Skip to main content
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Líonraí

An Líonra Dlúthpháirtíochta Eorpach (EuSN)

Is pobal óg é EuSN atá aontaithe trí leas agus fís chomhroinnte chun líonra Eorpach a chruthú ina n‑oibríonn gach duine le chéile chun taithí rannpháirtithe óga an Chóir a fheabhsú. Is féidir teagmháil a dhéanamh go héasca le baill eile den Chór.

EuroPeers

Is daoine óga iad EuroPeers a bhfuil taithí Eorpach faighte acu ó chláir an Aontais don óige agus ar mian leo an taithí sin a roinnt libhse, a bpiaraí. 

Is ambasadóirí an chláir Erasmus+ don Óige, an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus scéimeanna náisiúnta eile iad agus cuidíonn siad le daoine óga bogadh ar fud na hEorpa chun dul i mbun oibre agus i mbun foghlama. 

Eagraíonn EuroPeers a gcuid imeachtaí féin agus tugann scoileanna, oifigí leasa óige nó ionaid chultúrtha cuireadh chun labhartha dóibh. Agus déantar é sin go léir ar bhonn deonach.