© Photo by Keira Burton from Pexels
Conas tréimhse oiliúna a aimsiú i ré na paindéime
An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 14/05/2025
B’fhéidir go bhfuil an chosúlacht air gur deacra atá sé anois tréimhse oiliúna a aimsiú ná mar a bhí cheana. B’fhéidir gur fíor sin, ach go fóill féin b’fhiú go mór gach iarracht a dhéanamh teacht ar thaithí oibre.
Is mór agus is doshéanta an tionchar a bhí ag an bpaindéim ar mhargadh an tsaothair agus ar an bhfáil atá ar dheiseanna le tréimhse oiliúna a dhéanamh dá réir. Ach is iomaí cás atá ann go fóill ina bhfuil siad mar chuid éigeantach de chláir staidéir. Is cúis anró é sin do mhic léinn ar mian leo a gcuid staidéir a chríochnú agus dóibh siúd a chríochnaigh a gcuid staidéir ach atá sa tóir ar thaithí oibre den chéad uair.
Cé go bhfuil sé níos dúshlánaí i ngeall go bhfuil go leor eagraíochtaí agus cuideachtaí tar éis deireadh sealadach a chur lena gcláir oiliúna, is féidir go fóill féin socrúchán a aimsiú i dtír eile chun do CV a threisiú. Is féidir le céimithe gairmoideachais nó ardoideachais tacaíocht a fháil ó chlár Erasmus+ chun tréimhse oiliúna a dhéanamh i dtír eile.
Ar an lámh eile, tá méadú suntasach tagtha ar líon na ndeiseanna cianda chun tréimhse oiliúna a dhéanamh. Is socrú é sin is ceart a chur san áireamh agus tú i mbun cuardaigh.
Dá bhrí sin, is mian linn rudaí a éascú agus cúpla moladh a thabhairt duit.
1. Déan do cháilíochtaí, scileanna agus spéiseanna a leagadh amach
Féach ar an méid atá déanta agat go dtí seo chun léargas soiléir a fháil ar do chúlra. Déan iarracht an ghairm a bheidh agat amach anseo a shamhlú, óir cuideoidh sin leat an chéad chéim eile nó an taithí atá fíor-riachtanach idir an dá linn a shainaithint. Mar sin féin, ní bhíonn sé éasca do gach duine an ghairm a bheidh acu amach anseo a shamhlú in earnáil ar leith. D’fhéadfá taithí oibre a dhéanamh in earnáil nach bhfuil 100% ar aon dul leis an gcúlra atá agat, le fáil amach an bhfeileann sé duit. I gcás an dara rogha, is mó an tsolúbthacht a bheidh agat le hais an chéad rogha, lena dtabharfar treoir shonrach duit i dtaca leis an méid atá uait. Ag an bpointe seo, seans go mbeidh tú in ann a chinneadh an bhfuil sé mar aidhm agat tréimhse oiliúna a dhéanamh i do thír féin nó i dtír eile.
Tá uirlisí éagsúla ar líne chun cuidiú leat an cineál mapála sin a dhéanamh agus seans go bhfuil sé pléite agat cheana féin le gairmithe i do chuid scoileanna. Ná bíodh drogall ort cuairt a thabhairt ar ionad gairme nó teagmháil a dhéanamh le comhairleoir EURES!
2. Déan cinneadh faoin méid atá uait
Is geall le do bhealach a dhéanamh thart in oíche dhuibhré é iarracht a dhéanamh tréimhse oiliúna a aimsiú, ach is mór an faoiseamh é a bheith soiléir faoin méid atá uait i ngeall go dtabharfaidh sin struchtúr duit. Go praiticiúil, is é an aidhm a d’fhéadfadh a bheith agat socrúchán oibre 3 mhí a fháil chun do chuid staidéir a chríochnú nó d’fhéadfadh sé a bheith níos oscailte i dtaca le réimse agus fad na tréimhse.
