eagarthóireacht. Tá glacadh le beagán bearrtha, le ceartú dathanna, agus le mionleasuithe. Ba cheart na rudaí seo a leanas a sheachaint: éifeachtaí speisialta, íomhánna ríomhghinte, athruithe móra eile.

Bí sábháilte. Ná cuir thú féin ná daoine eile i mbaol agus an t-amhrán á thaifeadadh agat.

Amharc ar mhisean agus prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh:

  • Misean:

  – Daoine óga a thabhairt le chéile ar mhaithe le sochaí atá níos cuimsithí a thógáil;
  – Tacaíocht a thabhairt do dhaoine leochaileacha;
  – Dul i ngleic le dúshláin shóisialta.

  • Prionsabail:

   – Glacadh le luachanna na dlúthpháirtíochta, le meas ar dhínit an duine agus ar chearta an duine, agus creideamh i sochaí atá cothrom comhionann a chur chun cinn ina dtugtar tús áite don iolrachas, don neamh-idirdhealú, don chaoinfhulaingt, don cheartas, don dlúthpháirtíocht agus don chothromaíocht;
   – Féachaint go crua leis an dlúthpháirtíocht a chothú idir daoine i ngach cearn den Aontas Eorpach agus níos faide i gcéin agus, san am céanna, urraim a léiriú dá gcultúir agus dá dtraidisiúin, agus tabhairt faoi phobal tacaíochta frithpháirtí a bhunú ina ndéantar freagrachtaí a roinnt;
   – Cuidiú go fonnmhar agus ar bhealach fónta leis an tsochaí agus dlúthpháirtíocht, comhar agus tuiscint fhrithpháirteach a léiriú;

Ní féidir níos mó ná aon amhrán amháin a chur isteach in aghaidh an bhabhta. Tabhair do d'aire nach féidir níos mó na aon duais amháin a bhuachan in aghaidh an bhabhta de chomórtais #EUSolidarityCorps.

Is féidir leat iarraidh ar fhoireann an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh d'amhrán a bhaint tar éis dheireadh an chomórtais trí ríomhphost a sheoladh chuig eu-solidarity-corps@ec.europa.eu. Le linn an chomórtais, is féidir leat d'amhrán a tharraingt siar go díreach ag tráth ar bith san aip.

Más dóigh linn gur sáraíodh rialacha an chomórtais, tá sé de cheart againn amhrán ar bith a dhícháiliú.

Na rannpháirtithe a sheolann isteach na hamhráin bhuacha, tugann a rannpháirtíocht sa chomórtas #EUSolidarityCorps cead don Choimisiún Eorpach na hamhráin a úsáid chun a gcríocha poiblíochta féin agus ar mhaithe le cumarsáid ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach ar feadh fhad chlár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus na gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air.

Níl an comórtas seo á urrú, á cheadú ná á riar ar bhealach ar bith ag Facebook, LinkedIn, Instagram ná Twitter, ná níl aon bhaint acu leis. Tarscaoileann na hiontrálaithe Facebook, LinkedIn, Instagram, YouTube agus Twitter ó aon chineál freagrachta i ndáil leis an gcomórtas seo.

Tá sé de cheart ag an eagraí duaiseanna an chomórtais a athrú, nó duaiseanna eile a chur ina n-áit, agus/nó rialacha agus rialacháin an chomórtais a leasú faoi mar is gá agus nuair is gá, gan fógra a thabhairt.

Má chuireann an t-iontrálaí amhrán isteach ar an gcomórtas, measfar dá bharr sin go nglacann sé leis agus go gcomhaontaíonn sé leis go bhfuil rialacha agus rialacháin an chomórtais ina gceangal air.