Skip to main content
1205384803 © Shutterstock – BabLab  1205384803 © Shutterstock – BabLab

Ná lig don bhréagaisnéis an dallamullóg a chur ort – agus seo mar a dhéanfaidh tú deimhin de sin!

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 27/08/2021

Is féidir leis an mbréagaisnéis scaipeadh mar a bheadh loscadh sléibhe ann, rud a chuireann le steiréitíopaí diúltacha agus le teannas contúirteach. Seo spléachadh ar ghníomhú an Aontais, chomh maith le huirlisí agus leideanna chun cuidiú leat eolas bréagach nó míthreorach a aithint agus stop a chur leis.

Le gléasanna móibíleacha inár lámha againn, ní raibh sé riamh chomh héasca céanna muid féin a choinneáil ar an eolas faoin méid atá ag tarlú ar fud an domhain. 
An fíor é sin?

Agus tú ag brabhsáil ar na meáin shóisialta nó ar aipeanna agus ar shuíomhanna eile, bí ar an airdeall go bhféadfadh cuma dhlisteanach a bheith ar an méid a fheiceann tú agus a léann tú cé gur a mhalairt atá fíor. 
Ar ábharaí an tsaoil, níl sé ró-dheacair a bheith i do léitheoir nuachta níos eolaí ar líne. Is éard is ceart a dhéanamh seasamh siar agus smaoineamh sula gcreideann tú nó sula roinneann tú scéalta.

Déanann clár ERASMUS+ an Aontais cómhaoiniú ar an tionscadal FAKE OFF, agus le déanaí, seoladh aip de chuid an tionscadail chun cuidiú leat a bheith níos eolaí ar líne. 
Tá an aip ar fáil i gcúig theanga agus mar chuid di, tá tráth na gceist chun tástáil a dhéanamh ar an tuiscint atá agat ar theachtaireachtaí mí-ionramháilte chomh maith le cluiche bleachtaireachta lena scrúdaíonn tú scéalta nuachta chun teacht ar leideanna gur scéalta bréagacha iad. Íoslódáil an aip saor in aisce anseoanseo agus bain triail as!

Thug na comhpháirtithe tionscadail le fios go bhfuil sé ag tarlú níos minice go ndírítear ar pháistí agus ar dhaoine óga trí fheachtais eolais ar líne, feachtais a bhfuil spriocanna bolscaireachta agus airgeadais leo.
É sin ráite, seo a leanas roinnt leideanna FAKE OFF chun cuidiú leat scéalta amhrasacha a aithint sa saol digiteach:

  • Bí ag faire amach le haghaidh ainm an scríbhneora agus bain úsáid as inneall cuardaigh le seiceáil an duine iontaofa an scríbhneoir; 
  • Bí ar an airdeall ar cheannlínte áibhéalta – ná lig do do mhothúcháin an lámh in uachtar a fháil ar do bhreithiúnas; 
  • Is comharthaí rabhaidh iad URLanna atá aisteach, fada agus míshlachtmhar
  • Bí ag faire amach le haghaidh naisc iontaofa chuig fíricí – ná lig do staidéir chumtha an dallamullóg a chur ort;
  • Ná déan dearmad gurb iondúil go mbíonn cuma na bréagnuachta ar aoir agus ar scigaithris – bíodh a fhios agat nach bhfuil ann ach scéal grinn;
  • An bhfuil amhras ort fós? Má tá, cuir ceist ar shaineolaí nó bain úsáid as suíomhanna gréasáin seiceála fíricí;
  • Bí ar an airdeall ar na claontaí atá agat féin – má tá scéal ar aon dul leis an méid a chreidimid féin, is é is dóichí go gcreidfimis ann.

 

An tAontas vs. fíricí bréagacha

Tá sraith céimeanna tógtha ag an Aontas chun deireadh láithreach a chur le “fíricí” bréagacha. I measc na gcéimeanna sin tá imeachtaí oiliúna agus imeachtaí ardaithe feasachta san Eoraip agus níos faide i gcéin chun nach mbeidh daoine óga chomh soghabhálach is atá siad i leith scéalta bréagacha a chuirtear i láthair ar bhealaí atá ag éirí níos sofaisticiúla.
Sampla amháin de sin is ea Fóram Óige AE-an Tuirc a reáchtáladh i mí na Samhna 2019. Toscaireacht an Aontais sa Tuirc a d’eagraigh an ócáid, agus mheall sí chuici na céadta mac léinn ollscoile chomh maith le cainteoirí áitiúla agus an réalta YouTube @aykutelmas.

Díríodh sna ceardlanna agus sna pléití praiticiúla ar ar a thábhachtaí is atá sé a bheith cliste agus tú ag úsáid na meán agus cur le do scileanna litearthachta digití chun dul i ngleic le bréaga agus leis an mbréagaisnéis. 
Bhí an deis ag na rannpháirtithe triail a bhaint as an tairseach seiceála fíricí ar líne na Tuirce teyit.org agus d’fhoghlaim siad an chaoi le bheith criticiúil agus iad ag roinnt eolais.

 

Bréagach nó inchreidte?

I measc iarrachtaí eile an Aontais chun dul i ngleic le foláirimh bhréige, tá córas mear-rabhaidh a chur ar bun, tacaíocht a thabhairt do mheáin saor in aisce agus neamhspléacha, dul i gcomhar le príomhardáin ar líne, obair na seiceálaithe fíricí a éascú agus míthuairimí a aithint chomh maith le hiad a bhréagnú. 
Ina measc sin, tá an suíomh gréasáin EUvsDisinfo, suíomh a bhfuil sé d'aidhm aige feasacht agus tuiscint an phobail a ardú maidir le feachtais bhréagaisnéise na Rúise.

Ar mhaith leat cur le do sheasmhacht agus tuilleadh eolais a fháil faoin méid atá ag tarlú i ndáiríre? Más maith, liostáil chun nuachtlitir sheachtainiúil a fháil nó téigh tríd an mbunachar sonraí de chásanna “bréagaisnéise” i bhfabhar na Creimile le soiléireacht a fháil ar réimse leathan topaicí, ar bunachar é atá ag éirí níos mó. Léigh faoin méid nár tharla in 2019 – agus go leor eile!