Nuair atá do mhachnamh á dhéanamh agat i ndáil leis an méid is mian leat a bhaint amach, déan iarracht a bheith solúbtha agus cuir san áireamh na hearnálacha sin lenar cuireadh dlús i ngeall ar an bpaindéim, cuir i gcás earnáil an chúraim sláinte nó earnálacha digiteacha.
Má tá tréimhse oiliúna le hinstitiúidí an Aontais tarraingteach duit, tabhair cuairt ar rannóg na dTréimhsí oiliúna ar an Tairseach chun spreagadh a fháil.
3. Bí soiléir, bí simplí
A luaithe a bheidh a fhios agat cad a dhéanfaidh tú iarratas air, cinntigh go gcomhlíonann do CV na riachtanais trí na scileanna agus na buanna atá agat a chur i dtábhacht, dhá rud a d’fhéadfadh a bheith oiriúnach don eagraíocht. Nuair atá tú ag iarraidh tréimhse oiliúna a aimsiú, ní gá duit aon rud a bhaint de do CV. Is cinnte gurb iomaí scil atá sealbhaithe agat trí ghníomhaíochtaí seachfhoirmiúla, cuir i gcás obair dheonach nó a bheith i do bhall d’fhoirne agus is fiú iad a chur i dtábhacht i ngeall go bhféadfaidís dul chun tairbhe don institiúid lena ndéanfaidh tú do thréimhse oiliúna.
Is féidir leat úsáid a bhaint as formáid athchóirithe Europass lena gcuirfear cuma ghairmiúil ar do CV agus lena gcuideofar leat nuashonrú a dhéanamh ar na cáilíochtaí a bhainfidh tú amach agus an taithí a gheobhaidh tú amach anseo.
Ná déan dearmad gur tréimhse oiliúna atá i gceist agus gur cheart duit a bheith ag foghlaim agus ag fáil meantóireachta, dhá rud a d’fhéadfadh an bealach a réiteach le haghaidh conair ghairme rathúil. Ar an mbonn sin, nuair atá an t-iarratas á réiteach agat, bheadh sé inmholta cur síos a thabhairt ar an gcaoi a gcuirfidh an taithí seo le do ghairm amach anseo.
4. Bain úsáid as do líonra
Is é is dóichí go bhfuil fáil agat ar acmhainní luachmhara chun teacht ar an eolas atá uait. Mar shampla, cinntigh go seiceálann tú le d’ollscoil nó do dhámh ollscoile má tá ardán d'eintitis chomhoibríocha acu ar ar féidir leat iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna. Uaireanta, ní chuirtear na hardáin sin chun cinn go forleathan ach tá siad ann, mar sin is ceart teagmháil a dhéanamh leo!
Mura bhfuil ann d’ardán den sórt sin i d’institiúid, labhair le do theagascóirí. An-seans go mbeidh cuimhne acu ar iar-mhic léinn agus an áit a ndearna siad tréimhsí oiliúna. D’fhéadfaidís freisin moltaí a thabhairt duit nach bhfuil cloiste agat go fóill.
Ba cheart duit freisin úsáid a bhaint as do líonra neamhfhoirmiúil LinkedIn lena gcuirtear do scileanna agus do spéiseanna ar taispeáint. Is ann freisin a d’fhéadfá comhrá a thosú le daoine a bheadh in ann cuidiú leat. Ná bí cúthail, iarr comhairle. Ní tusa an chéad duine riamh a bhí sa sáinn sin!
5. Léim isteach i ndomhan na hoibre
Féach innill chuardaigh fostaíochta, cuir i gcás na cinn a mholaimid san alt ‘Fostaíocht san Eoraip’. An-chuid cuideachtaí agus eagraíochtaí, úsáideann siad na hardáin sin chun tairiscintí poist nó deiseanna oiliúna a fhógairt. Cá bhfios nach tusa a bheidh ámharach agus nach n-aimseoidh tú do chéad deis fostaíochta.
Ní gá duit fanacht go dtí go bhfógraítear deiseanna. Is féidir leat seasamh chun tosaigh agus iarratas a dhéanamh ar chuideachta ar do chonlán féin. Téigh i dteagmháil leo agus seol isteach do CV gan smaoineamh.