Suite ar chósta na Mara Duibhe, is í Constanța an chathair is sine a bhfuil daoine ina gcónaí inti go leanúnach sa Rómáin agus tá a stair le feiceáil agus tú ag fánaíocht timpeall na sráideanna. Tá Muzeul de Artă Populară, nó Músaem na hEalaíne Tíre, lonnaithe i bhfoirgneamh mionsonraithe (deartha i ngnáthstíl Neo-Brancovensecu na Rómáine) a bhíodh mar halla an bhaile agus oifig an phoist áitiúil araon. Anseo, is féidir leat eolas a chur ar cheardaíocht thraidisiúnta atá maisithe go mion ón réigiún áitiúil, ceardaíocht a úsáideann ábhair cosúil le criadóireacht, adhmad agus miotal. Lean ort ar feadh cúpla nóiméad ar shiúl na gcos agus tiocfaidh tú ar Mhúsaem na Staire Náisiúnta agus na Seandálaíochta, agus in aice leis sin, is féidir lán na súl a bhaint as foirgneamh iontach Rómhánach le hurlár mósáice.
Is í Varna an chathair chalafoirt is mó ar an Muir Dhubh – tugtar príomhchathair mhuirí na Bulgáire uirthi freisin – agus tá promanáid fhíorálainn ar éadan an uisce aici atá foirfe chun do scíth a ligean tar éis lá fada. I mí Lúnasa, tagann níos mó ná 15,000 cuairteoir go dtí an chathair le haghaidh Fhéile Samhraidh Idirnáisiúnta Béaloidis Varna. Ag an bhféile, bíonn léirithe ag grúpaí tíre ó gach cearn den domhan in amharclann faoin aer cois farraige. Is in Varna freisin a bhíonn an tAonach Idirnáisiúnta Ealaíon agus Ceardaíochta ‘Bulgarika’ ar siúl; an taispeántas ealaíne is mó sa Bhulgáir, chomh maith leis an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta ‘Love is Folly’. Nascann an t-aonach traidisiún agus nua-aimsearthacht le chéile, agus tugann sé ardán do chuid de na healaíontóirí is fearr sa mhínealaín, sa cheardaíocht agus sa cheol. Díreach os cionn 30 nóiméad ar an traein ó Varna tá an Coimpléasc Barite, músaem faoin aer le tithe traidisiúnta agus gnáth-cheardaíocht na Bulgáire. Taitneoidh Varna freisin le daoine a gcuireann spéis sa luibheolaíocht toisc a gairdíní agus a páirceanna, Gairdín na Mara a fhaigheann inspioráid ón bhfarraige agus Gairdíní Luibheolaíochta na hOllscoile.
Is limistéar ollmhór cathrach í Iostanbúl atá suite idir an Áise agus an Eoraip. Tugadh Constantinople uirthi roimhe seo. Le daonra de 15 milliún, is í an chathair is mó san Eoraip í. Tá ealaín tíre le feiceáil i ngach áit in Iostanbúl, agus is fearr a fheictear í in marmar na Tuirce (ar a dtugtar ‘Ebru’), sa mhoinphéintéireacht nó i gcallagrafaíocht na Tuirce. Chun na samplaí is fearr a fheiceáil, tabhair cuairt ar Mhúsaem na nEalaíon Turcach agus Ioslamach (Türk ve Islam Eserleri Müzesi) áit a bhfuil an bailiúchán is saibhre d’ealaín Ioslamach ar domhan. Ná fág Iostanbúl gan cuairt a thabhairt ar an Mórbhasár – mórchoimpléasc margaidh le go leor aghaidheanna cairdiúla, laindéir dhathannacha agus hallaí casta.
Tá Eskişehir, nó ‘An tSeanchathair’ mar a thugtar uirthi i dTuircis, suite ar bhruach abhainn Porsuk – dar le roinnt meastachán, téann an chathair siar níos mó ná 4,000 bliain. Sa cheantar timpeall ar Mhosc Kurşunlu, gheobhaidh tú Ionad Lámhcheardaíochta Eskișehir, áit a ndéantar ceardaíocht thraidisiúnta mar órúchán agus séideadh gloine a chleachtadh fós. Téigh ar shiúlóid timpeall an cheantar stairiúil den seandéanamh agus tú in Eskişehir chun lán na súl a bhaint as an mbailiúchán dlúth de thithe ón 19ú haois. Tá go leor siopaí ealaíne tíre le fáil sna tithe sin anois. Ansin, is féidir leat triail a bhaint as Boza; deoch choipthe thiubh uachtarúil le cainéal ar a barr.